2020-10-24
Máchail
2020-10-21
Idir dhá shaol
2020-10-19
Nuala Ní Dhomhnaill - Selected Essays
Spreag nasc a roinn Caitlín Nic Íomhair chuig aiste le Nuala Ní Dhomhnaill, agus aiste eile a chuir Gregory Darwin chugham ag eascairt as comhrá Twitter faoi mé chun fios a chuir ar an gcnuasach seo d'aistí as Béarla de chuid Nuala Ní Dhomhnaill. Áistí a foilsíodh in irisí éagsúla - sciar acu i Meiriceá, ach atá cnuasaithe anseo. Buntáiste do léitheori lasmuigh den acadamh nach bhfuil teacht aige ar na hirisí ar líne.
Tá léargas ann ar an ithir as ar fáisceadh a cuid filíochta - go háirithe an seal a chaith sí ina leanbh i gCathair an Treantaigh i gCorca Dhuibhne. Baile fearainn in aice le Trá Fionn Trá. Áit a raibh gaolta aici, sáite sa bhéaloideas. Ansin an searc a thug chun siúl í chun seal a chaitheamh sa Domhan Thoir - seal a thug léargas iomlán eile di, ach a thug ar ais go Corca Dhuibhne freisin í. An imirce ag oscailt súile maidir leis an dúchas agus an bhféiniúlacht.
Sruth láidir cearta na mban agus áiteamh laidir gur cneasú atá de dhíth is ea athnascadh leis an nGaeilge ach freisin leis an mbaineannacht. Baineannacht ar a thearmaí féin seachas tríd criathar smaointeoireachta fireann - spéirbhean, flaithiúnas nó cailleach - ní sin an bhean. Gur gá bealach folláin a thabhairt don fochomhfhios isteach sa chomhfhios nó go réabfaidh bealach neamhfholláin tríd tinneas.
Go hiondúil is ficsean mo rogha leitheoireacht lasmuigh de chúrsaí gairme, agus is annamh go mbíonn ar mo chumas admhaid a bhaint as teoiric. Ach is fotha a cuid filíochta atá sna haistí seo, agus cuireann le mo thuiscint agus bá leis an bhfilíocht.
Táim buíoch do Chaitlín agus Gregory as an spreagadh agus beidh marana le déanamh.
Nuala Ní Dhomhnaill: Selected Essays (ed. by Oona Frawley)
2020-10-12
Asarlaíocht Khevin, athuair.
174 litriú ar fhocal amháin, in ord minicíochta 😀 pic.twitter.com/6nbn23FRe0
— Caoimhín Ó Scanaill (@kscanne) October 10, 2020
Sampla ana mhaith is ea an méid seo thús de phíblíne *nix. Feidhmíonn go leor, leor cláracha de chuid Unix mar scagairí ar chineáil éagsúla téacs, ag déanamh athrú ar an ionchur agus á sheoladh chuig an aschur. Feidhmíonn an siombal "|" már phíobán a nascann aschur an ordú ar chlé le hionchur an ordú ar dheis.
egrep -i -o 'ch?[oó](mh?)?gh?[a-z]*r[a-z]*d[a-z]*s' sonrai/ga-tweets.txt | tolow | sed 's/^ch/c/' | sort | uniq -c | sort -r -n | sed 's/^ *[0-9]*//' | tr "\n" " " | fmt
Clár is ea "grep" - seasann an ainm do "globally search for a regular expression and print matching lines", bunaithe ar an ordú g/re/p atá san eagarthóir luath ed. Nuair a chuirtear "e" roimhe, is dóigh é chun an leagan de na slonn rialta atá le húsáid a sainmhiniú. Is éard atá i gceist le "slonn rialta" ná pátrún chun teaghráin ar leith a lorg. Sa chás seo is
ch?[oó](mh?)?gh?[a-z]*r[a-z]*d[a-z]*s
an slonn rialta. An t-oideas atá i gceist ná:
- lorg "c";
- leanta ag ar a mhéid "h" amháin;
- leanta ag "o" nó "ó";
- leanta ag "m" agus ar a mhéid "h" amháin, uair amháin ar a mhéid;
- leanta ag "g" agus ar a mhéid "h" amháin;
- leanta ag líon anaithnid litreacha idir a agus z, ceann ar bith san áireamh => [a-z]* ;
- leanta ag r;
- leanta ag [a-z]* arís;
- leanta ag d;
- leanta ag [a-z]* arís;
- leanta ag s.
$ echo "Caoimhín" | egrep '^Caoimh[a-z]n'Caoimhín$ echo "Caoimhín" | LC_ALL=C egrep '^Caoimh[a-z]n'$
2020-10-08
Niamh
Ós rud é gur bhain mé taitneamh as An Craosdeamhan agus Eisirt, shocraigh mé Niamh a íoslódáil freisin ó Chorpas ARÉ. Athinsint Peadar Ua Laoghaire ar Cogadh Gael re Gall atá ann, na himeachtaí a raibh Cath Chluain Tairbh agus bás Bhrian Ború mar deireadh leo.
