Amárach Máirt na hInide; ach ós rud é go bhfuil an ciorcal díospóireacht ar siúl seo an faill deiridh agam fógra a scríobh anseo roimh tost an Charghais.
Beidh mé i mo thost anois go mí Aibreáin, mar is nós liom don Charghas.
2013-02-11
2013-02-10
Seachtain na nInnealtoirí: Fíorú Aislingí
Seachtain
na nInnealtóirí 2013
Fíorú
Aislingí
Lá
Teaghlaigh i gColáiste na Tríonóide
Satharn 2ú Márta, 2013
Fíorú Aislingí mana
seachtain na nInnealtóirí i mbliana - toisc gurbh é sin a dhéanann
innealtóirí - samhlaíocht a mheascadh le eolaíocht agus iarracht
a dhéanamh domhan níos fearr a thógáil.
Sprioc Seachtain na
nInnealtóirí deis a thabhairt do dhaoine óga an méid a dhéanann
innealtóirí a chlos agus a fheiceáil ó na hinnealtóirí féin.
Tabharfaidh
an ócáid seo deis duit gléas leictreach a thógáil tú féin san
Makeshop; foghlaim conas is féidir guth a thabhairt do ríomhaire is
dtreo is go mbeidh Gaeilge aige, agus triail a bhaint as é a chuir
ag caint; fáil amach conas a thomhaiseann
innealtóirí an talamh chun bóthar nó foirgneamh a leagan amach;
conas fómhair fuinnimh a bhaint ón ngaoth - agus na heachtraí sa
Mhata a thug na huirlis dúinn chun na haislingí seo a chuir i
gcrích.
Eagraithe ag Comhluadar i
bpáirt le hOifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, agus An Roth,
Cumann na nInnealtóirí. Tá an imeacht seo dírithe ar an
aoisghrúpa 8 - 15.
Am
|
Áit
|
Imeacht
|
Nótaí
|
11:00
|
Makeshop,
Sráid Lincoln (le dearbhú)
|
Ceardlann;
féach bileog breise
|
Tá
costas ar an imeacht seo; tá líon áiteanna srianta.
|
12:00
|
Téatar
Mháirtín Uí Chadhain (Seomra 2041B, Foirgneamh na nDán)
|
Caint &
léiriú ar an sintéiseoir cainte Abair.
http://www.abair.tcd.ie/
Neasa
Ní Chiaráin, TCD
|
|
12:45
|
Briseadh
(Deis chun bhur lón a ithe!)
|
||
13:15
|
Faichí
imeartha Coláiste na Tríonoide.
|
Bí i do
suirbhéir!
Bain
triail as teodailít chun an faiche a thomhas.
Réamonn
Mac Réamoinn, ROD
|
|
14:00
|
Téatar
Mháirtín Uí Chadhain (Seomra 2041B, Foirgneamh na nDán)
|
Caint:
Fuinneamh
in-athnuaite in Éirinn, le Bernice Doyle, Innealtóir le
Airtricity
|
|
15:00
|
Téatar
Mháirtín Uí Chadhain (Seomra 2041B, Foirgneamh na nDán)
|
Caint:
Eachtraí Mata
Fiacre
Ó Cairbre, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
|
|
Chun
áit a chuir in áirithint gabh i dteagmháil le:
Nicole
Ní Cheallaigh
Comhluadar
(01)
4789191
Is
gá do thuismitheoir a bheith i bhfochair na daoine óga. Tá teorann
12 leis an ceardlann san Makeshop: Iarrtar ort na féidearthachtaí
ar an mbileog a chuir in ord rogha, ag cur aois san áireamh, agus an
t-eolas sin a bheith leis an áirithint. Beimid in ann dhá
cheardlann faoi leith a chuir ar fáil.
2013-02-09
Féile fuíoll feá!
Bhí mé san Eaglais Úinitéireach ar Faiche Stiabhna aréir don ócáid ag comóradh shaothar Liam Ó Muirthile agus an saothar is déanaí uaidh - dánta nua agus rogha dánta óna shaothar foilsithe in aon leabhar amháin maille dlúthdhiosca - An Fuíoll Feá.
Tá na dánta aistrithe; mórchuid acu aistrithe ag Gabriel Rosenstock a chreideann go diongbháilte go bhfuil gá le haistriúcháin isteach agus amach sa Ghaeilge chun an litríocht a oscailt amach.
Spás ana dheas is ea an Eaglais Úinitéireach dona leithéid de ócáid ina raibh ceol agus filíocht á reic.
Bhí Cathal Póirtéir ina fhear an tí agus flúirse eolais aige ar gach a bhí ag dul ar aghaidh agus na pearsan.
An píobaire Peter Browne a d'oscail na himeachtaí; ansin léigh Liam agus Gabriel rogha dánta. Bhí na leaganacha Béarla ag tacú leis na leaganacha Gaeilge (agus thug mé suntas arís eile don difear dhéanann teanga do bhlas agus meon!).
Caoimhín Ó Raghallaigh a chur a ealaíon faoinár bhráid ansin; tá stíl ar leith aige. Ní fear ceoil mé, agus níl an friotal agam le cur síos ar an ceol a bhain sin as an fidil ach le rá go raibh an ceol diamhair thart an gnách; shamhlófá gur ag caint seachas ag canadh a bhí an uirlis, ach i dteanga nár thuig mé ach na mothúcháin seachas na focail.
Léigh Liam agus Gabriel arís ansin; ag tabhairt chun cuimhne beirt atá imithe, duine acu Robert Welch (Corcaíoch eile!) le fíor déanaí, agus Michael Davitt (filí INNTI an triúr acu dar ndóigh)
Iarla Ó Lionaird a chur clabhsúr leis an ócáid foirmeálta le dhá amhrán; ceann acu macarónach mar a d'oir don ócáid filíochta dhá-theangach seo.
Bhí slua suntasach i láthair agus bhí deis agam roinnt comhráite spéisiúla a bheith agam sula raibh orm teitheadh go tobann d'fhonn breith ar mo bhus!
Agus, sea, cheannaigh mé an leabhair agus táim ag súil le súil a a chaitheamh air anois is arís mar is nó liom le filíocht (mar is mó prós a léim) ach tá an CD ann freisin agus beidh sin ar mo sheinnteoir póca agam.
Ócáid phléisiúrtha le smaoineamh maith a sheoladh.
Clibeanna
cois life,
filíocht,
gabriel rosenstock,
gaeilge,
Liam Ó Muirthile
2013-02-06
Gaeilge "éigeantach" agus madraí Pavlov.
