Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Nuala Ní Dhomhnaill werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Nuala Ní Dhomhnaill werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2020-10-19

Nuala Ní Dhomhnaill - Selected Essays

Spreag nasc a roinn Caitlín Nic Íomhair chuig aiste le Nuala Ní Dhomhnaill, agus aiste eile a chuir Gregory Darwin chugham ag eascairt as comhrá Twitter faoi mé chun fios a chuir ar an gcnuasach seo d'aistí as Béarla de chuid Nuala Ní Dhomhnaill. Áistí a foilsíodh in irisí éagsúla  - sciar acu i Meiriceá, ach atá cnuasaithe anseo. Buntáiste do léitheori lasmuigh den acadamh nach bhfuil teacht aige ar na hirisí ar líne.

Tá léargas ann ar an ithir as ar fáisceadh a cuid filíochta - go háirithe an seal a chaith sí ina leanbh i gCathair an Treantaigh i gCorca Dhuibhne. Baile fearainn in aice le Trá Fionn Trá. Áit a raibh gaolta aici, sáite sa bhéaloideas. Ansin an searc a thug chun siúl í chun seal a chaitheamh sa Domhan Thoir - seal a thug léargas iomlán eile di, ach a thug ar ais go Corca Dhuibhne freisin í. An imirce ag oscailt súile maidir leis an dúchas agus an bhféiniúlacht.

Sruth láidir cearta na mban agus áiteamh laidir gur cneasú atá de dhíth is ea athnascadh leis an nGaeilge ach freisin leis an mbaineannacht. Baineannacht ar a thearmaí féin seachas tríd criathar smaointeoireachta fireann - spéirbhean, flaithiúnas nó cailleach - ní sin an bhean. Gur gá bealach folláin a thabhairt don fochomhfhios isteach sa chomhfhios nó go réabfaidh bealach neamhfholláin tríd tinneas.

Go hiondúil is ficsean mo rogha leitheoireacht lasmuigh de chúrsaí gairme, agus is annamh go mbíonn ar mo chumas admhaid a bhaint as teoiric. Ach is fotha a cuid filíochta atá sna haistí seo, agus cuireann le mo thuiscint agus bá leis an bhfilíocht.

Táim buíoch do Chaitlín agus Gregory as an spreagadh agus beidh marana le déanamh.


Nuala Ní Dhomhnaill: Selected Essays (ed. by Oona Frawley)

New Island Books, 2005

2014-11-23

Bean (agus scata fir) lán de stuaim

Fuair mé mé féin san Back Loft, i láthair ag léiriú den saothar idir lámha de chuid Guthanna Binne Síoraí - Má Thagann Tú. Faoi stiúir Tristan Rosenstock, táthar ag fí dánta agus amhráin grá i nGaeilge i dtaipéis drámaíochta, ag oscailt fuinneoga trí Bhéarla ar léann agus éigse ár sinsir. Tá cur síos i dTuairisc ag Tristan ar an coincheap anseo.
Agus muid ag teacht isteach, seoladh fir ar dheis, mná ar chlé. (Bhí slua maith i láthair, ach sílim go raibh beirt ban in aghaidh an fhir ann! Agus gan ach dornán a d'aithin mé, deá theist)
Rinneadh ceiliúradh ceolmhar ar an ngrá in amhrán, ceol agus reacaireacht - na bun-amhráin Gaeilge scaití á reic in aistriúcháin Gabriel Rosenstock, scaití á mhíniú go cliste in athfhriotail - dochtúir ag iniúchadh an dream tinn le grá, litir grá á léamh, aisteoir ag léiriú focail amhráin, i bpearsa an mhealltóra. Bhí an bréagadh, an grá éagmaiseach, an grá comhlíonta, an ragairne ar fad ann. An seanduine dóite agus an maighdean soineanta. Miangas Leaba Shíoda agus geanmnaíocht ar éigean A Bhean lán de stuaim. Éadóchais an té meallta, bean i nDónall Óg, fear i Máirín de Barra.
Cuireadh críoch leis le comhairle ón 9ú aois Is é mo shámud re mnái.
Cuireadh an lucht féachana ag rince ansin - iadsan a bhí ar an imeall pé scéal. Mo thrua an ógbhean ar thit sé ar a crann rince leis an mbodach anásta seo!

Bhí plé spéisiúil dhá theangach  i ndiaidh an taibhe; agus ba léir go raibh an léiriú imithe i bhfeidhm orthu siúd ar bheagán Gaeilge. Sprioc aimsithe!

Táim ag súil go mór an saothar snasta a fheiceáil san samhraidh seo chugainn - tá an ghealladh faoi. Bígí ag faire amach, agus tapaígí an deis!

