2023-06-25
An tairiscint ghníomhach
2020-09-24
Puball na Scéalaíochta
![]() |
| Puball na Scéalaíochta |
(Bhí mír ar An Saol Ó Dheas RTÉ RnaG inné faoi leabhar nua, insint Micheál Ó Dubhshláine ar an scéal áitúil Fiannaíochta Carraig an Ghiorria. Sin faoi ndear an sruth cuimhní seo.)
Ó aois a 16 ar aghaidh, nó mar sin, chaith mé go leor de mo chuid ama saoir le buíon gasóga i mBaile Átha Cliath - a thug comhluadar dom agus deis taistil agus siúl sléibhe. Agus mé ag tabhairt aghaidh ar Bheirlín tar éis na hOllscoile, thuig mé go mbeadh mé níos óige de roinnt blianta ná mo chomhghleacaithe. Bheartaigh mé dá réir ballríocht a ghlacadh i ngrúpa gasóga thall, ar mhaithe le comhluadar.
Ba ar ghrúpa de chuid an BdP a tháining le chéile i Charlottenburg a chuaigh mé. An nós a bhí acu ná "Treibh" a thabhairt ar a ngrúpaí, agus ainm sean treibheanna a ghlacadh chucu féin - rinneadh ball de na Normánnaigh díom dá réir! Chuir mé aithne freisin ar daoine ar chomhaois nó rud beag níos óige ná mé i ngrúpaí eile i mBeirlín Thiar - ní raibh na gasóga thoir, toisc go raibh siad comhshamhlaithe in eagraíochtaí stáit. Agus roinnt de seanfhondúirí na gluaiseachta freisin. Thug sin comhluadar agus spreagadh dom ar feadh roinnt blianta - cé gur shleamhnaigh mé as ar feadh tamaill mar go raibh mo spéiseanna ag athrú (agus gur bhuail mé le mo nuachair anois, ach sin scéal eile).
Dream iad an BdP a tharraingíonn ní hamháin ar machnamh Baden Powell faoin ngasógaíocht, ach ar mór acu na traidisúin a bhain leis na Wandervogel - fánaithe óga roimh an dara Ár Eorpach. Chomh maith le neamhspleachas na ndaoine óga a fhorbairt ba mhór acu seanchas agus go háirithe amhránaíocht fánaíochta. Gné den traidisúin is mór acu ná na "Pubaill Dubha" - nuair a bhíonn siad ar aistir, baineann siad feidhm as pubaill atá comhdhéanta de píosaí éadaigh troma dubha. Is minic nach mbíonn cleith pubaill ar iompair in aon chor acu, iad ag brath ar lomáin a bheith ar fáil san áit a dhéanann siad campáil.
Bíonn pubaill simplí beaga ann - Kohte - aithris ar phubaill na Sámaigh. Ach nuair a bhí grúpa mór le chéile ann feidhmíonn na Jurten mar puball agus go minic ionad tionóil agus seanchais. Puball mór le ballaí arda agus díon. Poll sa lár, agus tine faoi. Coire ar an tine, agus Tschai ann - meascán milis de tae agus sú, agus torthaí agus spiosraí tríd. Chruthaigh an cumasc átmasféir cuideachtúil a spreagann scéalaíocht.
Roinnt blianta ina dhiadh phós mé. Ar chúiseanna lóistíochta - níos mó go mór gaolta agamsa ná ag mo nuachar - bhí an bainis in Éirinn. Chuamar ina dhiadh ar feadh seachtain Mí na Meala i Mám an Óraigh, ós cionn Fionn Trá in Iarthar Dhuibhneach. Bhí aoi amháin ag an mbainis arbh gasóg é agus mhol sé go mór dúinn cuairt a thabhairt ar Reiner Rolff sa Ghleann Mór i nDún Chaoin. Ba dhuine é Reiner a bhíodh gníomhach leis na gasóga i mBeirlín, agus a raibh cáil machnóra agus fáidh fós air i measc an gluaiseacht níos leithne Bündische Jugend. Bhí sé ag cuir faoi ó na 1970í i dteach a a thóg sé féin i nDún Chaoin in éineacht lena bhean agus a mhac.