Chomh luath is a mholann aon duine leasú ar an nGaeilge sa chóras oideachas, bíonn an conairt sa tóir air. Mar shampla, tá sé curtha i leith Aodhán Ó Ríordáin, TD cur ball den "Briogáid Frith-Ghaeilge" é:
Aodhán Ó Ríordáin confirms his membership of the anti-Irish brigade.He wants it dropped as an essential requirment for primary teachers.Cad é feall an Ríordánaigh? É seo:
— Eoin Ó Murchú (@Eomurchu) February 6, 2013
Eithne an méid ata le rá aige:
The requirement for teachers to have the ability to teach Irish is a corner-stone of the Irish education policy and must be preserved. However, we must find more inclusive ways to empower students from all backgrounds to up-skill in language instruction during their training years. It is surely the skills on exiting training college that are paramount and not the examination results achieved on exiting secondary school.Ní in aghaidh na Gaeilge atá sé, ach ar son pobail imeallaithe. Déanann sé an pointe - mar atá déanta ag an Coimisinéir Teanga roimhe - go bhfuil ag teip ar múineadh na Gaeilge san scoileanna. Tá an teip sin níos doimhne sna scoileanna faoi mhíbhuntáiste.
Go deimhin tá an fáinne fí san oideachas níos doimhne sna scoileanna sin, agus cuid den chúis leis sin gur beag múinteoir ón gcúlra sin atá ann. Is mithid an fháinne fí sin a bhriseadh.
Is eol dúinn cén oideachas a oibríonn. Léiríonn na Gaelscoileanna é. Tumoideachas, le múinteoirí atá a) oilte, b) spreagtha, agus c) líofa.
Má tá muid dáiríre faoi feabhas a chuir ar chúrsaí Gaeilge sna scoileanna, is mithid cur le líon na múinteoirí atá amhlaidh. Ní thomhaiseann an Ardteist mar atá líofacht. Ná spreagthacht ach oiread.
Má dhírítear isteach ar an gcúrsa oiliúna, deis fiúntach a thabhairt do ábhar oidí Gaeilge a fhoghlaim - tréimhse tumoideachais sa Ghaeltacht san áireamh, agus ansin scrúdú ar mhúnla TEG a bheith ann ag gach céim, is féidir tús a chuir le téarnamh. Agus is gá sin a dhéanamh.
Níl feidhm le dris chosain, agus ní chun leas na Gaeilge dris cosáin a dhéanamh aisti. Ní chun leas na Gaeilge conairt agus cúr lena mbéal a scaoileadh ar aoinne a bhfuil sé de dhánaíocht ann a bheith ag iarraidh an cheist a phlé ach oiread.
Is gá teagasc na Gaeilge a leasú. Tá sé loighciúil tús a chuir leis sin le teagasc na dteagascóirí. Cuirtear tús leis!
Agus sin mo racht go n-uige seo.
2013-02-03
Feallscéal Gaelsceál: an bhfuil stráitéis ag an bhForas?
Is cosúil go bhfuil Foras na Gaeilge le deireadh roimh ama a chuir le conradh eile chun nuachtán i nGaeilge a chuir ar fáil. Cuireadh deireadh leis an conradh le Lá Nua toisc gur theastaigh uaithi siúd bheith ar líne amháin; ní raibh siad in ann teacht ar shocrú le Foinse; dream atá tar éis iad féin a athnuachan agus díriú ar mhargadh na foghlaimeoirí Gaeilge mar forlíonadh leis an Independent.
Anois, is cosúil go bhfuiltear le deireadh a chuir le Gaelscéal.
Tá sé ráite i litir a fuair stiúrthóirí Thorann na dTonn go raibh bord an Fhorais den tuairim “go bhfuil treochtaí phobal léitheoireachta na Gaeilge ag imeacht go suntasach ó fhormaid na meáin clóite agus tá pleananna á gcur le chéile ag Foras na Gaeilge le freastal a dhéanamh ar na riachtanais seo.”
(Mar is iondúil, níl faic ar shuíomh an Forais faoi seo).
Níl mórán ráite le tamall agam faoi Ghaelscéal; is amhlaidh go raibh mé éirithe as é a cheannach le tamaill maith anois. Ní raibh mé den tuairim gurbh fiú an tairbhe an trioblóid a bhain lena aimsiú, agus níor oir an Céadaoin dom pé scéal é.
Thaitin Foinse liom; bhí téagar ag baint leis agus bhí taithí cnuasaithe acu thar na blianta. Bhíodh leithéidí Seosamh Ó Cuaig, Breandán 'ac Gearailt agus Joe Steve Ó Neachtain ag scríobh dóibh, daoine le scoth na Gaeilge agus rud le rá acu freisin. Bhíodh leithéidí Alex Hijmans ag scríobh dóibh freisin. Bhíodh forlíonadh fiúntach litríochta acu.
Thaitin Lá (Nua) liom freisin, cé gur fhág an gá nuachtán laethúil a chuir amach ar bheagán acmhainní nach raibh an téagar céanna san táirge, agus thuig mé don dream a shíl go raibh an nuachtán ró dhírithe ar an bpobal as ar tháinig sé. Ach bhí forlíonadh fiúntach litríochta ann ar an Céadaoin; thaitin altanna Philip Cummings liom (rinneadh leabhar astu ó shin)
Gairm is ea iriseoireacht; gairm is ea nuachtán a chuir amach. Is gá gairm a chleachtadh, taithí a chnuasach. Ní leor oiliúint ollscoile; is gá foghlaim ó cheardaithe sa ghairm. Is gá teagmháil a nascadh le daoine chun teacht ar scéalta. Is gá pobal léitheoireacht a thógáil agus a chothú; braitheann sin ar muinín.
Pobal scaipthe pobal na Gaeilge; agus pobal ilghnéitheach. Fágann sin dúshláin ar leith le cur ar fáil nuachtán i nGaeilge. Aitheantas nach féidir é dhéanamh ar bhonn tráchtála is ea deontas a bheith ar fáil ón Stáit.
Ach ní léir dom aon straitéis fadtéarmach a bheith ag Foras na Gaeilge chun idir iriseoirí agus pobal léitheoireachta a chothú do nuachtán Gaeilge. Tá rud éigin aisteach faoi dhream a bheith de shíor ag briseadh conarthaí roimh am, agus ag athrú treo go minic.