Níl mé cinnte, ach ní dóigh liom gur pearsa stairiúil í an Niamh, iníon leis an rí Tadhg Mór ua Cealla, rí Uí Mháine. Brian féin, a mhac Mhurcadh, dearthair le Niamh Tadhg (níl mé cinnte arbh ann dó go stairiúil ach oiread), Gormlaith bean Bhrian agus máthair Sitric rí Áth Cliath agus deirfiúr le Maol Mórdha Rí Laighean. Tá mac (neamhstairiúil ?) le Gormlaith - Amhlaoibh - lárnach san insint freisin.
Tá cnámha maithe sa scéal, teannas agus spiadóireacht agus comhcheilg idir prionsaí a raibh gaoltá líonmhaire pósta eatarthu ainneoin iad a bheith ina nGael nó a Lochlannaigh faoi seach.
Ach ar an drochuair tá laigí go leor leis mar úrscéal. Barraíocht insint seachas léiriú; agus teipeann ar dar liom Niamh a chuir i lár an scéal mar ghníomhaí seachas mar ceithearnach. Bheadh an scéal mórán mar an gcéanna ach í a bhaint as. Bíonn cuid de na hiarrachtaí í nascadh leis an aicsean dochreidthe ar fad - spiairí ag tuairisciú di chomh maith le do Bhriain ach gan é soiléir cén éifeacht a bheadh aige sin. Agus tá sí i bhfad ró "naofa" dáiríre.
Agus déanann an tAthair Peadar barraíocht seanmóireacht; tá seobhaineachas láidir creidimh agus Gaelachas ann. Bolscaireacht a bhí feiliúnach i 1910 b'fhéidir ach atá sách ait do léitheoir na linne seo.
Tá ábhar iontach urscéil stairiúil ann - ach ní hé Niamh an toradh ceart. D'fhéadfaí an plota a thógáil, an bolscaireacht a bhaint as, agus úrscéal fearacht Cluiche na Corónach a dhéanamh as a bheadh iontach láidir.
2020-09-28
An Craos-Deamhan
Blianta fada ó shin cheannaigh mé leabhar Gearmáinise le rogha Thurneysen de scéalta as litríocht na nGael. Bhí leagan ann de Aislinge Meic Con Glinne, téacs iontach áiféiseach faoi bhia, agus an laoch ag leigheas Rí Mumhan ó chraos-deamhan tríd an scéal a reic dó. Tá leagan Béarla ar shuíomh CELT freisin.
Bhí mé ag súil go bhfaigheann leagan Nua Ghaeilge a bheadh ar mo chumas léamh uair éigin. Thóg sé tamall orm tuiscint gurb é sin díreach atá in "An Craos-Deamhan" le Peadar Ua Laoghaire; agus fuair mé ó Chorpas ARÉ é agus sheol ag mo Kindle é.
Leanann sé an lamhscríbhinn go dílis, feictear dom. Anuas go dtí an mionn "Dar mo dhebhroth". Ach ag deireadh an scéal tá aguisín curtha leis aige, soiscéal na Measarthachta de réir an tAthair Maitiú á thabhairt aige. Mheas mé freisin, mar Chorcaíoch dílis, go raibh roinnt curtha leis aige chun clú Mainchín a chosaint ar an líomháin gur go héagórach a chaith sé le Mac Con Glinne.
Tá codanna den scéal ar dheacair do léitheoir na linne seo ciall a bhaint astu - agus tá cuid de na ruthaig agus athrá beagán fadálach. Ach is leabhairín beag taithneamhach atá ann mar sin féin. Thaithin sé liom.
Is iontach go bhfuil teacht measartha éasca ar na téacsanna - idir bun téacs ar CELT agus athéacs mar atá curtha ar fáil ag Peadar Ua Laoghaire. Go deimhin, an constaic is mó anois ná fios a bheith ag duine iad a bheith ann!
