Mar is iondúil, d'fhreastail mé ar Imbolc i Mí Feabhra na bliana seo, ach idir é bheith díreach roimh an Charghas agus nithe eile ní raibh faill agam go dtí seo tuairisc ar bith a thabhairt. (Bhí tuairisc ag Tuairisc, áfach). D'fhoghlaim mé freisin go bhfuil tionchar éigin ag mo thuairiscí anseo - mheall siad Donncha ó Daltaí na Gaeilge ó Nua Eabhrac go Baile Bhuirne. Ar an drochuair, de bharr go raibh an Muileann Plódaithe ag lucht rothair ghluaiste, bhíomar scaipthe ar lóistín éagsúla is ní raibh deis agam comhrá ceart a bheith agam le Donncha. (Fuair cuid againn bheith istigh sa Mhuileann)
In ionad ceolchoirm, is éard a bhí san Ionad Cultúrtha an oíche roimh ré i mbliana ná seo aonair Diarmuid de Faoite - Pádraig Ó Conaire. (Tá súil ag Diarmuid an taibhe a thabhairt chuig BÁC san Fómhair - bhí sé chomh maith sin go mbeadh fonn orm freastal ar arís). Chuir Diarmuid ina aonair na dosaen carachtar inár láthair as Gaeilge agus as Béarla - Pádraig Ó Conaire féin, ar ndóigh - ach a ghaolta, agus go leor daoine a bhuail leis ar feadh a shaol - Micheál Ó Coileán ina measc. B'é Diarmuid freisin a chuir clabhsúr le cainteanna Imbolc freisin. Níor labhair sé mórán faoi féin - seachas sin lig sé dá ealaíon caint ar a shon. Reic sé a aistriúchán féin ar scéal taibhseach Ella Young a samhlaigh cruthú na hÉireann ag Brighid agus pearsan eile ó chliar Tuatha de Danann.
Ba le reacaireacht agus filíocht i ré an Idirlín a bhain caint Ciara Ní Éanacháin freisin - foilsíodh leagan dá cuid cainte ar Meon Eile. Bhí rudaí spéisiúla le rá aici, ach dáiríre fanann an cheist buan - Cia a cheannódh Dán? Tá bealaí nua an scéal a scaipeadh agus filíocht a dháileadh - ach tá sé níos deacra ná riamh bheith beo ar ealaíon a bhraitheann ar an teanga.
Tá cúinní airithe ann, ar ndóigh, san acadúlacht agus san teilifís - labhair Feena Toibín ar a cuid taighde ar Dhubhghlas de hÍde, bunaithe ar a chuid dialanna a léiríonn ní hamháin an forbairt ina eolas ar an nGaeilge ach freisin an saol teaghlaigh sách casta aige sa bhaile, agus freisin na cúinsí sóisialta a bhí ann le linn a óige. Labhair David Stifter faoin dtogra Chronologicon Hibernicum in Ollscoil Má Nuad atá ag plé le bealaí chun iniúchadh a dhéanamh ar fhocail chun fráma tagartha dátaí a chuir ar fáil do théacsanna.
Ní raibh an teanga lárnach i ngnó beirt eile a labhair - Tomás Mac Uidhir a labhair faoi cainteanna aeráide Pháráis, agus Antóin Ó Lachtnáin a labhair faoi (easpa) príobháid ar líne - dhá ghné den saol a mbeidh tionchar acu orainn ar fad.
Labhair Síle Nic Chonaonaigh faoin cuid oibre le Garraí Glas, agus anois Dúiche - obair teilifíse a seolann ó ceann ceann na tíre í, ag mealladh caint agus eolas ó dhaoine spéisiúla - gairm a éilíonn cumas maith éisteachta is machnaimh!
Is le healaíona (dallach) dubh a bhíonn Rua ag plé - draoi a léirigh a chumas mearbhall a chuir ar an intinn daonna le scileanna. Caithfidh mé a ra gur chuir a chuid cleasaíochta - agus bhí sé ana shoiléir gur cleasaíocht a bhí ann, cé nár mhínigh sé iad - sceon orm, ar a shimplí - nó sin an cuma a bhí air - a bhí sé air daoine a léamh agus a mhealladh. (Lean sé air istoíche sa Mhuileann lena chleasa)
Tríd is tríd bhí go leor eolas agus inspioráid ar fáil ar feadh an lae, agus go leor ábhar cainte istoíche sa Mhuileann ag an dinnéar iar-Imboilc.
Beidh na físeáin ar an suíomh amach anseo ar ndóigh agus tá leagan de Imbolc le bheith ag an Picnic Leictreach - mar sin féin tá taithí ar leith ag baint le bheith i láthair i mBaile Bhurine agus inspioráid ag baint leis an allagar timpeall ar na cainteanna agus istoíche sa mhuileann chomh maith leis na cainteanna iad féin!