Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Ursula le Guin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Ursula le Guin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-04-28

Ollamh Crémhuir


Lé déanaí bhí an déagóir ar amharc ar Tales from Earthsea (ゲド戦記) de chuid Ghibli, atá bunaithe go (fíor) scaoilte ar úrscéalta agus gearrscéalta Ursula le Guin. Ós rud é go raibh an déagóir spreagtha na húrscéalta á léamh, agus nach raibh sa teach againn ach eagrán leis an gcéad ceithre leabhar, cheannaigh mé an cnuasach iomlán don Kindle - le léaráidí le Charles Vess. Bhí fonn orm féin iad a léamh as a chéile - fonn a treisíodh nuair a thuig mé go raibh iarfhocail de chuid le Guin le gach céann, ag míniú conas a scríobh sí iad agus an forbairt a rinne sí sna blianta idir an gcéad úrscéal agus an críoch. Tá léacht léi freisin ann maidir the "athfhísiú Earthsea".

Scríobhneoir iontach machnamhach í le Guin, agus bíonn sí ag athmhacnamh agus ag leasú na cruinní a chruthaíonn sí (agus tá neart acu ann!). Thosaigh Earthsea amach go measartha traidisúnta le laoch fireann aonair - cé go raibh síol áirithe réabhlóide ann, sa mhéid is go raibh formhór na daoine ann crón nó dorcha, agus gurbh iad na barbaraigh thar muir a bhí geal. Ach saol fireann a bhí ann, draoithe aontumhacha, mná imeallaithe - "Weak as women's magic, wicked as women's magic". Cé gur bean í laoch agus lárphointe an dara scéil, is in idirspléachas le Ged, draoi an chéid scéil, a bhaineann sí amach a saoirse - agus a shaoirse seisean - agus iad faoi bhagairt ag sean chumhacht an dorchadais agus cumhachtaí daonna araon. Beirt fhear - Ged agus an rí-dhamhna Arren, agus iad i ngleic le draoi bradach atá sa triú úrscéal. Ach ansin géaraíonn an chasadh; Tenar, laoch an dara úrscéil agus cailín  a d'uchtaigh sí tar éis don créatúir batráil agus dó a fhulaingt croí an scéil. Filleann Ged, ach a chumhacht agus a ghealladh fáiscthe as de bharr a iarrachtaí san dara scéil - agus é fillte ar saol an fhir óig ina sheanaois; miangas múscáilte agus an aontumha ar mhaithe le draíocht caillte aige lena chumhacht. Ní urscéal atá sa chúigiú leabhar ach gearrscéalta a ghabhann siar i stair Crémhuir - Ursula le Guin ag iarraidh a domhan a thuiscint agus conas a tharla rudaí bheith mar atá. 

Tugann an urscéal deiridh rudaí le chéile, agus mná agus fir ag obair le chéile chun baol don cruinne a réiteach agus dochar ársa a leigheas.

Tá an scéalaíocht teann spéisiúil ó thús deireadh na scéalta, ach chuir mé an oiread céanna spéise san dóigh a nocht Ursula le Guin a cuid smaointe sna haistí. An dóigh ar fhuascail sí í féin ó srianta a leag a léitheoireacht agus taithí uirthi agus a tháinig ar inisint níos sásúla di (agus dom) ar an saol.

Is cuma cé mhéid fantasaíochta atá i gceist, is scathán ar an saol daonna é litríocht maith - scathán a chuireann rudaí áirithe as a riocht chun rudaí eile a dhéanamh níos soiléire. Bíonn ceisteanna ceart agus mícheart, saoirse agus dualgas, inscne agus cinéal á chíoradh sna saothair uilig ag Le Guin agus, ach an saothar ina iomláíne maille an fhorbairt ann a chuir san áireamh, agus a féinmhachnamh agus plé, ta ceachtanna tairbheacha le foghlaim astu. Rud nach dócha gur thuig mé nuair a léigh mé A Wizard of Earthsea beagnach dhá scór bliain ó shin. Ach mé a theacht slán, léifidh mé arís a scéalta, agus is dócha go bhfoghlaimeoidh mé breis astu.

2018-10-12

Deil Neimhe

Gnóthachtáil ard is ea géilleadh na tuisceana roimh nithe a sháraíonn tuiscint. Iadsan nach ngéilleann, scriostar ar deil neimhe iad.

Aistriúchán (míchruinn, is cosúil) ar Zhuang Zhou Leabhar XXIII alt 7,a thug teideal d'úrscéal ar leith de chuid Ursula le Guin.