Ní raibh carr ná tiomáint againn, ach shiúleamar lá amháin feadh trá Fionn Trá, agus timpeall Ceann Sleibhe go Dún Chaoin. Ó tharla ann muid, bheartaigh muid tuairisc Reiner a chuir. I 1994 bhí oifig an phoist fós i nDún Chaoin agus is ann a fuairemar fios an tslí. D'aimsigh muid an teach - suntasach de bhrí go raibh mac Reiner, Heiko, tar éis muine crainn a chuir - agus tá crainn annamh in Éirinn. Bhí tráthnóna breá seanchais againn, agus - rud a bhíomar ann buíoch as - thug Heiko síob siar go dtí an loistín dúinn.
I 2003 bhíomar fillte ar Éirinn le cúpla bliain agus beirt mhac againn. Bhíodar siúd iad féin san aicme is
![]() |
| An Siolla Om greanta ag doras an bhotha |
óige de na gasóga abhus - níos óige ná na macaoimh, Béabhair. Bhí teach saoire tógtha againn gar do Thrá na hInse. Lá de na laethanta - bhí tiomáint foghlamtha ag mo bhean roimh teacht anoir di - rinneamar camchuairt na leithinise arís agus thug cuairt ar Reiner. Faraor, bhí a bhean imithe ar shlí na fírinne tamaill roimhe, ach bhí a mhac agus é féin fós ina chónaí sa teach.
Bhíodh grúpaí scoile agus gasóga ón nGearmáin ag tabhairt cuairt air, agus bhíodh sé ag cuir Micheál Ó Dubhshláine in aithne dóibh, é ag scéalaíocht dóibh. Chun éascaíocht a dhéanamh ar sin bhí comrádaithe leis ó ghluaiseacht na ngasóg tar éis both admhaidh a thógáil, ag aithris ar Jurte na nGasóg. Is ann a bhíodh an airnéain.
Bhí grúpa le teacht roinnt seachtain i ndiadh ár gcuairt, rang deiridh scoile. Tharla sé go raibh mé féin díomhaoin mar gur bhuail tonn iomarcaíochta an comhlacht ina raibh mé fostaithe. Thug mé sciurd siar ó dheas mar sin chun blaiseadh den airneáin. Ar an traein go Trá Lí, ar an ordóg do dtí an Daingean, agus de shiúl na gcos as sin. (Tá fánaíocht go maith don meanma). Fuaireas bheith istigh ó Reiner agus a mhac, agus bhí mé ann don scéalaíocht ar ball agus chuir aithne ar Mhicheál.
Go deimhin, ó tharla gur iarr duine de na múinteoirí scéal faoi Chú Chulainn, agus nach raibh ceann ag Micheál, d'aithris mé féin scéal. Ba iontach an chaoi a chuir an atmasféir san both leis an guth daonna.
![]() |
| An Leperello |
Ní cuimhin liom go baileach cathain ar fhorbair an smaoineamh Leperello a dhéanamh as scéal Carraig an Ghiorria ach bhí Reiner tógtha leis an smaoineamh dul díreach ó Ghaeilge Mhichíl go Gearmáinis seachas trí droichead an Bhéarla, agus sholáthar mise leagan Gearmáinise dó. Chuir Heiko an leabhar i cló ina chlólann Púca Press - Ponc Press anois. (Dhíol sé féin é le bean on Eilvéis, agus nuair a d'fhill sise ar an Eilvéis thóg an siopa leabhar sa Daingean ar lámh é - ach is é Heiko atá arís i mbun na hoibre i Lana an Phúca).
Bhí sé i gceist againn dornán scéalta eile a dhéanamh ar an modh céanna, ach faraor d'éirigh Micheál tinn, agus ansin buail stróc Reiner - mar sin níor críochnaíodh an togra sin riamh. Tá na billeoga áit éigin timpeall an tí agam fós!
Tá léaraidí le Bob Ó Cathail agus téacs Béarla agus Gaeilge le bheith sa leagan nua agus tá cuma iontach snasta air. Eagrán teoranta - ó tharla gur obair láimhe atá i gceist leis an gcló! Tá cathú orm, ach..
2018-09-17
Faobhar an lae
Tá cairde ag mo nuachar ar ealaíontóirí iad. Go deimhin, is taispeántas le duine acu Thomas Richter a thug go hÉireann í sna luath nóchaidí. Thit sí i ngrá leis an gceol, rud a thug isteach i teach tábhairne ceoil i mBeirlín í. Áit ar bhuail mise léi....
