Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-02-10

Turas tintrí ó Thadhg Ó Cianáin go hÚna Ní Mhaoileoin


In diaidh dom Pádhraic a chlos ag caint ar an seimineár seo ar An Cúinne Dána bheartaigh mé féin tabhairt faoi aistear amach go Má Nuad d'fhonn breis a chlos.

B'fhiú go mór é. 

An sainmhíniú atá mar shlat tomhais ag Pádhraic ar litríocht taistil ná cuntas ag duine a thug turas thar lear, a d'fhill abhaile, agus a thugann tuairisc ar a bhfaca a shúile, a chuala a chluasa, agus a mhothaigh sé.

Ba ghá do mheánaicme teacht chun cinn chun go mbeadh a leithéid ar fáil - idir scríbhneoirí agus léitheoirí. 

Le Tadhg Ó Cianáin, a d'fhág cuntas ar Imeacht na nIarlaí dúinn a thosaigh sé. Bhí neart samplaí eile aige, ag dul i líonmhaire sa chéad seo chaite, nuair a spreag gluaiseacht na hAthbheochana idir scríbhneoirí agus léitheoirí. 

Níor thug mé gach ainm liom, faraor, ach bhí cuntas aige ar Mícheál Breathnach, Donncha Ó Céilleachair a d'fhág cuntas ar oilithreacht na hÉireann chun na Róimhe sa bhliain naofa 1950, An Casaideach Bán, Éamon Mac Giolla Iasachta, Mícheál Mac Liammóir, dalta scoile a chaith leathbhliain san Eilvéis. Agus an bheirt Griannach. Thug sé le fios go raibh neart eile nach raibh am aige iad a lua. 

Bhí taifeadtaí aige sa chanúint cuí de sleachta as na saothair.

Mura bhfuil dearmad orm, agus thiocfadh sé go bhfuil, is leis an t-aon bhean a luaigh sé a chur sé críoch lena chuid cainte - Úna Ní Mhaoileoin agus an triológ a scríobh sí agus atá pléite anseo cheana agam. 

Chuir na taifeadtaí go mór leis an gcaint, agus mar atá molta ag Pádhraic don Raidió, dhéanfadh a leithéid scoth sraith cláracha raidió. 

Tuigtear dom go bhfuil scoláire eile Kate Uí Chíobháin, a bhfuil díolaim den litríocht seo ar na bacáin aici. Tá mé ag súil go mbeidh leabharliosta sa dhíolaim sin chun an deis a thabhairt do mo leithéid dul ag tochailt chun na bunsaothair a fháil. 

Is mór an pheaca nach bhfuil roinnt de na saothair seo i gcló. B'fhiú go mór é. 

Bhí deis ceisteanna agus plé ina dhiaidh, agus fáiltiú bheag áit ar lean an plé. Táim breá sásta gur éirigh liom mo chúthail coivide a shárú agus bogadh amach!

Beidh mé sa tóir ar roinnt de na leabhair ar cuimhin liom fúthu - agus ag tnúth le foilsiú na díolaime.

Bhí sé ana dheas freisin deis a bheith ann plé le daoine eolacha san fíor saol!