2022-04-28
Ollamh Crémhuir
2022-02-18
I ndílchuimhne Thomáis Mhic Siomóin
Anois díreach a fuair mé scéala ó Gabriel Rosenstock gur cailleadh Tomás Mac Siomóin inné. Crann os coill i measc úrscéalaithe na Gaeilge, i mo thuairim, cé go raibh sé scoite amach ó shaol na Gaeilge agus cónaí air le fada sa Chatalóin. Tá úrscéalta leis pléite anseo ar an mblag agam síos na blianta, úrscéalta a bhí neamhghnách agus as ar fhoghlaim mé i gcónaí rud éigin fiúntach.
Ritheann An Tionscadal agus An bhfuil Stacey ag iompar liom ar an bpointe - ficsean tuairimeach den scoth a chíor an saol mar atá anois againn tríd scátháin dhíchumtha na haoire.
Chuir sé scéalta staire neamhfhicsean romhainn freisin - ar reic stair na nGaeil i Meiriceá Theas.
Ba paimpfléidí le dealramh freisin é agus smaointe úra aige maidir le cás na Gaeilge agus an créacht oidhreachta i síce na nÉireannach de dheasca a caillte (dóibh siúd a chaill í).
Bhí sé d'ádh orm casadh leis roinnt babthaí tríd na blianta - nuair a thug IMRAM omós dó, abair, agus bhíodh comhfhreagras anois is arís eadrainn. An uair deireadh a casadh ar a chéile muid ná ag seoladh na cúig leabhar filíochta aistrithe ó Cois Life - File ar Fhile - inar chuir Tomás Gaeilge ar Antonio Machado. As sin an dán cuí thíos:
Adlacadh carad
En el entierro de un amigoD'adhlacadar sa gcré é, iarnóin uafásachIúil faoi ghrian neamhthrócaireach.Gar don uaigh oscailtebhí rósanna gona bpeitil lofa neadaithe,geiréiniam na géarchumhracht'is na mbláth dearg ina fhochair. Faoighoirme léir na spéire bhígaoth láidir thirim ag séideadh.Agus é ar crochadh ó rópaí tiubhad'ísligh beirt reiligirean conra trom gotóin na huaighe ...Is an chré á bualadh aige, réabfothram toll solúntacht na ciúine.Baineann lándáiríreacht le fuaim chónra,an talamh aige a bhualadh,fóda troma deannachúlaag briseadh ar chláracha dubh ...D'iompair an ghaoth anáil bhán aníossmeámh ó pholl domhain na huaighe.- Agus tusa, gan scáth id' dháil anois,suaimhneas síoraí go raibh ag do chnámha ...Is brionglóid shámh fhírinneach!
2018-08-09
Éagnairc
Tá úrscéalta agus gearrscéalta le Pádraig Ó Siadhail léite agam thar na blianta, ach ní raibh Éagnairc casta mo threo. Tá sé áirithe i measc Úrscéalta na Gaeilge áfach, an iarracht ar canóin úrscéalta Gaeilge na fichiú aoise a leagan síos. Chuir mé fios ar mar sin air ón leabharlann.
Fear de bhunadh Doire an reacaire. Náisiúnaí a fuair oideachas agus a bhog ó dheas, post cluthair státseirbhíse aige. Nuachar as Deisceart Bhaile Cliath.
Cuireann bás agus tórramh a athair é ag machnamh. Ag smaoineamh ar Domhnach na Fola - thug a athair ar an agóid é, ach bhí siad imithe abhaile sular thosaigh an lámhach. Chuaigh comrádaithe bunscoile leis bealaí eile. Cuid acu sna Sealadaigh agus sa ghéibheann. Cuid acu le saibhreas.
Cíorann sé imeachtaí an lae, scrúdú coinsiasa de chineál. Ar thug sé cúl le cine? Cothaíonn an chorraíl teannas lena nuachar a bhfuil col aici le lucht an tuaiscirt. (Ana léargas ansin, dar liom, ar dhearcadh go leor san daorstát ar muintir an Tuaiscirt.)
Níl aon réiteach néata ar na ceisteanna a mhúsclaítear san úrscéal, mar nach bhfuil réiteach néata san fíor saol.
Níl ceist an Tuaiscirt réitithe ná baol air, fiú anois i bhfad i ndiaidh don úrscéal seo bheith foilsithe. Tá go leor de fós tráthúil measaim. Go háirithe faoin mbearna mór idir meon lucht an daorstáit, ag amharc aneas go doicheallach gan tuiscint.
Is dóigh liom go bhfuil a ionad tuillte sa chanóin.
P
2016-10-12
B'ait leo bean
Bhí plé againn arís eile ar Twitter fé easpa aitheantais do scríbhneoirí ban. An splanc a d'adhain an plé an bhabhta seo ná an iarracht roinnt blianta ó shin canóin na húrscéalta Gaeilge a leagann síos. Fiche leabhar a moladh, measaim, agus bhí comhdháil a scag na moltaí. Ní raibh mé i láthair, agus níl fhios agam cén plé a bhí ann. Bhí lámh ag Brian Ó Conchubhair sa chomhdháil agus luaigh sé gur díríodh go sonrach ar easpa mná.