Chuaigh mé léi chuig taispeántas de chuid Tomas i Köpenick agus thit mé i ngrá le pictiúr dá chuid, tírdhreach cósta a mheabhraigh saoirí mar pháiste i mBun Machan dom. Cheannaigh mé uaidh é, ar rátaí! Tá ealaíon eile ar na ballaí againn, bronntanais thar na blianta. Ach níl aon pictiúr íle eile ina measc- ní hacmhainn dúinn iad a cheannach agus níl balla a diongbhála againn cibé.
I Mám an Óraigh, ós cionn Fionn Trá a chaith muid mí na meala. Ansin nuair a tháinig muid go hÉireann i 2000,thosaigh muid ag caitheamh saoire i gCorca Dhuibhne. Ó 2003 tá tréimhse caite againn ann mórán chuile bliain. Tá an ceantar siúlta agam. Tá fréamhacha eile agam ann. Is go Com Dhíneoil a chuaigh mo sheanathair chun Gaeilge a fhoghlaim chun a shástachta. Chaith sé sealanna ina dhiaidh sin lena theaghlach i mBaile an Fheirtéaraigh, cois Cuan an Chaoil. Áit éigin sa cheantar tumadh sa tsáile mé agus gan mé ach cúpla lá d'aois - tugadh anoir aduaidh an chéad garmhac lena chuir i láthair!
Nuair a chonaic mé mír Molscéal faoi thaispeántas Áine Ní Chíobháin mar sin bhí sé thar a bheith tarraingteach.
Thapaigh mé an deis sciurd a thabhairt ar an dtaispeántas de Sathairn. Bhí fios maith agam nach mbeadh luach aon phictiúr acu agam ná balla chun a chrochta.
Mar sin féin bhí mo mhac is mé féin tógtha leis an slí a cheap sí na tírdhreacha seo atá inár gcroíthe. Beocht agus téagar sna pictiúr. An solas agus an síon atá mar anam na gcnoc ceaptha agus tugtha go Baile Átha Cliath, na pictiúir ina ngeataí sí go halltar na gcnoc is na hoileáin.
Tá súil agam go bhfaigheadh siad baile maith agus go mbeidh sciar acu ar a laghad crochta ina áiteanna poiblí chun an saibhreas a scaipeadh.
2017-04-21
Fan Inti
Bhí Danny Sheehy ag reachtáil Ciorcal Comhrá le linn Scoil Cheoil an Earraigh agus chaith mé go leor ama ina chuideachta mar sin. Ana reacaire is ea é, eolgaiseach deisbhéalach. Thug an taithí sin an spreagadh breise a bhí de dhíth orm le fios a chuir ar an leabhar Fan Inti ón leabharlann.
Roinnt blianta ó shin, bhí Danny páirteach i dtogra ealaíona i mBaile Átha Cliath chun naomhóg a thógáil; bhí daoine ón gceantar páirteach san iarracht freisin.
Dialann na tógála droimlorga an leabhair. Ní raibh a leithéidí déanta cheana aige, cé go raibh scileanna siúinéireachta aige, é ina oide adhmadóireachta.
Is fearr an cur síos a thugann printíseach ná máistir ar shaothair cheirde, agus is amhlaidh anseo - bóithre caocha agus botúin san áireamh.
Ach tá níos mó ná dialann i gceist. Tugann sé lear mór seanchais dúinn ó Iarthar Dhuibhneach. Stair agus ginealach teaghlaigh a raibh baint acu le tógáil naomhóga; scéalta iascaireachta, báis tragóideach ina measc. Lán sonraí - fhios aige cén maoin a bhí ag comhluadar ar leith. Féar dhá bhó anseo, féar ocht mbó ansiúd. Siopadóirí gustalacha is sclábhaithe feirme gan phingin.
Codanna den leabhar iontach faoistineach - chuir roinnt den gcuir síos ar a bhabhtaí óil is ragairne imní orm!
Tá nathaíocht agus saibhreas cainte nádúrtha tríd síos, agus is mór an pléisiúr atá le baint as an léamh.
Tá caibidil ar leith ag deireadh an leabhair ag déanamh mion chuir síos ar uirlisí na ceirde.
