Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label peadar ua laoghaire werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label peadar ua laoghaire werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2020-10-08

Niamh

Ós rud é gur bhain mé taitneamh as An Craosdeamhan agus Eisirt, shocraigh mé Niamh a íoslódáil freisin ó Chorpas ARÉ. Athinsint Peadar Ua Laoghaire ar Cogadh Gael re Gall atá ann, na himeachtaí a raibh Cath Chluain Tairbh agus bás Bhrian Ború mar deireadh leo.

Níl mé cinnte, ach ní dóigh liom gur pearsa stairiúil í an Niamh, iníon leis an rí Tadhg Mór ua Cealla, rí Uí Mháine. Brian féin, a mhac Mhurcadh, dearthair le Niamh Tadhg (níl mé cinnte arbh ann dó go stairiúil  ach oiread), Gormlaith bean Bhrian agus máthair Sitric rí Áth Cliath agus deirfiúr le Maol Mórdha Rí Laighean. Tá mac (neamhstairiúil ?) le Gormlaith - Amhlaoibh - lárnach san insint freisin. 

Tá cnámha maithe sa scéal, teannas agus spiadóireacht agus comhcheilg idir prionsaí a raibh gaoltá líonmhaire pósta eatarthu ainneoin iad a bheith ina nGael nó a Lochlannaigh faoi seach. 

Ach ar an drochuair tá laigí go leor leis mar úrscéal. Barraíocht insint seachas léiriú; agus teipeann ar dar liom Niamh a chuir i lár an scéal mar ghníomhaí seachas mar ceithearnach. Bheadh an scéal mórán mar an gcéanna ach í a bhaint as. Bíonn cuid de na hiarrachtaí í nascadh leis an aicsean dochreidthe ar fad - spiairí ag tuairisciú di chomh maith le do Bhriain ach gan é soiléir cén éifeacht a bheadh aige sin. Agus tá sí i bhfad ró "naofa" dáiríre. 

Agus déanann an tAthair Peadar barraíocht seanmóireacht; tá seobhaineachas láidir creidimh agus Gaelachas ann. Bolscaireacht a bhí feiliúnach i 1910 b'fhéidir ach atá sách ait do léitheoir na linne seo.

Tá ábhar iontach urscéil stairiúil ann - ach ní hé Niamh an toradh ceart. D'fhéadfaí an plota a thógáil, an bolscaireacht a bhaint as, agus úrscéal fearacht Cluiche na Corónach a dhéanamh as a bheadh iontach láidir.

2020-09-28

An Craos-Deamhan

Blianta fada ó shin cheannaigh mé leabhar Gearmáinise le rogha Thurneysen de scéalta as litríocht na nGael. Bhí leagan ann de Aislinge Meic Con Glinne, téacs iontach áiféiseach faoi bhia, agus an laoch ag leigheas Rí Mumhan ó chraos-deamhan tríd an scéal a reic dó. Tá leagan Béarla ar shuíomh CELT freisin.

Bhí mé ag súil go bhfaigheann leagan Nua Ghaeilge a bheadh ar mo chumas léamh uair éigin. Thóg sé tamall orm tuiscint gurb é sin díreach atá in "An Craos-Deamhan" le Peadar Ua Laoghaire; agus fuair mé ó Chorpas ARÉ é agus sheol ag mo Kindle é.

Leanann sé an lamhscríbhinn go dílis, feictear dom. Anuas go dtí an mionn "Dar mo dhebhroth". Ach ag deireadh an scéal tá aguisín curtha leis aige, soiscéal na Measarthachta de réir an tAthair Maitiú á thabhairt aige. Mheas mé freisin, mar Chorcaíoch dílis, go raibh roinnt curtha leis aige chun clú Mainchín a chosaint ar an líomháin gur go héagórach a chaith sé le Mac Con Glinne.

Tá codanna den scéal ar dheacair do léitheoir na linne seo ciall a bhaint astu - agus tá cuid de na ruthaig agus athrá beagán fadálach. Ach is leabhairín beag taithneamhach atá ann mar sin féin. Thaithin sé liom.

Is iontach go bhfuil teacht measartha éasca ar na téacsanna - idir bun téacs ar CELT agus athéacs mar atá curtha ar fáil ag Peadar Ua Laoghaire. Go deimhin, an constaic is mó anois ná fios a bheith ag duine iad a bheith ann!


