Timpeallgearradh Chríost Klosterneuburger Evangelienwerk, fol. 13r. Foinse - Wikimedia; Fearann Poiblí Hata "Giúdach" ar Iósaf |
"If you're going to do this, then let's be truthful about it, because the Holocaust isn't about race,...[it was] two white groups of people."
Tá a míthuiscint - agus is míthuiscint í, dar liom, - sothuigthe i gcomhthéacs SAM áit a bhfuil an ciníochas ina dhlúth agus inneach den saol agus an forchiníochas geal ag neartú. Luíonn an bhróg sin go trom ar sliocht na ndaor a tugadh ann as an Afraic agus nach bhfuil cothrom na féinne bainte amach acu ainneoin buanna áirithe. Tá an ciníochas de réir lí craiceann follasach seanbhunaithe fairsing. Ach tá an fuath céanna ag na forchíníochaite geala do Giúdaigh...
Rinne an Rabbi Danya Ruttenberg idirdhealú spéisiúil idir "cine" agus "pobal" i snáithe fiúntach Twitter:
I just left a FB comment so it turns out I have a small word on the Whoopi thing.
— Rabbi Danya Ruttenberg (@TheRaDR) February 2, 2022
Jews are a people.
Jews come from every race & racial background under the sun.
That said, the Holocaust was about race, because Hitler regarded us as a race & instituted all sorts of racist+
Measaim gur idirdhealú fiúntach atá anseo a fheileann do go leor dreamanna atá ag fulaingt leithcheal de bharr claontuairimí, pé acu an sliocht na ndaor ón Afraic, fuíoll na gcéad náisiúin, nó inimircigh ó thíortha teo nó Ioslamacha. Nó an lucht siúil. Ach tá na Giúdaigh ar an pobal leis an stair is faide agus is léanmhara de fulaingt leithcheal. Ó ré impireacht na Róimhe ba pobal iad a bhí éagsúil - go príomha de bharr a gcreideamh. Nuair a thit an Róimh as a chéile, ba pobal ar leith fós iad - go minic faoin Impire nó Rí go díreach; dlíthe ar leith a chosc gairmeacha go leor acu agus a d'fhág taobh le díol agus ceannach iad, gan cead acu seilbh a bheith acu ar talamh. Bhí an idirdhealú seo bunaithe ar creideamh - ach ní i gcónaí go bhfeadfaí éalú ón leithcheal tríd iompú creidimh pé acu deonach nó gan a bheith deonach.
Ansin nuair a bhí flosc faoin díol agus ceannach daoir ón Afraic san 17ú aois tosaíodh ag cuma teoiric cíníoch a d'fhág go bhfeadfaí caitheamh le daoine áirithe mar mhaoin - ó ghlúin go glúin. Baineadh feidhm uaireanta as mallacht Naoi:
Nuair a tháinig Naoi chuige féin ón meisce fhíona agus go bhfaca sé cad a rinne an mac a ba óige leis, dúirt sé:
“Go raibh mallacht ar Chanán!
Beidh sé ina dhaor na ndaor
ag a dheartháireacha.”