An bhfuil aon bunús taighde leis na cinntí seo? An bhfuil fhios againn cén sprioc atá ann? An bhfuil muid ag sleamhnú ó racán go racán gan dul chun cinn dá laghad? An bhfuil dream ar bith a bhíonn ag plé leis an Foras sásta go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ina réimse siúd?
Maraon le straitéis 20 Bliain na Gaeilge ní léir dom Straitéis a bheith leis an méid atá ar bun ag an Foras, agus faraor seo sampla eile. Cuirfear deireadh le Gaelscéal, beidh idir ré eile gan nuachtán ann, rachaidh níos mó daoine as cleachtadh nuachtán i nGaeilge a úsáid, agus beidh an pobal léitheoireachta do pé thogra a thagann in áit Gaelscéal níos tanaí fós.
Scaipfear taithí; caillfear comhbhá; ídeofar muinín.
Luach ár airgid? N'fheadar.
Clibeanna
foras na Gaeilge,
gaelscéal,
racht
2013-02-02
Bleachtaireacht Idirlín: Mana Ospidéil Thamhlachta
Sheoladh an pictiúr seo i ngiolc inné;
Tamhlacht Mhaelruáin atá i gceist; bhíos deimhin de go raibh tagairt ann do Mhaelruáin nó Aonghus. Agus gan amhras, san Iarfhocal d'Fhéilire Aonghusa fuair mé:
Iarfhocal:
Is éachtach na háiseanna a chuireann an idirlíon ar fáil i gcás mar seo; a ligeann do ríomhchláraitheoir in Áth Cliath a bheith ag ransú sean scríbhinní agus foclóirí; agus ag baint tairbhe as eolas agus taithí scoláire i Seattle! Am agus spás curtha ar neamhní!
Ag fáiltú oispidéal Thamhlachta....Íccath cech thedmaí ? twitter.com/Duibhlinneach/…
— Norman Pramister (@Duibhlinneach)
Bhí mé den tuairim go mbeadh baint ag íccath le íoc, i. leigheas; chuaigh mé ag tochailt i DIL agus fuair mé:
Mo bhuille faoi thuairim faoi ná "leigheas gach plá"tedmannach, teidmnech
o, a (teidm)
(a) pestilential, full of disease : bliadain chalad chessachtoch, acht ger bhó cesno- dach tedhmandach hí, ALC ii 230.x . is teidmnech ind ail breithre `is deadly ,' RC xvi 79.23
.
(b) Of persons evilly disposed, perverse, etc. : teidhmneach .i. táomannach .i. drochaigeantach; teidhmneach .i. dásachtach; teidhmneach .i. duine deabhthach, no cean- nairceach, O'Cl. Cf. O'R. tedmnach tuaimnech disceinm- nech (of the devil), SR 946 . Eocho Feidlimid find fine | nir bo theidmnech timcride, LL 131 b 37 . an torathar tedmandach dar-bo comainn Spínx, TTebe 900 .
Tamhlacht Mhaelruáin atá i gceist; bhíos deimhin de go raibh tagairt ann do Mhaelruáin nó Aonghus. Agus gan amhras, san Iarfhocal d'Fhéilire Aonghusa fuair mé:
"200] is íccid cech thedmae."
Bhí an comhrá seo ar siúl nuair a bhí sé i lár na hoíche i Seattle; ach ar dhúisigh Dennis chuir sé clabhsúr ar an scéal.
Ar an gcéad dul síos, thuig sé gur don Féilire féin a bhí an nath ag tagairt: agus thuig sé gur cneasaí an bhrí atá le íccid ann. As DIL arís;
2 íccaidMar sin, comóradh ar an Fhéilire, agus guí d'fheidhm Ospidéal Thamhlachta atá sa mhana. N'fheadar cé a cheap?
i,m. , later íccaide (ícc)
(a) a healer, a person or thing that brings healing: Of the Félire : is íccid (v.ll. icce, íccaid) cech thedmae `'tis a healer of every disease ,' Fél. Ep. 200.
ícaid cach n-eolach every learned man is a healer , Arch. iii 228.83 . See slán-íccaid s.v. slán. …
Iarfhocal:
Is éachtach na háiseanna a chuireann an idirlíon ar fáil i gcás mar seo; a ligeann do ríomhchláraitheoir in Áth Cliath a bheith ag ransú sean scríbhinní agus foclóirí; agus ag baint tairbhe as eolas agus taithí scoláire i Seattle! Am agus spás curtha ar neamhní!
2013-01-31
Lincoln
![]() |
| Daniel Day Lewis mar Lincoln © DreamWorks II Distribution Co., LLC. |
Chonaic mé an scannán seo aréir. Thaithin sé go mór liom; bhí cur síos beacht ag Robert McMillen ar san Times inné:
Ach ní beathaisnéis atá déanta ag Steven Spielberg i Lincoln ach athchruthú an fheachtais ar an 13ú Leasú ar Bhunreacht Stáit Aontaithe Mheiriceá, an leasú a chuir cosc ar an sclábhaíocht, a seoladh fríd Theach na nIonadaithe i vóta cinniúnach ar 31ú Eanáir, 1865.
Tá polaitíocht drámata, dar ndóigh; agus díríonn an scannán isteach ar an gcur is cúiteamh agus Lincoln agus a chomhghuaillithe ag iarraidh an leasú a bhrú tríd Teach na nIonadaithe; práinn leis toisc gurbh faoi dlíthe cogaidh a shaor Lincoln na daoir; agus amhras fiú ar fhéin an raibh sin dleathach.
Feictear an cur is cúiteamh; an reitric; an slíbhíneacht; an camastaíl; na faicsin.
Ar na radharcanna is mó a thaitin liom ná Thaddeus Stevens - radacach frithsclábhaíochta - ag coinneáil guaim ar féin agus a rá go cúramach gur ar son comhionannas faoin dlí a bhí sé, ní aon rud níos doimhne. Bhí an fhreasúra ag iarraidh é a shéideadh chun rud éigin radacach a rá, le sceon a chuir ar an dream san lár; agus le bolscaireacht a dhéanamh sna meáin chun an pobal a iompú ina n-aghaidh.
Is beag m'eolas ar stair SAM dáiríre.
Beidh orm roinnt léamh a dhéanamh, is léir.
Is geal le claochlóir é Daniel Day Lewis - corp agus anam eile air san scannán; fear ag streachailt lena choinsias chun an ceart a dhéanamh i cás dheacair.