Ní ceist nua atá ann, ar ndóigh. Foilsíodh leabhar roinnt blianta siar bunaithe ar chomhdháil- 'Leath na Spéire' an teideal. (Rinne mé iarracht é léamh, ach dáiríre is beag adhmaid a bhainim as critic is teoiric). Scríobh Máirín Nic Eoin saothar údarásach 'B'ait leo bean'.
Tá piseog láidir, nath cainte, sa Ghaeltacht, nach gabhann filíocht thar bean. i. Go dtagann deireadh le bua na filíochta i teaghlach má bhíonn banfhile orthu. Maítear gurb sin a tharla i gcás Muintir Laoghaire Mhúscraí tar éis Máire Bhuí. N'fheadar an eascraíonn an geis seo as féinchosaint céimleathas aos dána anallód? Formad gairmiúil? An cineál ruda a spreag dán míchlúiteach an Ríordánaigh, gur filíocht seachas file í an bhean?
Fathach d'file mná a spreag an formad sin, is cosúil- Máire Mhac an tSaoi. Feictear dom go bhfuil sliocht filí aici féin agus ag leithéidí Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson anois, go bhfuil guthanna láidre baineann le clos, chun cinn fiú, i lucht éigse na linne seo.
Níl an tréith chomh soiléir céanna i measc na gearrscéalaithe, ach tá mná ag scríobh prós den scoth.
Ainneoin gur líon Alan Titley leabhar mór téagartha agus é ag trácht ar an úrscéal Gaeilge, bíonn sé deacair teacht ar na húrscéalta céanna. Ní hansa. Tá am agus dua i gceist le húrscéal. Ní heol dom go bhfuil aon scríbhneoir lán aimseartha Gaeilge ann, seachas Liam Mac Cóil, a bhfuil nuachar tacaíoch tuisceanach aige. Agus tá seisean é féin taobh le ceardlanna agus léachtaí leis na pingneacha a shaothrú.
De bharr a dheacracht is teacht ar úrscéalta nó fiú scéal scéil orthu, tharlódh go bhfuil bearnaí móra i'm eolas. Ach níl eolas agam ar aon úrscéalaí mná ón fichiú aois ach Siobhán Ní Suilleabháin. Tá úrscéalta scríofa ag Máire Mhac an tSaoi, Eilís Ní Anluain, Biddy Jenkinson. Tá Anna Heussaff ag scríobh sraith úrscéalta coiriúla.
Anois agus go leor mná gníomhach i saol acadúil na Gaeilge bheadh dóchas agam go n-aimseoidh cuid acu spás chun úrscéalta a scríobh.
Beidh an dúshlán rompu ansin an scéal a scaipeadh, agus teacht ar lucht léitheoireachta a diongbhála!
Taobh le seoltaí leabhair a bhímse go hiondúil chun eolas a fháil. Bainim feidhm as leabharlann go minic, ach go hiondúil ní bhíonn i gceist ach cúpla méadar de leabhragán ag leabhair i nGaeilge. Agus go minic go leor acu faoi ghlas sa stóras. Caolseans go dtiocfadh léitheoir ar sheod d'úrscéal trí thaisme, mar sin.
2009-05-22
Cogadh Shéamais

Mar sin, an cáineadh ar dtúis chun é fháil as an slí! Bhí deacracht agam tosnú ar an leabhar. Phioc mé suas agus chuir mé síos cúpla uair é gan blas cheart a fháil air. Is dóigh liom anois gurbh an chúis a bhí leis sin ná go bhfuil na céad caibidil suite ag tráth san cogadh cathardha nuair a bhí rudaí éiginnte ó thaobh na saighdiúirí de; agus is a léargas siúd a tugtar. Tá siadsan ag dul thart i bhfáinne fí, agus an scéal dá réir. De bharr gurbh tearc m'eolas ar an gcogadh úd, bhraith mé nach raibh an scéal ag dul áit ar bith, agus bhí sé deacair luí isteach air - ní raibh mé cinnte an raibh mé ag athléamh sliocht a bhí léite agam, nó arbh eachtra nua a bhí i gceist.
Níl fhios agam an bhfuil leigheas ar an deacracht seo. Ach seans go mba mhaith an rud é píosa beag a tabhairt an comhthéacs stairiúil a chuir mar réamhrá le 'chaon caibidil.
An locht eile a bhí agam ar an scéal ná gur bhraith me go raibh an caint rud beag calctha, foirmleach. Gan amhras, is deacair dúinne nach bhfuil tumtha i saol na Gaeltachta caint nádúrtha a bhreacadh ar phár. Is seacht deacra é dóibh siúd atá i bhfad ón nGaeltacht!
Ach caithfidh mé a rá gur bhain mé taitneamh as eachtraí laochra an scéal nuair a sháraigh mé na deacrachtaí túis seo, go hairithe nuair a bhog an scéal ar aghaidh ón gcogadh go dtí an saol ina dhiaidh. Tá sé iomlán inchreidte mar scéal, agus léargas grinn ann ar pholaitíocht na nGael Mheiriceánach, agus a dtionchar thall agus abhus, trí shúile fear aonair.
Mar Gesellenstück is éacht atá ann. Táim cinnte gur fhoghlaim Séamas a lán as é a chuir i gcrích agus i gcló, agus go mbeidh feabhas dá réir ar an gcéad úrscéal eile uaidh!
Cogadh Dearg
Séamas Ó Neachtain
Coiscéim 2008