Nithe gan tairbhe
Ba robad do throich | Ba rabhadh do throch |
ba h-irehuitbed fri foigdech | ba argóint le bacach (?) |
ba tusliud clochi fria crand | ba caitheamh clocha le crann |
ba sanais fri bodar | ba cogar i gcluas bodhair |
ba díbad for dubach | ba oidhreacht do dhubhach |
bid cor eptha i cléith | ba cuir briocht i gcliath.. |
ba gat im gainem nó im gual | ba gad um gaineamh nó um gual |
ba h-esorcu darach do dhornaib | ba dul i ndoirne i ndair |
ba deól melaa mecnaib ibair | ba diúl meala as meacna iuír |
ba cuinchid imme i llige chon | ba cuardú ime i gconchró |
ba longad i scellaib scibair | ba dinnéar scilleach phiobair |
ba h-iarraid olla for gabur | ba olann a iarraidh ar ghabhar |
ba saiget i corthi | ba saighead a scaoileadh le colún |
ba cosc lára do broimnig | ba cosc lárach ar bhroimneach |
ba cosc mná boíthe do drúis | ba chosc mná baoithe ar dhrúis |
ba h-usce for tóin créthir | ba uisce ar bun criathar |
ba taeb fri coin fholmnig | ba iontaoibh a chuir i madra confaidh |
ba salond for luachair | ba salann ar luachair |
ba tinnsccra iar n-indsma | ba margadh iar phósta |
ba rún fri mnaí mbaíth | ba rún a scaoileadh le mná baoth |
ba ciall i n-óinmit | ba ciall a lorg in óinmhid |
ba mórad mogad | ba mhóradh mogha |
ba lind do baethaib | ba leann do linbh |
ba h-immthús fria ríg | ba iomaíocht le rí |
ba coland cen chend | ba colainn gan cheann |
ba cend cen cholaind | ba ceann gan colainn |
ba caillech fri clog | ba bean rialta i mbun cloig |
ba h-athlaech i cathaír n-espuic | ba iar shaighdiúr i gcathaoir easpaig |
ba tuath cen ríg | ba tuath gan rí |
ba h-imram luinge cen laí | ba iomramh loinge gan rámh |
ba h-arbor i cliab toll | ba arbhar i gcliabh pollta |
ba h-ass for sechid | ba bainne ar sheithe |
ba tigadus cen mhnaí | ba teaghlach gan bean |
ba caera for gaimen | ba caora ar chraiceann |
ba taidbsi (.i. messa) do phecdachu | ba aisling rabhaidh do pheacaigh |
ba h-athis i n-inchuib | ba aithis don aghaidh |
ba h-aisec cen taisec | ba aiseag gan leorghníomh |
ba cur síl i ndroch-ithir | ba cuir síl i ndroch ithir |
ba tárcud do dhroch-mnaí | ba talamh do dhroch mhnaoi |
ba fognam do dhroch-fhlaith | ba fónamh do dhroch fláith |
ba leth-ard cundartha | ba conartha leathard |
ba tomus lettromm | ba tomhas leatromach |
ba tidecht tar fuigell | ba cuir i gcoinne breithiúnas |
ba sárugud soscéla | ba sárú soiscéala |
ba forcetul Ancríst | ba foirceadal d'Ainchríost |
t' fhorcetul-sa im do longad a Meic Con Glinne!’’ | teagasc duitse maidir le do ghoile, a Meic Con Glinne. |
2020-09-24
Puball na Scéalaíochta
![]() |
Puball na Scéalaíochta |
(Bhí mír ar An Saol Ó Dheas RTÉ RnaG inné faoi leabhar nua, insint Micheál Ó Dubhshláine ar an scéal áitúil Fiannaíochta Carraig an Ghiorria. Sin faoi ndear an sruth cuimhní seo.)
Ó aois a 16 ar aghaidh, nó mar sin, chaith mé go leor de mo chuid ama saoir le buíon gasóga i mBaile Átha Cliath - a thug comhluadar dom agus deis taistil agus siúl sléibhe. Agus mé ag tabhairt aghaidh ar Bheirlín tar éis na hOllscoile, thuig mé go mbeadh mé níos óige de roinnt blianta ná mo chomhghleacaithe. Bheartaigh mé dá réir ballríocht a ghlacadh i ngrúpa gasóga thall, ar mhaithe le comhluadar.
Ba ar ghrúpa de chuid an BdP a tháining le chéile i Charlottenburg a chuaigh mé. An nós a bhí acu ná "Treibh" a thabhairt ar a ngrúpaí, agus ainm sean treibheanna a ghlacadh chucu féin - rinneadh ball de na Normánnaigh díom dá réir! Chuir mé aithne freisin ar daoine ar chomhaois nó rud beag níos óige ná mé i ngrúpaí eile i mBeirlín Thiar - ní raibh na gasóga thoir, toisc go raibh siad comhshamhlaithe in eagraíochtaí stáit. Agus roinnt de seanfhondúirí na gluaiseachta freisin. Thug sin comhluadar agus spreagadh dom ar feadh roinnt blianta - cé gur shleamhnaigh mé as ar feadh tamaill mar go raibh mo spéiseanna ag athrú (agus gur bhuail mé le mo nuachair anois, ach sin scéal eile).