Laige amháin a mhothaím ar an scannán - ní raibh aon duine den fhreasúra a bhraithfeá bá dá laghad leis - slíbhíní cruthanta, sotalach gránna - leath-deamhain geal leis - gach duine acu. (Suntasach gurbh Daonlathaigh iad ar fad ... )
Is fíor do Robert gur beag duine gorm san scannán; ar an imeall atá siad, mar a bhí san saol. Ach táid ann, agus tugtar guthanna dóibh.
Molaim an scannán.
2013-01-27
Cleas an Chruitire
D'fhreastail mé ar an ócáid a bhí ag Laoise Kelly, Cruitire is a cairde san Ark inné. Ar dhaoine óga a bhí an ócáid dírithe agus bhíos ann le mo mhac is sine, ar cruitire cúthail é, agus le m'iníon (atá ag tosú leis an bhfidil - ar ámharaí an tsaoil fuair na gasúir ceol óna máthair. Níl ceol agamsa)
Bhí na rud ar fad thar a bheith snasta - ní ceolchoirm an focal cuí cé go rabhadar ag seinm go binn, ná ní rang ná ceardlann a bhí i gceist. Cumasc éifeachtacht den trí rud a bhí ann. D'fhoghlaim mé, mar shampla, go bhfuil an cláirseach mar uirlis náisiúnta ag Paraguaí chomh maith le in Éirinn agus i gCymry.
Tháinig Laoise ar an stáitse í féin i dtosach agus léirigh a huirlis agus a dhraíocht. Ansin tháinig an bodhránaí Robbie Walsh ar stáitse lena bodhráin - Dada (mór) agus Mama (beagán níos lú) - agus péire cnámh. Ansin tháinig Martin Brunsden lena olldord Bertha - a bhfuil 108 bliain slánaithe aici! (Bhí scata cruit aige freisin - agus toireasc)
D'inis sé don lucht féachana faoi na trí cineál ceoil a bhí de dhíth anallód ar máistir phíobaire - suantraí, goltraí agus geantraí (Béarla a bhí á labhairt gan amhras, ach thug sé an Ghaeilge dúinn orthu).
Thugadar samplaí den trí chineál ansin, ag meascadh aithris leis an gceoil.
Ansin reic Laoise scéal an amhráin Dé Luain, Dé Máirt, na síoga agus Dónall Cam dúinn. Chuir sí an slua ag canadh agus bhí gothaí aici féin chun an scéal a reic. Bhíodar ar fad ag ceoil le chéile, ansin léirigh Robbie a ilghnéithí is atá an bodhrán i lámha máistir - dochreidte an réimse fuaimeanna ceolmhara a mheall sé an an uirlis. Roimhe sin mhúin sé trí bun rithim don slua - waltz, ríl agus jig - le siollaí chun na buillí a léiriú.
Bhí buaicphointe ag deireadh nuair a tháinig veidhleadóir clasaiceach Vladimir Jablokov ar stáitse agus chrom ar chomhrac ceoil a bheith aige le Laoise. Bhíodar araon beoga spreagúil - ansin shocraíodar síos agus cheol Carolans Concerto le chéile.
Sár taibhe a bhí san rud ar fad - agus ag deireadh bhí deis ag an lucht féachana triail a bhaint as na huirlisí.
Sár taibhe a bhí san rud ar fad - agus ag deireadh bhí deis ag an lucht féachana triail a bhaint as na huirlisí.
An dubh ina ghorm
![]() |
| Diabhail as Wilfingen (foinse) |
Bhíos ag ól le Seán Cathal ar na mallaibh agus i measc an comhrá fealsúnach a bhí againn tháinig muid ar cheist an chnis ghoirm. Bhí fhios againn beirt go dtugtar An Fear Dubh ar an Diabhail. Bhí Seán den tuairim gurbh le sin a sheachaint a thugtar gorm ar chneas duine de bunadh na Afraice - cineál frithchiníochas luath. Ní raibh - agus níl - mise chomh dóchasach faoinár sinsear! Is eagal liom nár shéan cine ar bith ina iomláine an "muide agus iadsan". Chomh maith leis sin, tugtar fear nó bean dubh ar dhuine le folt dhubh - Bean dubh a Ghleanna, abair.
Spreag ár comhrá mé le súil a chaitheamh ar DIL: agus is éachtach an méid bríonna is féidir baint as gorm - líocha idir dubh, dúghlas agus dearg fiú. Tá tagairt ann do Lochlannaigh - creach na nGall ngorm. Agus féach go gcuireann an Diabhail cló fhirín gorm ar fhéin scaití: D'aimsigh mé an sliocht i Bethada Náem nÉrenn:
Iarna cluinsin sin dona braithribh, do-leiccettar for a n-gluinibh iatt, & do guidhettar ar anmain an bhrathar. Ocus acc eircce ón a n-urnaighthe doibh do-conncattar an fer gorm becc do idelbdha acc tuitim a focras an bhrathar, & h-é ace comarcaibh go h-ard; & isedh at-beiredh: ‘Crétt far ionnarbais me, a chleirigh, as in oighrecht & as in aittreibh ina b-fuilim re seacht m-bliadhnaibh im comhnnidhe’? Do freccair Brénainn h-é, & issedh adubhairt: ‘Cuirim mar aithne ort i n-ainm in Ticcerna, Iosa Crist, gan aon-duine do ghortuccadh, nó do bhuaidredh go lá an bhreithemhnais’. Luidh as an diabhal iar sin.
Maidir le daoine de shliocht na hAfraice (le déanaí, dar ndóigh, tharla gur de bhunadh na hAfraice muid ar fad!) Tá sé spéisiúil gur An Mairnéalach Dubh a bhí ag Seosamh Mac Grianna ar an aistriúchán ar shaothar Conrad - agus gur Ciardhubhán (Sloinne sin freisin) a bhí aige air san téacs. Bhí ar Alex Hijmans dul i ngleic leis an dá théarma faoi seach de réir an dreama a bhí sé ag obair leo.
Brí eile atá le gorm ná uasal, oirirc - brí atá linn fós san ainm Gormfhlaith - cé gurbh achrannach an té is cáiliúla a raibh an ainm sin uirthi - ríon a bhí pósta ar Bhrian Bhoraimhe ar feadh seal - i measc nuachair eile acu beirt - agus a bhí ina máthair ag Sitric Rí Dubhlinne.Rinne mé clár faisnéise do Nuacht TG4 faoin mbruachbhaile bocht Brasaíleach céanna atá faoi chaibidil sa leabhar a luaigh mé thuas. Sa chlár faisnéise, ba "dhaoine dubha” iad muintir an bhruachbhaile; ba "dhaoine gorma” iad sa leabhar. Cén fáth? Treoirlínte eagarthóireachta éagsúla ag an stáisiún teilifíse agus ag an teach foilsitheoireachta.