Is trua nár déanadh beagán eagarthóireachta ar an leabhar - tá roinnt athrá gan gá ann, agus corr sleacht as áit.
Ach is léitheoireacht fiúntach atá ann, lán eolais is éirim.
(Nath is ea Fan Inti a chiallaíonn 'fan socair')
Fan Inti
Domhnall Mac Síthigh
Coiscéim
2008.50
2017-02-28
Saoirse fánaíochta
Is breá liom bheith ag siúl. Nuair a bhím in Iarthar Dhuibhneach ach go háirithe. Tá méid áirithe bealaí siúl marcáilte, agus tá camchuairt na leithinse - Slí Chorca Dhuibhne - ann. Faraor, tá i bhfad barraíocht de ar bhóithre. Is beag talamh poiblí atá in Éirinn. Fiú sleasa na sléibhte, is cimín in úinéireacht grúpa feirmeoirí mórchuid de. Níl, mar atá ar an mór roinn, nó fiú san Ríocht Aontaithe, cearta bealaigh fairsing ná dlí fánaíochta ann.
Is le déanaí - cúpla glúin - a fuair muintir na hÉireann seilbh ar an dtalamh a shaothraíonn siad agus íocadh praghas ard i streachailt agus allas agus airgead freisin as. Fágann sin dearcadh láidir, colgach go minic ag úinéirí talún a bhfuil a gcuid talún tarraingteach do shiúlóirí. Is furasta deá thoil a ídiú.
Ní chabhraíonn sé gan amhras gur lucht cathrach mórchuid de na siúlóirí, dream atá gan ar thuiscint go minic ar eallach agus barraí.
Tá ceart siúl achrannach dá réir agus gan aon amharc ar réiteach fónta. Ní chuidíonn cásanna cúirte faoi timpistí ina éilítear cúiteamh ard. Bhí cás dá leithéidí sna cúirteanna le déanaí. Chaill an t-iarratasóir ar deireadh, ach bhí an cás ag dul ar aghaidh ar feadh roinnt blianta. Thuigfinn ar dhóigh don feirmeoir a mheasann gurbh fearrde dó cead siúl a dhiúltú agus fanacht glan ar achrann. Is mór an trua é, áfach.
Bhí orm an turas seo mo bhealach a dhéanamh tráthnóna Aoine ón mBuailtín chomh fada le Tig Áine ar an nGráig. Thaispeáin an léarscáil atá agam slí Chorca Dhuibhne ag leanacht an chósta ó Bhaile an Challa go Cloichear. Bhí fonn orm an píosa sin a shiúl - ní raibh sé siúlta cheana agam. Ar aghaidh liom mar sin, ainneoin na gaoithe. Ach agus mé ag Baile an Challa bhí na fógraí do mo threorú ar ais go dtí an príomhbhóthar. Chas mé ar ais, ag ceapadh go raibh botún déanta agam. Ach ní raibh rian de thús an bhealaigh.
Bhuail mé bleid ar fear amuigh lena mhadra, agus dhearbhaigh sé an rud a shíl mé - bhí an cosán a bhí ar mo léarscáil múchta, toisc gur dhún feirmeoir cúpla gort.
Ní raibh fonn achrainn orm, agus bhí mé ar tí aghaidh a thabhairt ar an príomhbhóthar le croí trom; ach thairg sé dom mé a thionlacan thar an bpíosa iata.
Táim fíor bhuíoch go ndearna. Bhí siúlóid iontach sceirdiúil agam fán gcósta, is chonaic mé an eas.
Ar ámharaí an tsaoil tá lúb leagtha amach ag an gcomharchumann chun an gcuid is fearr a fheiceáil - Slí Chuas na nEighe - a thosaíonn ag Cloichear. Mar sin féin is trua an bhealach a bheith iata.
Agus is mór an trua gan cead siúl ar bith a bheith ar Cheann Sibéal agus na Triúr Deirfiúr.
Ba mhithid teacht ar shocrú stuama.
Ar ndóigh ar mo shiúlta bhí fadhb eile soiléir - creimeadh cósta. Déardaoin shiúl mé giota den mbealach ó Béal Bán go Baile an Reannaigh- cuid mhór den bealach ite ag an bhfarraige agus bheadh sé deacair é shiúl ag lánmhara.
Ach táim buíoch go bhfuair mé an deis!