2020-09-03

Eisirt

Tá fáil ar Corpas Stairiúil na Gaeilge ina bhfuil cáipéisí ó 1600 go dtí 1926 ar líne le tamall. Is féidir é chuardach - ach is féidir freisin na téacsanna a íoslódáil. Tá siad ar fáil i bhfoirm ePub; cé nach bhfuil sé sin oirúnach don Kindle, tá sé measartha éacsa aistritheoir go MOBI a aimsiú ar líne, agus é chuir le cnuasach ar Kindle, rud atá déanta agam le roinnt leabhair.

Ina measc Eisirt - athinsint Pheadar Ua Laoghaire ar chuid den méid de Imthechta Túaithe Luchra agus Aided Fergusa a d'fhoilsigh Standish O'Grady. 

Tá trácht anseo ag Gregory Darwin ar an mbuntéacs, agus na móitíf ann.

Is dóigh liom go raibh an tAthair Ua Laoghaire ag scríobh do dhaoine óga, agus mar sin gur chuaigh sé níos faide fós ná Standish O'Grady chun an chollaíocht agus graostacht sa bhunleagan a cheilt - cé go bhfuil rian den teannas fágtha san trácht ar Bhébo ag cúirt Fhearghusa.

Scéal atá ann faoi file na ndaoine beaga, a bhriseann gáire air nuair a chloiseann sé a Rí ag maíomh as neart agus feabhas a phobail - toisc gurb eol dó daoine a bheith ann. Glacann an Rí olc leis; chun a cúis gáire a chruthú, téann sé go hEamhain Mhacha agus filleann le habhac Rí Fhearguis; a bhfuil cuma fathaigh air do na daoine beaga.

Ansin cuireann sé de gheasa ar an Rí dul go hEamhain agus leite an Rí a bhlaiseadh. Téann an Rí Iubhdán ann, agus a bhean Bébo in éineacht leis. Bíonn sé gafa ann ar feadh bliana.

Tá eachtraí grinn agus gaoise fite fuaite tríd an scéal; meascán de súgradh agus dáiríre.

Leitheoireacht taitneamhach. Is mór an áis an Corpas. Níl an leagan amach iomlán cuanna ar an Kindle, is minic na bristí leathanaigh amscaí (ach seans go bhfeadfaí é sin a chuir san áireamh san iompú, níor chaith mé aon dua leis). Ach tá na téacsanna soléite go maith, agus i gcás Ua Laoghaire níl an Ghaeilge chomh héagsúil sin le Gaeilge an lae inniu - tá breis dua ag baint leis na téacsanna níos sine!

2020-09-01

Comhairle maidir le cén admhaid a fheileann don tine

 Do labhair Iubhdán.

"A fhir seo a dheinean deatach mór ag adú' na dteinte agus a loisgean mórán adhmaid, ná loisg rígh na gcrann. Déin an teine do rígh na bhfleadh, d'Fheargus uasal na slógh, ach ná cuir sa teine sin rígh na coille. Ná loisg rígh na bhfeadh do rígh na bhfleadh. Is fann é an féithlean.

Ní'l slóighte móra aige mar atá ag Árdrígh Uladh. Ach tá a neart féin aige. Ní'l an crann san ag fás a' talamh na h-Éirean ná fuil fé n-a smacht.

Cuirean sé a ghéaga caola fada tímpal ar an gcrann is mó agus is treise, agus is seirbhíseach an crann san dó feasta. Ná loisg é, a fhir an deataigh. Is dual dó an uraim is dual do rígh. Tabhair dó an uraim is dual dó, nó beidh a chathughadh ort. Goinfidh faobhar thu nó báthfaidh uisge thu.

"Ná loisg an crann-ubhall áluinn, crann na ngéag bhfaon fé ualach mhilis, crann an chinn bháin gur minic air lámh an duine.

"Ná loisg an draighean dubh. Ní loisgid saoir é. Tugan sé díon do'n eun sa gheimhre.

"Ná loisg crann sailíghe, crann na bhfilí. Tá mísleacht dán ann. Tá mil do bheachaibh ann. Is aoibhinn bheith ag éisteacht le crónán na mbeach agus iad ag deól na meala as a bhláthaibh. Ní ceart é chur sa teine.