Mheabhraigh sin an "fhuil ghorm" a luaitear le huaisle sa Bhéarla dom - is cosúil gurbh aithris ar sangre azul na Spáinne atá ansin. Bhfuil íoróin ann go bhfuil na daoine mílítheacha seo ag maíomh lena goirme nach bhfuil smál síol na hAfraice orthu?
Tá Blaue Blume (Lus ghorm) ag na Gearmánaigh ar dhuine ar rómánsaí é, a bhíonn de shíor ag brionglóid ar fhánaíocht.
Ní scéal dubh agus bán, ná dubh agus gorm, ná, leoga, dubh, bán nó riabhach é!
Clibeanna
allagar,
gaeilge,
nathaíocht
2013-01-26
Oidhre de Bhaldraithe saolaithe ach ag lámhacán fós!
Seoladh an suíomh don bhFoclóir nua Béarla Gaeilge i rith na seachtaine. Níl anseo ach tús - níl an bunachar ar fad ar fáil fós. Maíonn na heagarthóirí go bhfuil thart ar 30% den iomlán ar fáil anois, roghnaithe chun go mbeadh thart ar 80% de na cuardaithe is coitianta clúdaithe. (Sílim go bhfuil dul amú orthu ansin - gur focail eile atá á chuardach ná mar a bhí súil acu leo)
Tá na hiontrálacha atá ann thar a bheith cuimsitheach agus leagtha amach go snasta. Tá an obair theicniúil thar barr. Tá abairtí samplacha tugtha. Tá fuaimrianta sna trí mór-chanúintí ar fáil freisin do na bun-fhocail.
Sampla maith is ea an iontráil anseo do "face" (Bua eile - is féidir nascadh le hiontráil nó fiú do mhír laistigh d'iontráil - mar shampla gnúis/dreach/cuma )
Dar ndóigh tá saol na Gaeilge lofa le scolardaigh agus saoithíní, agus chonac cúpla clamhsán maidir le leithéidí "bhí gnéas acu" a bheith ann - tá an leagan "luigh siad le chéile" ann san áit céanna. Aontaím go bhfuil cuma an lomaistriúcháin ón mBéarla ar an gcéad leagan sin. Ach spreagann sin an cheist fealsúnachta: an tuairisciú nó saintreoir ról an foclóirí?
Tá an cur chuige anseo bunaithe ar chorpais; ach ní mór chuir san áireamh go bhfuil an lán dá bhfuil scríofa sa Ghaeilge comhaimseartha scríofa ag daoine a fhoghlaim an Ghaeilge, agus go bhfuil barraíocht meamraiméise ann. Cé gur dóigh liom féin gur tuairisciú cúram an fhoclóirí, ba mhaith an rud é sílim dá leagfaí béim ar na leaganacha a bhfuil gnás na Gaeilge dúchasaí orthu; le nod ar leith, mar shampla.
Ceist eile ná ceist síor-chonspóideach na canúna: faoi madra mar shampla, cloisfear madra (M), mada (C) agus madú (U) - ach is madra amháin atá scríofa. Is trua sin dar liom. B'fhiú freisin focail a bhaineann le canúint amháin a aithint; sampla a luadh agus an cheist á phlé ar Fhóram Daltaí na gasúr san ciall buachaill agus páiste; ní ionann an úsáid sna Gaeltachtaí ar fad. Is dócha gur mian liom é bheith ina ghruth is ina mheadhg agam!
Beidh daoine áirithe sásta gur féidir leo gabháil suas ar a chéile, nó orthu féin, go húdarásach anois: (Bhí duine de'm lucht aitheantais den barúil gur cur amú airgead poiblí a leithéid d'fhocal a bheith ann in aon chor. Ní aontaím; agus pé scéal é is iontach an sampla é don réimse nathaíochta atá sa Ghaeilge i comparáid leis an mBéarla tanaí comhaimseartha!)
Ainneoin gur foclóir Béarla Gaeilge atá anseo, is féidir focal Gaeilge a lorg leis an cuardach chasta - rud a thugann feidhm foclóir Gaeilge-Béarla dó freisin, leis an mbuntáiste go léiríonn na samplaí ceart-úsáid an fhocail i gcomhthéacs.
Tá cuid mhaith deá nathanna aimsithe agam cheana féin i mo thrialacha ann.
Tharraing an costas caint. Bhíothas ag caint ar "costas €6m" a bheith leis. Sílim go láimhseáladh an taobh sin den scéal go holc. Cinnte, caitheadh €6m ar an togra - nó caithfear faoin am go gcríochnaíonn sé le leagan clóite. Ach is infheistíocht i mbonneagar cuid mór den chostas sin. Cnuasaíodh na corpais - táim féin ag baint tairbhe as an gcorpas Gaeilge chun nathanna agus úsáid a chinntiú le blianta anois. Tá Corpas de Bhéarla na hÉireann cnuasaithe freisin; táim cinnte go mbeidh sin ina áis do thograí eile. Go deimhin, tá leathanach ar shuíomh an fhoclóra ag spreagadh iarrachtaí dá leithéid.
Maidir leis an réimse atá ann faoi láthair - is mór an trua nár rinneadh machnamh faoin dteachtaireacht a fhaigheann úsáideoir nuair nach bhfuil an focal san Foclóir. Mar shampla
Níor aimsíodh prescriptive Ar litrigh tú i gceart é? Seo roghanna eile:
Ba cheart dar liom ag an bpointe seo an teachtaireacht sin a leasú chun tagairt a dhéanamh do staid neamhchríochnaithe an togra!
Tá fáilte, is cosúil roimh aiseolas - chuig aiseolas ag focloir ponc ie.
Ar Daltaí bhí duine éigin ag clamhsán faoi sin - ag maíomh go raibh lucht an fhoclóra ag lorg ceartúcháin saor in aisce! Ní aontaím leis sin - sílim gur láidreacht bheadh ann cabhair a lorg ón bpobal; mar sin tar éis an tsaoil a forbraíodh cuid mhór den idirlíon! Is mithid machnamh áfach ar dóibh éigin chun cabhair dá leithéid a aithint i dtreo is nach sílfeadh daoine go bhfuiltear ag teacht i dtír orthu.