(Siúlóid Déardaoin gorm agus Aoine dearg ar an léarscáil thíos)
2017-02-27
Scoil Cheoil an Earraigh
Níl nóta ceoil agam féin. Ar ámharaí an tsaoil is le mo bhean, a bhfuil féith láidir an cheoil inti, a chuaigh ár gclann. Rinne, agus déanann, sí cúram ar leith dá n-oiliúint agus iad bainteach le Comhaltas Ceoltóirí le fada. Bíonn sí ag taisteal leo freisin.
Tá mac linn ina phíobaire agus ag dul do chéim sa cheoil.
Tá iníon linn, atá deich mbliana d'aois, ag dul don bhfidil le roinnt blianta. Le déanaí thug sí faoin mbosca ceoil.
Bhíodar siúd ar an mBuailtín cúpla uair cheana, ag Scoil Cheoil an Earraigh, ach ní raibh mise leo. I mbliana áfach bhí fonn orm cúpla lá faoin dtor a chaitheamh. Chuaigh an triúr againn - mo nuachar, m'iníon is mé féin, siar ó dheas dá réir de Céadaoin beag seo.
Bhí tig saoire ar chíos againn i bpáirt le teaghlach eile ar Bhaile an Éanaigh, cúpla nóiméad sa charr agus thart ar leathuair coisíochta ón mBuailtín.
Bhíomar ann faoi lár an tráthnóna ar an gcéadaoin, am againn dinnéar a réiteach ar ár suaimhneas roimh aghaidh a thabhairt ar an Ionad Gaeilge agus Gaeltachta, foirgneamh breá nua atá tógtha le cúpla bliain anuas ag an gComharchumann ar imeall an sráidbhaile.
Bhí slua maith cruinnithe don oscailt oifigiúil, áit a raibh beagán cainte (as Gaoluinn, aistrithe go comhuaineach go Béarla) agus móráin ceoil. Ceoltóirí de chuid na háite - lena n-áirítear Steve Cooney agus Breandán Ó Beaglaoich. Ach bhí daltaí scoile agus meánscoile ann freisin. Fear siúlach é Breandán Ó Beaglaoich, agus is cosúil go gcnuasaíonn sé ceoltóirí ar a shiúlta. Bhí triúr ceoltóir mná ón Eastóin ann ar feadh na seachtaine, agus beirt ó Asturies a casadh ar Bhreandáin agus a chomrádaithe agus iad ar Chamino na Sáile.
Bhí m'iníon tuirseach, mar sin níor fhan muid go raibh deireadh ceolta ná ní dheachaigh mé síos an bhaile - ach shamhlóinn go raibh oíche go maidin ag roinnt agus fraitheacha tábhairní an Bhuailtín á ardú ag ceol.
Bhí m'iníon ag freastal ar ranganna bosca ceoil ar maidin ó Déardaoin go Satharn. Ranganna a bhí faoi stiúr Bhreandáin Ó Beaglaoich. Bhí ceol le clos as gach cúinne de fhoirgnimh an Chomharchumainn, as Scoil Náisiúnta Baile an Fheirtéaraigh, agus as cúinní eile ar fud an Bhuailtín. Chuala go raibh 200 idir óg agus aosta cláraithe sna ranganna éagsúla, réimse leathan uirlisí agus gan amhras amhránaíocht clúdaithe. Ceoltóirí móra le rá na hoidí - Steve Cooney, Caoimhín Ó Raghallaigh, Eithne Ní Chatháin, Paidí Mharthain Mac Gearailt agus daoine nach iad.
Seachas bheith iomlán díomhaoin chaith mise na maidneacha ag ciorcal comhrá faoi stiúr Danny Sheehy. Bhí meascán spéisiúil daoine ann, idir nuachainteóirí líofa, foghlaimeoirí agus roinnt de mhuintir na háite. Bhí allagar spéisiúil ann.
Rinne mé roinnt siúl freisin, ach seans go mbeidh blagmhír dá chuid féin aige sin.
Tráthnóna Déardaoin seoladh CD de chuid Saileog Ní Cheannabháin, meascán amhrán is ceoil Tí Bhric. Díreach sna sála ar sin bhí seisiúin amhránaíochta. Bhí go leor páistí is daoine óga páirteach ann, mná na hEastóine ina measc.