Dream iad an BdP a tharraingíonn ní hamháin ar machnamh Baden Powell faoin ngasógaíocht, ach ar mór acu na traidisúin a bhain leis na Wandervogel - fánaithe óga roimh an dara Ár Eorpach. Chomh maith le neamhspleachas na ndaoine óga a fhorbairt ba mhór acu seanchas agus go háirithe amhránaíocht fánaíochta. Gné den traidisúin is mór acu ná na "Pubaill Dubha" - nuair a bhíonn siad ar aistir, baineann siad feidhm as pubaill atá comhdhéanta de píosaí éadaigh troma dubha. Is minic nach mbíonn cleith pubaill ar iompair in aon chor acu, iad ag brath ar lomáin a bheith ar fáil san áit a dhéanann siad campáil.
Bíonn pubaill simplí beaga ann - Kohte - aithris ar phubaill na Sámaigh. Ach nuair a bhí grúpa mór le chéile ann feidhmíonn na Jurten mar puball agus go minic ionad tionóil agus seanchais. Puball mór le ballaí arda agus díon. Poll sa lár, agus tine faoi. Coire ar an tine, agus Tschai ann - meascán milis de tae agus sú, agus torthaí agus spiosraí tríd. Chruthaigh an cumasc átmasféir cuideachtúil a spreagann scéalaíocht.
Roinnt blianta ina dhiadh phós mé. Ar chúiseanna lóistíochta - níos mó go mór gaolta agamsa ná ag mo nuachar - bhí an bainis in Éirinn. Chuamar ina dhiadh ar feadh seachtain Mí na Meala i Mám an Óraigh, ós cionn Fionn Trá in Iarthar Dhuibhneach. Bhí aoi amháin ag an mbainis arbh gasóg é agus mhol sé go mór dúinn cuairt a thabhairt ar Reiner Rolff sa Ghleann Mór i nDún Chaoin. Ba dhuine é Reiner a bhíodh gníomhach leis na gasóga i mBeirlín, agus a raibh cáil machnóra agus fáidh fós air i measc an gluaiseacht níos leithne Bündische Jugend. Bhí sé ag cuir faoi ó na 1970í i dteach a a thóg sé féin i nDún Chaoin in éineacht lena bhean agus a mhac.
Ní raibh carr ná tiomáint againn, ach shiúleamar lá amháin feadh trá Fionn Trá, agus timpeall Ceann Sleibhe go Dún Chaoin. Ó tharla ann muid, bheartaigh muid tuairisc Reiner a chuir. I 1994 bhí oifig an phoist fós i nDún Chaoin agus is ann a fuairemar fios an tslí. D'aimsigh muid an teach - suntasach de bhrí go raibh mac Reiner, Heiko, tar éis muine crainn a chuir - agus tá crainn annamh in Éirinn. Bhí tráthnóna breá seanchais againn, agus - rud a bhíomar ann buíoch as - thug Heiko síob siar go dtí an loistín dúinn.
I 2003 bhíomar fillte ar Éirinn le cúpla bliain agus beirt mhac againn. Bhíodar siúd iad féin san aicme is
![]() |
An Siolla Om greanta ag doras an bhotha |
óige de na gasóga abhus - níos óige ná na macaoimh, Béabhair. Bhí teach saoire tógtha againn gar do Thrá na hInse. Lá de na laethanta - bhí tiomáint foghlamtha ag mo bhean roimh teacht anoir di - rinneamar camchuairt na leithinise arís agus thug cuairt ar Reiner. Faraor, bhí a bhean imithe ar shlí na fírinne tamaill roimhe, ach bhí a mhac agus é féin fós ina chónaí sa teach.
Bhíodh grúpaí scoile agus gasóga ón nGearmáin ag tabhairt cuairt air, agus bhíodh sé ag cuir Micheál Ó Dubhshláine in aithne dóibh, é ag scéalaíocht dóibh. Chun éascaíocht a dhéanamh ar sin bhí comrádaithe leis ó ghluaiseacht na ngasóg tar éis both admhaidh a thógáil, ag aithris ar Jurte na nGasóg. Is ann a bhíodh an airnéain.
Bhí grúpa le teacht roinnt seachtain i ndiadh ár gcuairt, rang deiridh scoile. Tharla sé go raibh mé féin díomhaoin mar gur bhuail tonn iomarcaíochta an comhlacht ina raibh mé fostaithe. Thug mé sciurd siar ó dheas mar sin chun blaiseadh den airneáin. Ar an traein go Trá Lí, ar an ordóg do dtí an Daingean, agus de shiúl na gcos as sin. (Tá fánaíocht go maith don meanma). Fuaireas bheith istigh ó Reiner agus a mhac, agus bhí mé ann don scéalaíocht ar ball agus chuir aithne ar Mhicheál.