Tús maith! B'fhiú, dar liom, an feitheamh fhada agus tá súil agam nach fada uainn oidhre an Dálach. Níl iomrá cloiste agam ar fhoclóir chuimsitheach Gaeilge-Gaeilge - ba bhreá liom a leithéid a fheiceáil!
Clibeanna
focalbhá,
foclóireachta,
gaeilge,
nathaíocht
2013-01-25
Fógra: Seoladh an Fuíoll Feá, Rogha Dánta Liam Ó Muirthile

LIAM Ó MUIRTHILE
An Fuíoll Feá: Rogha Dánta /
Wood Cuttings: New and Selected Poems
FOILSITHEOIR/PUBLISHER: Cois Life
LE FOILSIÚ/FOR PUBLICATION: 2013
CRUA/HARDBACK LE CD: 9781907494345 €30
CRUA/PAPERBACK LE CD: 9781907494352 €20
LGH/PP: 600pp
Ba mhór ag Cois Life tú a bheith i láthair ag ócáid filíochta agus ceoil le foilsiú An Fuíoll Feá: Rogha Dánta / Woodcuttings: New & Selected Poems le Liam Ó Muirthile a cheiliúradh.
Is é seo an chéad chnuasach téagartha de rogha dánta an mhórfhile seo. Is é Gabriel Rosenstock a d'aistrigh formhór na ndánta go Béarla.
Filíocht: Liam Ó Muirthile, Gabriel Rosenstock (aistriúcháin)
Ceol: Peter Browne, Caoimhín Ó Raghallaigh, Iarla Ó Lionáird
Fear a' Tí: Cathal Póirtéir
Fíon agus sólaistí ar fáil ó 7.00 p.m. agus filíocht agus ceol le tosú ag 7.30 p.m.
Dé hAoine 8ú Feabhra
San Eaglais Úinitéireach, Faiche Stiabhna, BÁC 2.
Saorchead isteach agus fáilte roimh chách.
rsvp: julianne ag milefailte ponc ie
------------------------------------------------------------------------------------
Liam Ó Muirthile, Gabriel Rosenstock, Peter Browne, Caoimhín Ó Raghallaigh & Iarla Ó Lionáird
All are welcome to an evening of music and poetry to celebrate the release of Fuíoll Feá: Rogha Dánta / Woodcuttings: New & Selected Poems by Liam Ó Muirthile.
This is the first substantial bilingual selection of the work of this major poet and Gabriel Rosenstock is the chief translator.
Poetry: Liam Ó Muirthile, Gabriel Rosenstock (translations)
Music: Peter Browne, Caoimhín Ó Raghallaigh, Iarla Ó Lionáird
Master of Ceremonies: Cathal Póirtéir
Wine and refreshments will be served from 7.00 p.m. with music and poetry starting at 7.30 p.m.
Friday 8th February
In the Unitarian Church, Stephen’s Green, Dublin.
Free admission and all are welcome.
rsvp: julianne ag milefailte ponc ie
Clibeanna
fógraí,
gabriel rosenstock,
gaeilge,
Liam Ó Muirthile
2013-01-22
Tony Small. Cloch ar Charn
Cuirfear an fear uasal, ceoltóir lách, Gaillmheach go smior, Tony Small, i gcré na cille amárach. I measc oirfidigh is naoimh na nGaeil go raibh sé anocht.
Baineadh siar asam nuair a chuala mé an scéala ó Thadhg ar Twitter aréir. Bhíodh Tony go minic i mBeirlín ag tús na nóchaidí, lena chompánach Eoin Duignan.
Bhí aithne agam air an tráth úd, mar ba mhinic mé, agus mé i'm imirceach friseáilte, ag taobhú na tábhairní ina raibh ceol Éireannach le clos. Fear lách cairdiúil ab ea é. Ní raibh mise ach ag teacht in inmhe, agus is dócha go raibh mé ag ól an iomarca. Cinnte bhíos claonta chun maoithneachais. Níor ól Tony an tráth úd (sílim go raibh sé ag éalú ón ól) agus is eagal liom go ndearna mé promhadh go minic ar a fhoighne. Ach chaith sé go cneasta i dtólamh liom.
D'imigh muid ó aithne ar a chéile ó shin, agus bhí sé nach mór dearmadta agam. Ní raibh dá chuid ceoil ach téip agam agus is fada ó éist mé le téip.
Tá blaiseadh dá chuid ceoil le fáil anseo ar MySpace:
Bhí leagan den amhrán Galway ar an téip úd; agus freisin leagan iontach de dhán Uí Thuairisc - 'Oíche Nollag' ('Dá mbeadh mileoidean agamsa / Ní bheadh Críost gan cheol anocht')
Ní bheidh a leithéid arís ann! Suaimhneas síoraí ar a anam uasal.
Clibeanna
ceol,
cuimhní cinn,
gaeilge
2013-01-20
Iomann molta na mbaincéirí
| Der kann sich freuen, der die nicht kennt! Ihr fragt noch immer: Wen? Sie borgen sich Geld für fünf Prozent und leihen es weiter zu zehn. |
Tig leis siúd, nach bhfuil aithne aige orthu, bheith sásta Fiafraíonn sibh fós, cé? Tógann siad airgead ar iasacht ar cúig faoin gcéad Agus cuireann ar aghaidh ar deich é |
| Sie haben noch nie mit der Wimper gezuckt, Ihr Herz stand noch niemals still. Die Differenzen sind ihr Produkt. (Das kann man verstehn, wie man will.) |
Níor sméid siad riamh le fabhra Níor stop a gcroí riamh Difríochtaí a dtáirge (Tig leat do rogha bhrí a bhaint as sin) |
| Ihr Appetit ist bodenlos. Sie fressen Gott und die Welt. Sie säen nicht. Sie ernten bloß. Und schwängern ihr eignes Geld. |
Tá goile gan críoch acu Alpann siad Dia is Domhan Ní chuireann siad. Ach baineann siad, sin uile Agus toirchíonn a gcuid airgid féin |
| Sie sind die Hexer in Person und zaubern aus hohler Hand. Sie machen Gold am Telefon und Petroleum aus Sand. |
Is na hasarlaithe ina steillbheatha iad Toghairmíonn siad as lámha folmha Déanann siad Ór agus iad ar an bhfón agus artola as gainimh |
| Das Geld wird flüssig. Das Geld wird knapp. Sie machen das ganz nach Bedarf. Und schneiden den andern die Hälse ab. Papier ist manchmal scharf. |
Tá airgead leachtach. Tá airgead gann. De réir a mianta a níonn siad sin Agus gearrann scornaigh an duine eile Bíonn páipéir géar scaití. |
| Sie glauben den Regeln der Regeldetrie und glauben nicht recht an Gott. Sie haben nur eine Sympathie. Sie lieben das Geld. Und das Geld liebt sie. (Doch einmal macht jeder Bankrott!) |
Creideann siad Rialacha na Mata agus ní chreideann siad mórán i nDia Níl ach bá amháin acu. Carann siad an t-airgead. Agus carann an airgead iad. (Ach teipeann ar chách uair éigin) |
Erich Kästner „Hymnus auf die Bankiers" (1929)
Clibeanna
bainc,
erich Kästner,
gaeilge,
polaitíocht
2013-01-13
“Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”
| Baiste an Tiarna, Francesco Albani |
Ach tar éis don phobal uile a bheith baiste, tharla, nuair a bhí Íosa féin baiste agus é ag guí, gur osclaíodh na flaithis, agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”Inniu féile Féile Bhaisteadh Ár Tiarna. Deireadh le séasúr na Nollaig.