2010-04-26

Fánaíocht Fileata


Mheabhraigh dán Nuala Ní Dhomhnaill dom go bhfuil leabhar dá cuid ar mo leabhragáin le fada. Fuaireas thiar i dtús na nóchaidí é, nuair a bhí sí ag Féile Litríochta i Pankow, i mBeirlín na Gearmáine. Feis an teideal atá air. Agus mé ag póirseáil tríd arís - tar éis na blianta, bhí sé san dara rang ar na leabhragáin - tháinig mé ar dhán faoi siúlóid i Loch a'Dúin. Thug mé féin cuaird ar an ngleann úd thiar sa bhfómhair.
Laistiar de Bhaile Uí hÓinín
i ngleann i measc na gcnoc
tá faill dhubh os cionn loch a' Dúin
is eas ar Abha na Scóraide.

Tugtar ana bhlas sa dán ar siúlóid teaghlaigh chuig an gleann, agus an fiannaíocht a ghabhann leis. Ag deireadh an lae:
Faoin am seo bhí sé ag éirí fuar
is bhí daoine ocrach
is faoin am go rabhamair ag casadh abhaile
bhí cuid againn cancrach

Is chualathas mo chéile ag rá ina theanga féin
"Na fiafraigh d'fhile cá bhfuil an bóthar go Baghdat.
Léimfidh a samhlaíocht thar íor na spéire
is raghaidh tú amú sa phortach"

Is iomaí seod deá sníomhta eile atá sa leabhar.

2010-04-23

Blúirín: Sneachta (Nuala) Rua


Sneachta

Níor chan éan
Níor labhair damh
Níor bhris tonn
Níor lig rón sceamh


Chonac an rann thuas ar an DART, ag tarraingt aird ar Féile Cúirt ina bhfuil Nuala Ní Dhomhnaill ag glacadh páirt.

Is éachtach an chuir síos ar tost iar sneachta atá ann. Ar mhaithe leis an dreama gan Ghaeilge, tá aistriúchán iontach le Michael Hartnett ag dul leis.

(Súil agam gur úsáid chóir atá ann an rann a chuir anseo. Íomhá ó Wikimedia)

2009-09-27

Leoin leonta

Na filí Rúiseacha Bhí ócáid thaitneamhach eile de chuid IMRAM ann oíche Aoine. LEOIN I nGÉIBHEANN/ CAPTIVE LIONS: Filíocht de chuid Anna Akhmatova, Vladimir Mayakovsky agus Marina Tsvetaeva aistrithe go Béarla agus Gaeilge. Filí iad uilig a bhí thuas san 20ú aois, agus a d'fhulaing faoi Stailín. Chuir beirt acu lámh ina mbás féin.

Chuir Liam Carson gach file faoi seach in aithne, agus ansin léigh file Éireannach aistriúchán dá gcuid saothar, le cúlra ceolmhar ó Jackie Leven (giotár), Michael Cosgrave (méarchlár) agus Sean Óg (Sax).

Léigh Paula Meehan saothar le (sílim!) Anna Akhmatova i leagan Béarla a rinne sí féin. Saothar duairc bhrónach - caint ann air faolchú baineann agus fuil agus oighear. Is dóigh liom go raibh splanc dóchais ann - bhí an oighear ag leá, deiridh ag teacht leis an ngeimhreadh.

Chan - más sin an focal ceart - Tomás Mac Siomóin dán le Mayakovsky i leagan Gaeilge. Éigeas i ngleic leis an bhfear cánach. Bhí sé lán de bhrí agus d'fhuinneamh, agus cíoradh ann ar dhán an fhile, agus é i ngleic leis an teanga, agus an dua as a bhfáisctear dánta. Tugadh "file rap" ar Mayakovsky, agus is sa stíl reacaireachta sin a bhí an píosa. B'é Tomás an fear chuige, deirim libh!

Ansin thug Nuala Ní Dhomhnaill a leagan de dhán brónach, mothúchánach le Marina Tsvetaeva (is féidir go bhfuil an dá banfhile curtha tré chéile agam!). Sliabh ar bhruach cathrach, á slogadh ag tithe na saibhir, ach ag baint díoltas amach. Tráthúil d'Éireann na linne seo! Bhí cimeonó cuanna á chaitheamh ag Nuala, agus chuir sé sin lena cur i láthair láidir.

Bhí an cúlra ceolmhar thar a bheith maith. Thug na hoirfidigh ceolchoirm dá gcuid féin, le hamhráin le Jackie Leven bunaithe ar fhilíocht Tsvetaeva - ach bhí ormsa teitheadh, i mo luaithríona ag iarraidh breith ar bhus a deich!