Go deimhin, ó tharla gur iarr duine de na múinteoirí scéal faoi Chú Chulainn, agus nach raibh ceann ag Micheál, d'aithris mé féin scéal. Ba iontach an chaoi a chuir an atmasféir san both leis an guth daonna.
![]() |
An Leperello |
Ní cuimhin liom go baileach cathain ar fhorbair an smaoineamh Leperello a dhéanamh as scéal Carraig an Ghiorria ach bhí Reiner tógtha leis an smaoineamh dul díreach ó Ghaeilge Mhichíl go Gearmáinis seachas trí droichead an Bhéarla, agus sholáthar mise leagan Gearmáinise dó. Chuir Heiko an leabhar i cló ina chlólann Púca Press - Ponc Press anois. (Dhíol sé féin é le bean on Eilvéis, agus nuair a d'fhill sise ar an Eilvéis thóg an siopa leabhar sa Daingean ar lámh é - ach is é Heiko atá arís i mbun na hoibre i Lana an Phúca).
Bhí sé i gceist againn dornán scéalta eile a dhéanamh ar an modh céanna, ach faraor d'éirigh Micheál tinn, agus ansin buail stróc Reiner - mar sin níor críochnaíodh an togra sin riamh. Tá na billeoga áit éigin timpeall an tí agam fós!
Tá léaraidí le Bob Ó Cathail agus téacs Béarla agus Gaeilge le bheith sa leagan nua agus tá cuma iontach snasta air. Eagrán teoranta - ó tharla gur obair láimhe atá i gceist leis an gcló! Tá cathú orm, ach..
2020-09-15
Trí Scéal - Stefan Zweig - Risteárd Mac Annraoi
2020-09-14
Arbeiterschliessfach...
![]() |
Ó fógra reatha d'arasán sa bhloc ina raibh cónaí orm |
2020-09-08
Ar Luch agus ar Dhuine
But Mousie, thou art no thy-lane,
In proving foresight may be vain:
The best laid schemes o’ Mice an’ Men
Gang aft agley,
An’ lea’e us nought but grief an’ pain,
For promis’d joy!
To a Mouse, Robert Burns
A luchóg ó, ní tú amháin
A d'fhoghlaim an ceacht atá le fáil:
Gur minic a chlis an scéim ab fhearr
Ar luch a's ar dhuine,
A's fágadh iad faoi bhrón ar lár,
In áit na loinne.
Aistriúchán: Ailbhe Ó Monacháin
Bhí tréimhse ann i mo chuid fichidí nuair a bhí mé ag léamh rud ar bith le John Steinbeck a raibh mé in ann lámh a leagan air. (Bhí sé measartha éasca clasaicí Béarla a cheannach i mBeirlín sna 1990í agus is iomaí pingin a chaith mé tigh Kiepert ar Ernst-Reuter-Platz. Siopa atá imithe anois, is cosúil, cé go maireann an chuideachta. Tá cuimhne mhaith agam ar scéal Lennie agus George a léamh, scéal tragóideach beirt spailpín, a tharraingíonn tubaiste orthu féin go neamh urchóideach.
Dráma beag, le cliar teoranta, ach scéal sách uilíoch. Aislingí an fhir oibre. Ciníochas. Teannas i measc fir. Uaisle is ísle.
Tá Gaeilge Uladh curtha ag Colmcille Ó Monacháin ar an scéal; rud atá feiliúnach, measaim, toisc gur Béarla canúnach atá ar bheola na fir oibre ag Steinbeck. Bhí mé tumtha go hiomlán san eachtra, agus úire agus neart as an nua ag baint leis mar scéal de bharr an aistriúchán. Músclaíonn sé trua do na carachtar atá gafa in eangach saoil nach bhfuil éalú uaidh i ndán dóibh; ainneoin an cuma a bheith air go bhfuil aisling a fuascailte beagnach ar lámh. Sula dtarlaíonn an tubaiste. "Rud a tharla" an teideal a bhí ar an scéal ag Steinbeck sular tháinig sé ar dán Burns. Dán faoi thubaiste nach raibh éalú uaidh; cé nach féidir a rá go raibh éinne ciontach. Tugtar léargas tríd caint agus gníomh ar go leor nithe; ar chruatan saol an spailpín; ar chiníochas; ar uaisle nádúrtha agus a mhalairt. Níl ach bean amháin i gceist, agus is ball coimhthíoch í dáiríre - posta chun éalú ón mbaile léamh ach í imithe amach as muineacha is isteach sna driseacha; fear céile suarach trodach éadmhar anois aici. Agus í sáinnithe i gcomhluadar fir atá amhrasach fúithi. Tragóid an toradh.