(Lúc 3:21-22)
Pá céanna don obair chéanna
Shílfeá gur prionsabal bhunúsach é go mbeadh an tuarastal céanna ar an obair chéanna. Shilfeá go mbeadh an Locht [stet] Oibre thar dream ar bith eile i bhfách leis an bprionsabal sin. Ach ní mar a shíltear a bhítear. Sa mhullach ar fiacha na mbainc, tá fadhbanna san tír seo de bhrí go bhfuil easnamh idir theacht isteach an Rialtais agus caiteachas an Rialtais. Caithfear dul i ngleic leis sin.
Is sciar mhór de caiteachas an Rialtais pá san earnáil phoiblí. I gcomhlucht príobháideach ní bheadh aon cheist ann - laghdófaí pá, nó ar a laghad ní ardófaí pá. Ach dhéanfaí sin ar bhealach measartha cothrom - agus go hiondúil laghdaítear pá thuas níos mó ná thíos.
Ach tá abhus Conradh Pháirc an Chrócaigh - a thugann cosaint dóibh siúd atá istigh sa chóras. Fiú iad siúd a fuair ardú ollmhór blianta an rachmais de bharr "tagarmharcáil". Is é sin, iad siúd ar bharr an dréimire. Is fíor go mbíonn pá as cuimse níos airde ag ardfheidhmeannaigh san earnáil phríobháideach - ach is fíor freisin go mbíonn priacail níos mó le n-iompar acu, agus is iad is túisce a bhristear nuair a theipeann ar an gcomhlucht. Ní hamhlaidh do mhandairíní Sráid Mhuirfean agus a bpiaraí.
Mar sin, is ag bun a dréimire atáthar a gearradh pá. Ar mhúinteoirí agus altraí atá ag cur tús lena saol gairmiúil. Difear suntasach - roinnt mílte - bliain i ndiaidh bliana. Tabhair faoi deara freisin gur mná is mó a bheidh thíos leis seo - i dtír ina bhfuil, fós, difear suntasach i dturastal mná agus fir in earnáil áirithe.
Níl ciall ná cothromas san áireamh anseo.
Níos measa fós i gcás na scoileanna. Scoil nua is ea scoil m'iníne, rud a chiallaíonn go bhfuil beirt nó triúir oide nua ag teacht isteach gach bliain. Anois beidh bearnaí suntasacha idir pá daoine atá ag déanamh na hoibre céanna, agus atá geal le bheith ar chomhléibhéil scile, taithí agus oiliúna.
Ag an am céanna tá an t-ualach oibre á mhéadú orthu - an Roinn Éadóchais ag brú níos mó is níos mó páipéarachais orthu.
Bhí oideachas fiúntach i gcónaí ag brath ag dhíograis, dóchas agus flosc na n-oidí. Ach tá na céimeanna seo ag ídiú an fhuinneamh sin. Cad chuige go ndéanfadh duine, a bhraitheann go bhfuiltear ag caitheamh go héagórach leis nó léi, obair bhreise as a stuaim féin?
Agus sin mo racht go n-uige seo!
Bhí oideachas fiúntach i gcónaí ag brath ag dhíograis, dóchas agus flosc na n-oidí. Ach tá na céimeanna seo ag ídiú an fhuinneamh sin. Cad chuige go ndéanfadh duine, a bhraitheann go bhfuiltear ag caitheamh go héagórach leis nó léi, obair bhreise as a stuaim féin?
Agus sin mo racht go n-uige seo!
Clibeanna
gaeilge,
polaitíocht,
rachtanna
2013-01-12
Zupfgeigenhansel
Nuair a chuaigh mé go Beirlín i dtosach roghnaigh mé dul i dteagmháil le dream gasóga le súil is go gcuirfinn aithne ar aosánaigh eile. (De bhrí go mbíonn Gearmánaigh ar an Ollscoil níos faide, agus go dtosaíonn níos aosta, bhíos cuid mhaith níos óige ná mo chomhghleacaithe. Bhí fós, agus mé ag fágáil 10 bliana níos moille)
B'iad leis an grúpa Normannen a chuaigh mé; baill iad den BdP. Amharcann siad orthu féin ní amháin mar chuid de oidhreacht Bhaden Powell, ach mar oidhrí na Wandervogel, na grúpaí fánaíochta ó thús an fichiú chéid.
Bhí an slua- agus grúpa amhránaíocht lárnach sa traidisiún sin. Faraor, níl nóta ceoil i'm chloigeann féin; ach is maith liom bheith ag éisteacht le hamhráin. Cuid mór den stór ceoil a bhain siad leas astu, ba leis an eite chlé agus le Rómánsachas a bhain sé; easurraim d'uasal is do chléir ag dul siar go cogadh na scológ, ach forbartha go mór ag na mic léinn san 18ú aois.
Meabhraíodh é seo ar fad dom inné nuair a tháinig mé ag leagan Béarla den amhrán thuas "Pápa agus Sultán"
Tá cnuasach de na hamhráin seo le fáil san leabhar Der Zupfgeigenhansl. (Geige = veidhlín, zupfen = piocadh. Mar sin, Giotár = Zupfgeige. Hans(e)l = Seáinín) . Ach sna 1970í agus 198í bhí grúpa ag canadh an Cheoil seo a thug Zupfgeigenhansel orthu féin. Spreag na comhthráthúlachtaí seo mé an CD dá chuid atá agam a lorg, an deannach a bhaint de agus é a chuir ar mo phíobaire póca. Agus gan amhras, an mír seo a scríobh agus a leagan siúd de Papst und Sultan a roinnt libh!