"Loisg an cárthan, crann na ndraoidhthe, crann caomh na gcaor ndearg, crann na bpiseóg agus na deismireachta. Ach seachain an coll, coll na ngeug bhfann agus na gcnó a thaithnean leis an bhfiacail. Ná loisg an coll, a fhir an deataigh.

"An fhuinnseóg; dorcha a dath. Cuirean sí luas i rothanaibh; slata i lámhaibh marcach; ruag ar namhaid i gcath. Is mairg a loisgfeadh í.

"Loisg an dris, an rud ríghin deilgneach a ghearan cos an duine agus do stracan a chuid éadaigh. Loisg an dris idir chríon agus glas.

"Adhmad teith dair úr. Ní gnáth aoinne séimh uaidh. Cuirean a ghál teinneas cinn ar dhaoine agus cuirean a ghríos teinneas 'n-a súilibh. Ná cuir sa teine an t-adhmad a chuirfeadh meidhreán agus sile súl ar dhaoine.

"Ná staon ó'n gcrann-fearna do losgadh, badhb teasaidhe na coille. Is fada ó fhuacht duit teine fearna agus sgeithe gile.

"Cuileann, loisg a úr. Cuileann, loisg a chríon. Chun teine ní'l crann le fághail is fearr 'ná cuileann.

"An trom, an droch adhmad, crann eachra na slógh sídhe, loisg go mbeidh 'n-a ghual.

"Loisg an beithe nuair a gheabhair sínte ar an dtalamh é. Agus loisg go mall agus go moch, pé tráth is maith leat é, an crann úd go mbíon a bhárr ar crith.

"Ach an t-iubhar, an t-adhmad is uaisle dhíobh go léir, crann na bhfleadh, mar is eól duit, dabhacha donna is ceart a dhéanamh dé.

"Glac mo chómhairle, a fhir an deataigh. Cuirfidh an chómhairle sin an rath ort i dtaobh anama agus chuirp.


As Eisirt,  An tAthair Peadar Ua Laoghaire

2014-07-05

Imbolc 2014: Katie Ní Loinsigh: Nathanna ar ais dá pobal

Is ag filleadh ar a háit dúchais a bhí Katie Ní Loinsigh agus í ag caint ag Imbolc i mBaile Bhuirne. Mheall sí slua sa bhreis dá réir, agus tráthúil go leor ba le scoláire eile de chuid na dúichí a bhí sí ag plé - scagadh á dhéanamh aici ar na nathanna i saothair Pheadair Uí Laoghaire.
An sprioc atá aici ná bunachar de na nathanna a chuir ar fáil don bpobal, rud a léiríodh an spéis ann go háirithe acu siúd atá ag plé le hoideachas. Bhí samplaí breátha aici féin ina sleamhnáin agus í ag léiriú brí na nathanna le pictiúr chliste. Mar a tharlaíonn sé, tá sampla den cineál léiriú sin ar fáil ar líne [PDF] mar thoradh ar an páirt a ghlac í san Comórtas "Tell it straight" i DCU.
Sampla an-mhaith de húsáid na dána digiteacha atá ann; tá leabhair an Athair Pheadair breac le nathanna a bhfuil íomhá láidir ag dul leo agus ciall ar leith leo. Nathanna atá ceilte ar mórán anois go háirithe agus é deacair teacht ar na saothair. (Tá cuid acu digitithe anseo a bhuí le David Webb)
Táim cinnte go mbeidh oidí in ann tairbhe a bhaint as an gcnuasach - go háirithe má bhíonn teacht ar ar líne.
Beidh an cnuasach innéacsaithe, le cabhair ón Leadránaitheoir (a ainm) a cheap Kevin Scannell. Cabhair a bheidh ansin go háirithe agus eolas ar na sean foirmeacha ag éirí gann.
Caint spreagúil a bhí ann; agus táim ag súil, ós nathadóir mé, leis an dtoradh!

2010-08-12

Blúirín: Éist leis an mBriathar


Tá an ridire úd i gcomplacht an Athair Pheadair, David Webb, tar éis áis iontach eile a chuir ar fáil - taifead fuaime den Soisgéal do réir Mhaitiú léite ag an Dr. Seán Ua Súilleabháin.

Seo an leagan a chuir Peadar Ua Laoghaire Gaeilge air.








Íomhá: an soiscéalaí le Meister Theoderich von Prag. Ó Wikimedia.