16 October 2009

Camchuairt Dhuibhneach

(Tiaracht, radharc ó Más an Tiompáin)

Bhíos fhéin agus Tiernán san Daingean ag freastal ar Thionóil Fómhair Sléibhteoireacht Éireann. Oíche Aoine, nuair a shroich muid an Daingean, bhí caint ar Sheandálaíocht na Leithinse ó Mhicheál Ó Coileáin. Is iontach an rud é éisteacht le duine go bhfuil idir eolas agus grá aige dá ghairm. Agus ba ullmhú mhaith a bhí ann don siúl - leag sé béim ar an bhfíric gur cuid den taobh tíre na hiarsmaí.

Chaith muid an oíche i mbrú i Bóthar an Dadhgaide, trasna ó gCafé Liteartha. Lána deas ciúin atá anseo i rith an lae. Ach, faraor, aicearra idir tábhairní atá ann istoíche! Ní chodlaím ró mhaith nuair nach bhfuilim i'm leabaigh fhéin - ach ba mheasa a chodail mé de bharr an challáin.

Maidin Satharn, thrasnaigh muid an Chonair i mbus agus tugadh go Srón Bhroin muid. Thart ar tríocha duine a bhí ar an siúlóid áirithe seo, agus Gaeilge ag thart ar leath - rud a d'fhág go raibh comhráití nádúrtha i nGaeilge ar siúl, agus tionchar dearfach aige ar idir cadhain aonair cosúil liomsa agus Bhéarlóirí. Ní minic a leithéid ag tarlú gan réamhullmhú!

Lean muid suas agus anuas na sléibhte fán gcósta ar feadh tamaill. (Agus tabhair suas agus anuas air - caol agus géar, duine i ndiaidh duine in áiteanna)

Lean muid líne an chósta go dlúth chomh fada leis an Sás. Bhí ceannairc bheag ann ansin. Ba duine é an treoraí a chreid nár cheart stopadh in aon chor, ach ithe "ar an gcrúb". Ach bhí bean láidir amháin a chuir stop leis. Bhí sí stiúgtha toisc go raibh sí tar éis tiomáint ó Tuaisceart Chiarraí an mhaidin sin, agus bhí a cuimhne ar leite na maidine ag maolú... Bhí lón bhreá againn i radharc an Sáis. (Is iontach an t-anlann an ocras. Ach is fearr fós aer úr sléibhe!)

Lean muid an cósta ar feadh seal, agus ansin bhuail muid le Slí Chorca Dhuibhne in Airghleann. Thrasnaigh muid an bearna idir Más an Tiompáin agus Piaras Mór. Bhí an fána sách géar, ach marcáilte go soiléir le cuallaí agus corr saighead bhuí ar chloch. Thuas ar bharr tá cloch oghaim - agus cros greanta air. (Ghlac mé grianghraf, ach bhí sé ceomhar, agus níl aon mhaith ann).

As sin chuaigh muid síos le fána i dtreo Cuas an Bhodaigh. Bhí an radharc aoibhinn thuas le feiscint againn, ó tharla gur ghlan an aimsir beagán. Thart ar sé uair a chloig san iomlán a thóg an siúlóid. Thart ar cúig uaire a thógfadh sé le grúpa níos lú, sílim. Ach bhí mé tuirseach go maith faoin am ar tháinig muid chomh fada leis an mbus.

Bhí dinnéar bhlasta eagraithe in Ostán Benners. B'éigin íoc as tré éisteacht leis an ghnáth cúpla focal ag na feidhmeannaigh, ach ina dhiaidh sin (agus ag druidim le meán oíche) thug Dermot Somers ana phíosa cainte uaidh. Is fiú mír dá chuid féin é sin.

Bhí debs na pobal scoile ar siúl, agus raic dá i mBóthar an Dadhgaide. Bhris diabhlán éigin fuinneog i lár na hoíche.



Tar éis Aifreann (Gaeilge) ar a naoi thug mé féin aghaidh ar Loch a' Dúin. Threoraigh Micheál Ó Coileáin siúlóid anseo. Tá an gleann lán d'iarsmaí ó gach aois - clocha maisithe, uaigh ciste agus ach go hairithe fallaí cosúil leis na cinn in Achaidh Chéide.

Bhí píosa airithe tochailte ag dream a raibh Micheál páirteach leo.



Bhí an siúlóid spéisiúil go maith, ainneoin gur fhliuch brádán go craiceann mé, geall leis. Bhí sé i gceist againn timpeall an locha a dhéanamh, ach bhí oiread uisce san eas nach bhfeadfaí an abhann a thrasnú, agus d'fhill muid ar an gconair chéanna.

Idir an dá linn bhí Tiernán ag dreapadh leis i mBaile na Buaille.

Bhain muid an taitneamh as an deireadh seachtaine.
Ana jab déanta ag Cumann Sléibhteoireachta Chorca Dhuibhne

6 comments:

Dubhaltach said...

á lad. Tá sin ar fheabhas. Cuir síos cuimsitheach, táim go hiomlán in éad libh.

Bhí sé i gceist agam an tsiúlóid sin a dhéanamh uair éigin, ach is dóigh go mbeadh gá le duine éigin ag fanacht leat ar an dtaobh eile de Mhás an Tiompáin, timpeall Cuas an Bhodaigh.

Déarfainn go bhfuil aithne pearsanta agat ar Somers faoin am seo?

Cá bhfuil Loch an Dúin go díreach?

aonghus said...

Tá aithne súil ag Dermot orm. Ní bheadh sé de dhánaíocht aithne phearsanta a mhaíomh leis. Níor dhreap mé aon chreig leis riamh!

Maidir leis an tsiúlóid, bheadh an dúrud tiomáint i gceist leis.

Tá Loch a' Dúin ar thaobh na leitriúigh den Chonair. Tá cosán ar dheis san áit go bhfuil bóthar ar chlé chuig Srón Bhroin ach an Chonair a bheadh trasnaithe agat ón Daingean.

Gerry said...

Tá mé ann leat, i m'aigne. An bhfuil aon fhadhb 'cead slí', san áit sin tíre?

aonghus said...

Dúradh liom go raibh feabhas mór tagtha ar an scéal sin, seachas corr chancrán anseo is ansiúd. Ach tá siad ag cuir leis na bealaí marcáilte i gcónaí.

Séamas Poncán said...

Iontach deas. Cén saghas áite an Caife Liteartha?

aonghus said...

Siopa leabhair, agus caifé taobh thair de. Siopa a bhfuil mórchuid de na leabhair Ghaeilge ar fáil ann.