Scéal faoi fhear a athraíonn a bhrionglóid an cruinne. Tá síceolaí ceaptha cabhrú leis teacht saor on eagla a chúisíonn seo ann: ach is amhlaidh a bhaineann sé feidhm as an mbua chun an saol a fheabhsú, dar leis féin. Seachas go mbíonn iarmhairtí neamhthuartha lena iarrachtaí. Is iomaí cas is corr sa scéal roimh deireadh.

Ní aithris ar Philip K Dick atá i gceist, ach léiriú ómóis de chineál.

Mar is iondúil le Le Guin tá sí ag imirt a samhlaíocht chun daonnacht a iniúchadh.

The Lathe of Heaven

2018-01-25

Ursula K le Guin

Chuaigh Ursula le Guin ar shlí na fírinne de Máirt. Bhí sé i gceist agam píosa a scríobh anseo fúithi cibé, tá athléamh nó léamh as an nua déanta agam ar roinnt dá saothair le cúpla bliain anuas.
Tá an cuir síos 'ficsean tuairimeach' seachas ficsean eolaíochta feicthe agam ar a saothar, agus feileann sé go maith mar sainmhíniú.
Cinnte, tá na hÚrscéalta Hainish, fearacht Left Hand of Darkness agus The Dispossessed lonnaithe i measc na gcian phláinéad agus chum sí an ansible, gléas a scaip eolas níos gaiste ná solas.
Ach draíocht atá i gceist le scéalta Earthsea; léamh ar scéal le fréamhacha san Aeneid a húrscéal Lavinia.
Shamhlaigh sí tír lár Eorpach Orsinia agus lonnaigh gearrscéalta (atá léite agam) agus úrscéal (nach bhfuil léite fós agam) ann.
Tá sraith eile aici ina bhfuil an suíomh cosúil leis na meánaoiseanna ach go mbíonn bua ar leith ag na príomh charachtair ann, cineál draíocht ach tréith ar leith ag gach duine acu.
I scéalta dá chuid bíonn leagan amach éagsúil ar daoine, ó thaobh inscne de abair. I Left Hand of Darkness mar shampla níl inscne ag pobal an phláinéid ach ar feadh tréimhse míosúil ar féidir leo bheith fireann nó baineann agus d'fhéadfadh aoinne acu leanbh a thabhairt ar an saol (cé gur fear ón Domhain seo an reacaire).
Ní fear geal an laoch caighdeánach aici. Tá Ged, draoi Earthsea dorcha agus is iad na daoine geala an cine ar easpa forbartha.
Úsáideann sí na suíomhanna iomadúla seo chun scéalta taitneamhacha eachtrúla a scríobh agus ábhar a spreagann machnamh a chuir roimh an léitheoir. An duine agus a streachailt an rud cóir a dhéanamh is cúis léi.
Tá oidhreacht saibhir fágtha aici againn ar chuir mé aithne i dtosach air sa leabharlann i mo dhéaga agus a bhfuilim ag tarraingt as stór an leabharlann arís chun an eolas agam air a athnuachan agus a dhoimhniú.
Go raibh suaimhneas síoraí aici, agus go raibh léamh ar a saothair!

2016-12-03

Na Díshealbhaigh

Tógadh mise trasna an bhóthair ó Leabharlann, agus ba chraosléitheoir riamh mé. Léigh mé cuid mhaith ficsean eolaíochta, agus tá meathchuimhne agam ar an úrscéal The Dispossed le hUrsula le Guin a léamh i bhfad siar.

Tá mo chuid spéise inti athmhúscailte le déanaí, agus ar ámharaí an tsaoil tá leabharlann trasna an bhóthair ón oifig s'agam.

Chuir mé fios arís ar an leabhar, mar sin.

Tá an scéal suite roinnt céadta bliain sa todhchaí, ar chruinne i bhfad i gcéin, ach go bhfuil daoine daonna ann. (Tá cúl scéal chun sin a mhíniú).

Tá pláinéad agus a ghealach i gceist. Tá cónaí ar an ngealach le roinnt glúin. Pobal ainfhlaitheach, ar díbríodh a sinsir ón bpláinéad. Ina measc a saolaítear laoch an scéil, Shevek. Fear a bhfuil bua neamhghnách fisice, agus é ar thairseach fionnachtain a chuirfidh ar chumas daoine teachtaireachtaí a sheoladh ar an bpointe tríd an ollchruinne iomlán.