Mar is dual do Leabhar Breac tá an leabhar féin ina earra snasta, le cló cuanna agus páipéir deas. Tá aguisín ag Colmcille Ó Monacháin ag míniú a chuir chuige ó thaobh teangan de (adhmhaím nach ndearna mé ach leathshúil a chaitheamh air!). Cinnte, bhí leagnacha nach mbeadh taithí agam orthu, ach bhí siad soiléir sothuigse sa gcomhthéacs.
Seo an chéad leabhar faoin inphrionta nua Cló Lováin; tá Colmcille Ó Monacháin i measc na Gaeil atá fostaithe sa Bhruséil ag plé go gairmiúl le haistriúchán. Is cosúil go bhfuil an meitheal ansin spreagtha le tumadh san aistriúcháin - ní meamraiméis amháin, ach na haistriúcháin liteartha atá déanta síos na blianta. Tá siad freisin ag cuimilt le pobal ilteangach, éirimiúil, spéisúil. Beidh mé ag súil leis na saothair eile a eascraíonn as an gcomhluadar seo.
2020-09-07
An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht
2020-09-04
Ar mo leabhar bhreac!
Anois agus Foclóir Uí Dhónaill ar líne, is féidir go leor nathanna spéisúla a aimsiú ann ach cuardach a dhéanamh. Thug mé faoi deara uair éigin go raibh go leor nathanna agus "By Jove!" mar ghluais acu: intriacht chun iontas nó a léithéid a chuir in iúl.
- Dar Bríce!
- Dar Crom!
- Dar Fia!
- Dar Lia!
- Dar Fiagaí!
- Dar Diagaí!
- Dar Donn!
- Dar Duach!
- Dar fia is (dar) fiolar!
- Dar fiagaí!
- Dar lia!
- Mhuige! Dar Mhuige!
- Mhuine! Dar Mhuine!
- Dar prící!
- Dar príost!
- Dar prísce!
- Dar sliabh!
- Dar crísce!
- Dar an leabhar!
- dar m’anam!
- Dar m’fhocal!
- Dar mo bhriathar!
- Dar m’uacht!
- Dar an Lámh Dhia!
- Dar an lá beannaithe!
- dar m’fhallaing!
- dar go deimhin!
- dar seo is siúd!
- M’anam, m’anam le Dia, gur fíor é,
- Dar bhrí an bhata seo i mo lámh
- Idir mé is Dia
- Fágaim le m’anam (go),
- Dar mo lámh!
- Leabhróinn gur tú a chonaic mé
- Mhionnaigh sé go raibh an ceart agam
- Fágaim ag an saol (go)
- seo is siúd orm (go)
Pairlement Chloinne Tomáis
Ro leathnuigheadar na cineoil dheamhnuighe sin fan gcruinne gceathardha go coimhleathan dá haghmhilleadh. Do bhí mac ag an mBeilsebub sin darbh ainm Dracapéist, agus mac do sin Lóbus Laghrach, agus mac do sin Liobur Lobhtha. Do bhádur sin ag aghmhilleadh bfhear nÉirionn go haimsir Laoghaire mhic Néill Naoighiallaigh do bheith a bfhlaithios Éirionn; agas do bhí taoiseach toirteamhuil tromchonáigh re tórrumh agus le treabhaireacht ag Laoghaire, eadhon Bladhorrnn Bréanánach mac Palcamais; agas do bhí inghean ag an mBladhorrnn sin, eadhon Beistea a hainm, agas do pósadh le Liobur Lobhtha í, agus ro geineadh clann iomdha eaturra; agus do bhí mac don chloinn sin do dhearrsgnuidh ar fhuathmhuireacht agus ar ainmheasardhacht an cineadh ó dtáinig .i. Tomás Mór modurrtha mísgiamhach mac Liobair Lobhtha.
I measc na téacsanna atá ar fáil i gCorpas ARÉ tá an aoir Pairlement Chloinne Tomáis. Tá tagairtí cloiste agam dó go minic mar saothar lán grinn raibiléiseach. Thapaigh mé an deis é fháil don Kindle tríd an suíomh. Téacs ó 1615 é agus ní mór dom a rá go raibh mé ag streachailt leis.
Maíonn sé gur de sliocht na deamhain cosmhuintir na hÉireann, agus san scéal tá tracht ar chúpla tionóil den drong sin idir aimsir Phádraig agus aimsir Chromail, agus deireadh gach tionóil acu ná troid, achrann agus slad. Tá sé ar maos le hainmneacha áiféiseacha, cuir síos tarcaisneach ar feisteas agus cuma, aidiacht carntha ar aidiacht, uaim agus ruthaig.
Is dócha go bhfuil léargas le fáil ann ar dheacadh an aicme léannta ar an gcosmhuintir agus an polaitíocht; agus is cosúil gur in ndá thréimhse a scríobadh é.