Istoíche bhí ceolchoirm in ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin. Ar ámharaí an tsaoil bhí ticéid curtha in áirithint againn, mar bhíothas ag cuir daoine ó dhoras.
Bhí ceoltóirí éagsúla ar stáitse. Cuisle láidir ceoil Caoimhín Ó Raghallaigh agus Breandán Ó Beaglaoich. Ceol ar an bpianó ó Saileog Ní Cheannabháin. Cláirseach uasal Laoise Kelly. Bosca ceoil bhríomhar Danny O'Mahony, le tionlacan phianó ó Patsy Broderick.
Dé hAoine chraol An Saol ó Dheas ó ionad an chomharchumainn, agus bhí mé i láthair. Féasta eile ceoil a bhí ansin agus na ceoltóirí áitiúla agus ó i bhfad i gcéin páirteach.
Ina dhiaidh sin thug mé aghaidh ar Thig Áine sa Ghráig. Bhí an teach ag cur thar maoil le ceoltóirí óga - páistí don gcuid is mó, i mbun seisiún faoi stiúir éadrom cúramach ag Breandán Ó Beaglaoich. Casadh go leor amhráin, cuid acu ag leanaí a shilfeá nach raibh caint acu ró fhada! Ardú croí ab ea é.
Ghlac muide oíche Aoine saor, ach bhí an teaghlach eile in ionad an Bhlascaoid ag ceolchoirm a bhí tiomnaithe don bpíobaireacht. Píb uilleann, agus píob mhór Asturias agus na hEastóine. Bhaineadar sult as an dtaispeántas.
Tar éis na ranganna maidin Satharn líonadh sáipéal an Bhuailtín le ceoltóirí do cheolchoirm na ndaltaí. Bhí gach rang faoi seach sna binsí, agus sheinn siad port nó dhó; idir eatarthu sheinn duine de na hoidí roinnt ceoil agus cuireadh clabhsúr leis le sciar maith de na ranganna ag seinm le chéile.
Chuaigh mé féin ar siúlóid oidhreachta feadh trá Béal Bán go Dún an Óir faoi stiúir Danny Sheehy arís fad is a bhí m'iníon ag glacadh páirt i máistir cheacht ar an bhfidil le Iarla Ó Domhnaill.
Oíche Satharn bhí Halla na Feothanaí lán do cheolchoirm inár sheinn go leor de na múinteoirí. Bhí sé deacair spás a thabhairt don réimse leathan tallainne ó Claisceadal na Pobalscoile go Steve Cooney. Chuir mná na hEastóine sciar den lucht féachana ag rince i nathair fada tríd an halla. Faraor de bhrí go raibh sé ag éirí déanach bhí orainn imeacht gan deis a fháil muintir Asturias a chlos.
Maidin Domhnaigh d'éist mé aifreann le tionlacan Cór Chúil Aodha, leibhéal eile ceoil.
Ardú croí ab ea an turas ar fad dom, idir tírdhreach, ceol agus go háirithe an líon mór daoine óga a bhí ag foghlaim agus ag ceol agus ag amhrán.
Measaim go mbeimid ar ais!
2014-08-02
Lagshiúleach leithscéalach
| Aireagail Gallarus |
Ach tá sé de bhuntáiste ag siúl mar seo gur beag an baol ón aimsir! Tá roinnt ionad seandálaíochta fán mbealach, Gallarus agus Cill Maoilchéadair ina measc.
|
|||||
|
|
||||
|
Bíonn bláthanna fiáine le feiceáil go fairsing agus iad faoi bhláth an tráth seo den mbliain. Ar an mbóithrín glas idir an Leataoibh Beag agus an Leataoibh Meánach bhíomar ag siúil idir sceacha fiúise agus dord na mbeach (agus feithidí eile a chuir as do mo mhac) le clos go láidir. Bhí tús an ghiota seo ian dhraoib ar fad, ach ós gá do feirmeoirí a gcuid fearais a thabhairt go dtí na goirt, níl fhios agam an bhfuil réiteach ar sin.
Idir Cill Maoilchéadair agus Corr Áille trasnaíonn an chosáin Rinn Chonaill. Bhí magairlíní le feiceáil go flúirseach ansin. Siúlóid thaitneamhach atá ann, agus marcáilte go maith. |