Ag tús an úrscéil tá sé ag dul go dtí an pláinéad, áit a bhfuil creachlathas i réim, agus atá scoilte freisin mar a bhí an domhain seo le linn an chogadh fuar. Áit freisin a bhfuil mná go hiomlán scoite amach ón saol acadúil agus gnó, sna haicmí a bhfuil maoin acu cibé. Ar an ngealach tá cothromaíocht iomlán idir fir is mná, cé go bhfuil macasamhail an phósadh ann ach gan de cheangal ach toil na beirte.

Gearann an insint idir an méid a thiteann amach ar an bpláinéad, agus amharc siar ar a óige agus a shaol ar an ngealach.

Ar an dóigh seo cíorann Ursula le Guin mórán ceisteanna, faoi ceart agus mícheart, cairdeas, dílseacht, saothrú. Léiríonn sí na deacrachtaí a eascraíonn as flaitheas agus ainfhlaitheas araon.

Ní ag tabhairt aitheasc a bhíonn sí, ach ag léiriú an méid atá le rá tríd na heachtraí sa scéal.

Táim ag ceapadh gur beag adhmaid a bhain mé as mar déagóir, seachas gurbh eachtraíocht den scoth a bhí ann.

Is taitneamh níos meabhraí a bhain mé as an athléamh. Tharlódh, i gceann scór bliain eile, go mbeadh pléisiúr eile san léamh.

Deá theist ar máistir ar a ceard.

Nod libh gur chum mé (sílim) an focal ainflaitheas mar nach bhfuil ainriail oiriúnach mar chuir síos ar an sochaí ar an ngealach.

2016-01-16

Ciotóg an Dorchadas

Is craosléitheoir mé ó na déaga, agus bhí cónaí orm trasna an bhóthar ón leabharlann poiblí. D'fhág sin go leor scóip agam, agus léigh mé go leor ficsean eolaíochta. Seánra atá ró chúng chun saothar iontach Ursula le Guin a aicmiú. Tá cuimhne orm ar "The Earthsea Quartet" a léamh an úr úd, agus tá sé ceannaithe agus athléite agam ó shin. Léigh mé "The Lathe of Heaven" agus "The Dispossessed" freisin.

Táim measartha cinnte nár léigh mé an leabhar seo go dtí gur sheol comhrá idir @murchadhmor agus @lochlannach i mo threo é - is cosúil gur pléadh le déanaí ar Raidió na Life é.

Scéal neamhghnách atá ann; lonnaithe ar cruinne ina bhfuil na daoine aghnéasach an chuid is mó den am, go dtí go mbuaileann dáir míosúil iad agus - ag brath ar cumarsáid le duine eile faoi dháir - déantar fireannach nó baineannach díobh. Tá dhá stát lárnach san scéal, ceann feodach agus ceann cumannach ar bhealach - nó ar a laghad maorlathach. 

Taidhleoir is ea Genly Ai atá tagtha ó ollaontas na daoine ar phláinéid eile. Duine amháin le nach mothófaí mar bhagairt é. Ag tús an scéil tá sé (mar is fear é) san Ríocht Feodach, ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an Rí chun go nascfaí iad leis an ollaontas. Caithfidh cuir ina luí orthu gurbh ann don aontas, gurbh eachtardhomhandach é féin - níl aon teagmháil leis an spás, ná go deimhin eitilt tarlaithe ar an Domhan seo fós, domhan atá i dtólamh geimhriúil.

Scéinséir pholaitiúil an chéad cuid den leabhar; teipeann ar Ai san Ríocht, gabhann sé chuig an maorlathas agus teipeann ar freisin agus cuirtear i ngéibheann é. Tagann pearsa a bhí lárnach sa scéal san Ríocht i dtarrtháil air, agus ansin tosaíonn an dara leath den scéal, Imram iontach tríd fásach oigheartha ar ais chun na Ríochta.

Idir na caibidil san gnáth scéal tá béaloideas agus naomhseanchas an Domhan seo fite fuaite, ag tabhairt léargas eile ar na heachtraí. 

Baineann le Guin feidhm as na rudaí seo ar fad chun ceisteanna cairdeas agus grá agus muinín a chíoradh; toisc nádúr na daoine is féidir léi ról na collaíochta sna ceisteanna seo a iniúchadh. Ní an seanmóireacht atá sí áfach ach ag spreagadh machnamh; gheobhaidh an léitheoir mar sin léargas nua ar an athléamh.

Scéalaí agus machnóir den scoth í Le Guin. Beidh mé sa tóir ar níos mó de na saothair atá léite agus nach bhfuil léite fós agam dá cuid.