Don scíthleitheoir fearacht mise, nach bhfuil an oiread sin cur amach aige ar an stair - agus is dócha, fearacht an Béal Bocht - na saothair eile a bhfuil tagairt a dhéanmah dóibh, níl an oiread sin adhmaid le baint as. Ach is deas mar sin féin teacht éasca a bheith agam air!
2020-09-03
Eisirt
Tá fáil ar Corpas Stairiúil na Gaeilge ina bhfuil cáipéisí ó 1600 go dtí 1926 ar líne le tamall. Is féidir é chuardach - ach is féidir freisin na téacsanna a íoslódáil. Tá siad ar fáil i bhfoirm ePub; cé nach bhfuil sé sin oirúnach don Kindle, tá sé measartha éacsa aistritheoir go MOBI a aimsiú ar líne, agus é chuir le cnuasach ar Kindle, rud atá déanta agam le roinnt leabhair.
Ina measc Eisirt - athinsint Pheadar Ua Laoghaire ar chuid den méid de Imthechta Túaithe Luchra agus Aided Fergusa a d'fhoilsigh Standish O'Grady.
Tá trácht anseo ag Gregory Darwin ar an mbuntéacs, agus na móitíf ann.
Is dóigh liom go raibh an tAthair Ua Laoghaire ag scríobh do dhaoine óga, agus mar sin gur chuaigh sé níos faide fós ná Standish O'Grady chun an chollaíocht agus graostacht sa bhunleagan a cheilt - cé go bhfuil rian den teannas fágtha san trácht ar Bhébo ag cúirt Fhearghusa.
Scéal atá ann faoi file na ndaoine beaga, a bhriseann gáire air nuair a chloiseann sé a Rí ag maíomh as neart agus feabhas a phobail - toisc gurb eol dó daoine a bheith ann. Glacann an Rí olc leis; chun a cúis gáire a chruthú, téann sé go hEamhain Mhacha agus filleann le habhac Rí Fhearguis; a bhfuil cuma fathaigh air do na daoine beaga.
Ansin cuireann sé de gheasa ar an Rí dul go hEamhain agus leite an Rí a bhlaiseadh. Téann an Rí Iubhdán ann, agus a bhean Bébo in éineacht leis. Bíonn sé gafa ann ar feadh bliana.
Tá eachtraí grinn agus gaoise fite fuaite tríd an scéal; meascán de súgradh agus dáiríre.
Leitheoireacht taitneamhach. Is mór an áis an Corpas. Níl an leagan amach iomlán cuanna ar an Kindle, is minic na bristí leathanaigh amscaí (ach seans go bhfeadfaí é sin a chuir san áireamh san iompú, níor chaith mé aon dua leis). Ach tá na téacsanna soléite go maith, agus i gcás Ua Laoghaire níl an Ghaeilge chomh héagsúil sin le Gaeilge an lae inniu - tá breis dua ag baint leis na téacsanna níos sine!
2020-09-01
Comhairle maidir le cén admhaid a fheileann don tine
"A fhir seo a dheinean deatach mór ag adú' na dteinte agus a loisgean mórán adhmaid, ná loisg rígh na gcrann. Déin an teine do rígh na bhfleadh, d'Fheargus uasal na slógh, ach ná cuir sa teine sin rígh na coille. Ná loisg rígh na bhfeadh do rígh na bhfleadh. Is fann é an féithlean.
Ní'l slóighte móra aige mar atá ag Árdrígh Uladh. Ach tá a neart féin aige. Ní'l an crann san ag fás a' talamh na h-Éirean ná fuil fé n-a smacht.
Cuirean sé a ghéaga caola fada tímpal ar an gcrann is mó agus is treise, agus is seirbhíseach an crann san dó feasta. Ná loisg é, a fhir an deataigh. Is dual dó an uraim is dual do rígh. Tabhair dó an uraim is dual dó, nó beidh a chathughadh ort. Goinfidh faobhar thu nó báthfaidh uisge thu.
"Ná loisg an crann-ubhall áluinn, crann na ngéag bhfaon fé ualach mhilis, crann an chinn bháin gur minic air lámh an duine.
"Ná loisg an draighean dubh. Ní loisgid saoir é. Tugan sé díon do'n eun sa gheimhre.
"Ná loisg crann sailíghe, crann na bhfilí. Tá mísleacht dán ann. Tá mil do bheachaibh ann. Is aoibhinn bheith ag éisteacht le crónán na mbeach agus iad ag deól na meala as a bhláthaibh. Ní ceart é chur sa teine.
"Loisg an cárthan, crann na ndraoidhthe, crann caomh na gcaor ndearg, crann na bpiseóg agus na deismireachta. Ach seachain an coll, coll na ngeug bhfann agus na gcnó a thaithnean leis an bhfiacail. Ná loisg an coll, a fhir an deataigh.
"An fhuinnseóg; dorcha a dath. Cuirean sí luas i rothanaibh; slata i lámhaibh marcach; ruag ar namhaid i gcath. Is mairg a loisgfeadh í.
"Loisg an dris, an rud ríghin deilgneach a ghearan cos an duine agus do stracan a chuid éadaigh. Loisg an dris idir chríon agus glas.
"Adhmad teith dair úr. Ní gnáth aoinne séimh uaidh. Cuirean a ghál teinneas cinn ar dhaoine agus cuirean a ghríos teinneas 'n-a súilibh. Ná cuir sa teine an t-adhmad a chuirfeadh meidhreán agus sile súl ar dhaoine.
"Ná staon ó'n gcrann-fearna do losgadh, badhb teasaidhe na coille. Is fada ó fhuacht duit teine fearna agus sgeithe gile.
"Cuileann, loisg a úr. Cuileann, loisg a chríon. Chun teine ní'l crann le fághail is fearr 'ná cuileann.
"An trom, an droch adhmad, crann eachra na slógh sídhe, loisg go mbeidh 'n-a ghual.
"Loisg an beithe nuair a gheabhair sínte ar an dtalamh é. Agus loisg go mall agus go moch, pé tráth is maith leat é, an crann úd go mbíon a bhárr ar crith.
"Ach an t-iubhar, an t-adhmad is uaisle dhíobh go léir, crann na bhfleadh, mar is eól duit, dabhacha donna is ceart a dhéanamh dé.
"Glac mo chómhairle, a fhir an deataigh. Cuirfidh an chómhairle sin an rath ort i dtaobh anama agus chuirp.
As Eisirt, An tAthair Peadar Ua Laoghaire
Gogamán
Go bhfios dom is focal Feirsteach atá anseo, ar duine a thugann aire do leanaí dhuine eile. De bharr leathtagairt a chuala mé féin ar leagan cainte do Síle na nGog mar an ainm an na híomhánna meánaoiseacha úd, plé a lean ar aghaidh ar an gclár go dti gogaide agus a léithéad, tharraing @Beirneach anuas an cheist faoi Gogamán ar Twitter. Bhí Iarla den tuairim gur le teann magaidh a thug bean as Tír Chonaill an focal do Mhuintir Béal Feirste.
Tagann sin leis an sainmhíniú atá ag Ciarán Ó Duibhín anseo: faoin ceannfhocal - Baby-sitter deir sé
gocamán (so used in Belfast, from Rannafast word for a hen set to hatch another's eggs; in Scotland the word is applied to the bird that hatches the cuckoo's eggs)
Tá cúpla brí ag Dwelly ar gocamán:
gocaman: /gɔxgəman/ fir. gin. ⁊ iol. -ain 1 usher 2 attendant 3 minder
Dar le MacBain:
an usher, attendant, sentinel, or look-out man; Martin's (Western Isles, p.103) gockmin, cockman; from Scandinavian gok-man, look-out man (Arms.; Mackinnon says it is Danish). For root, cf. German gucken, peep. Norse gauksman; gauk maðr, cuckoo man. Norse gaukr, cuckoo; Scottish gawk.
Níor aimsigh mé fianaise don focal gauk maðr ach tá do maðr :
<maðr> man, person; husband; henchman -- [Pokorny manu-s, or monu-s :: man, human being]
Ach freisin
Gocaman - Gauk-madhr (Lochlannais)
Cuthag - Cuckoo (Gàidhlig)Gowk - Cuckoo/Idiot (Beurla Ghallda/Scots)Hunt The Gowk Day/Latha Ruith na Cuthaige (April Fools)
Tá an focal "gog" ann mar leagan leanbaí ar ubh; agus tá bheith ar do ghogaide. Tá an focal "gawk" ar amharc (amaideach no míbhéasach) as Béarla; agus guck sa Ghearmáinis.
Is é mo thuairim féin áfach gur anall thar Sruth na Maoile agus roimhe sin ó Críocha Lochlainn a tháinig an focal, ag athrú brí diaidh ar ndiaidh. Agus ansin le casadh eile ó Rann na Feirste go Béal Feirste, agus ar ais - is cosúil! Murach cobcan na Tromdháimhe bheinn lán cinnte!
2020-09-02 Aguisín
Tar éis dom an méid thuas a chuir le chéile, chuaigh Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh (@Beirneach) ag tochailt arís, agus tháinig ar nithe éagsúla."Banaltra na cuaiche," atá ag muintir Chonnacht ar an riabhóig móna. "Coimhdre na cuaiche," atá ag muintir Thír Eoghain uirthi. Tá "gobadán na cuaiche," agus "an giolla cuaiche" ag na Muimhnigh uirthi, agus tugtar "éinín na cuaiche" uirthi freisin.