Dála an scéal, agus mé ag línseoireacht tháinig mé ar leagan Laidine den amhrán céanna:
Clibeanna
amhránaíocht,
cuimhní cinn,
fonótaí staire,
gaeilge
2013-01-09
Cín Lín nó Blag, athuair.
De bhrí gur chuir Maitiú tús le blag thosaigh plé athuair ar Twitter faoin téarma Cín Lae.
Bhí míthuiscint orm an uair úd - scríobh mé:
Is é mo thuiscint gurbh amhlaidh go gciallaíonn "Cinn Lae" deireadh lae - agus an gníomh is minic a dhéantaí ann; cuntas a scríobh ar an lá.
Ach focal eile is ea Cín; chuir Dennis ar mo shúile gurbh leabhar is brí leis, agus go deimhin tá an chiall sin luaite in Ó Dónaill. Chuaigh mé ag tóraíocht i DIL agus fuair mé an méid seo:
cín f. (Lat. quinio, Thurn. Gramm. 571 ) booklet, book (perh. smaller than lebor):
An brí atá le quinio na Laidine ná quire1 ina bhfuil cúig bileog nó deich leathanach - sin le rá, an bun leathanach fillte cúig uaire. Glacaim leis gur leanadh an nós céanna atá le quarto agus octavo agus go dtugtaí quinio/cín ar leabhar déanta as quires dá leithéid.
Mar sin, leabhar bheag is ea cín.
Níl aon locht agam dáiríre ar an téarma Cín Lae:
Sílim áfach go bhfuil rogha den chineál céanna le déanamh agus a rinne Micheál Ó Bréartúin ina leabhar Aibhléis - lasmuigh den teideal, bhain sé úsáid as an bhfocal leictreachas de bhrí go bhfuil sé níos éasca comhfhocail a chumadh nó a úsáid leis.
Tá an rud céanna fíor faoi "blag" - blagadóir (nó an téarma eile sin blagálaí a bhfuil beannacht an Choiste aige ach nach maith liom), blagáil, athbhlagáil, blagthacht ...
Pé scéal é, tá blag i nDIL freisin:
Mar sin, leabhar bheag is ea cín.
Níl aon locht agam dáiríre ar an téarma Cín Lae:
Sílim áfach go bhfuil rogha den chineál céanna le déanamh agus a rinne Micheál Ó Bréartúin ina leabhar Aibhléis - lasmuigh den teideal, bhain sé úsáid as an bhfocal leictreachas de bhrí go bhfuil sé níos éasca comhfhocail a chumadh nó a úsáid leis.
Tá an rud céanna fíor faoi "blag" - blagadóir (nó an téarma eile sin blagálaí a bhfuil beannacht an Choiste aige ach nach maith liom), blagáil, athbhlagáil, blagthacht ...
Pé scéal é, tá blag i nDIL freisin:
blog blag blad blogh Keywords: fragment; piece; bit;Mar sin, sílim go gcloífidh mé le blag.
Feictear dom dála an scéil go bhfuil an nós sin filleadh buanaithe san córas Eorpach do méid páipéir A0, gan filleadh, A1 agus mar sin de, agus mar sin gurbh ionann cín agus A5.
San plé dúinn phléigh muid focal eile ar leabhar - Dúil - ar cás speisialta den focal Dúil = elementum atá ann.
As DIL arís:
3 dúilTá dúil leis an gciall leabhar agus "dúile feda" luaite ag Dinneen chomh maith, ach níl aon tagairt dó in Ó Dónaill.
i,f. Usually transld. book: dul, duil a book, a codex, O'Don. Suppl. ; but seems rather applied to certain accepted or authorized lists or compilations (poetic glossaries, rhymes, kennings, genealogies) of pre-Christian origin, which were no doubt in early times memorized and handed down verbally and some of which were known by special names (see below)
1 ceathrú páipéir atá ag De Bhaldraithe ar quire - ach ní fheileann sin anseo
Clibeanna
blagadóireacht,
focalbhá,
gaeilge,
twitter
2013-01-06
Gleann an Smóil, nó Gleann na Smól?
Tharraing Páid m'aird ar alt san Irish Times faoi siúl i Sléibhte Átha Cliatha. Luaigh an t-údár Lenny Antonelli an gleann úd i nDeisceart Átha Cliatha, agus é ag rá gurbh "Valley of the Thrushes" is brí leis. Ach is Gleann an Smóil atá ag logainm, gan míniú breise.
Bhí comhrá againn ar Twitter faoi, agus luaigh Lenny a fhoinse: P.W. Joyce:
Tá aithris ar laoi Fiannaíochta i gcnuasach Doegen, ach is Gleann an Smóil atá luaite ansin.
D'aimsigh Páid an leathanach seo agus tagairtí ann do smól agus Bruidean Dá Derga:
Tá smól luaite leis an ciall smál:
Bheinn buíoch as aon nod bhreise.
Aguisín: Tá tagairtí thall is abhus feicthe agam do "Ghleann na Smól" mar an áit ar bhuail aois Oisín tar éis do filleadh ó Thír na nÓg.
Ach Gleann an Smóil atá ag an Cadhlach san leabhar "An Fhiannuidheacht"
Bhí comhrá againn ar Twitter faoi, agus luaigh Lenny a fhoinse: P.W. Joyce:
The thrush. Smól or smólach [smole, smolagh] is a thrush. The best known name containing the word is Gleann-na-smol, the valley of the thrushes, the scene of a celebrated Irish poem, which is believed to be the same place as Glenasmole, a fine valley near Tallaght, Dublin, where the river Dodder rises. Near Lifford in Donegal, is a townland called Glensmoil, which represents the Irish Gleann-a-smoil, the thrush's glen.Tá Glensmoil ag Logainm, ach níl aon ainm Ghaeilge deimhnithe acu fós.
Tá aithris ar laoi Fiannaíochta i gcnuasach Doegen, ach is Gleann an Smóil atá luaite ansin.
D'aimsigh Páid an leathanach seo agus tagairtí ann do smól agus Bruidean Dá Derga:
One of the four Royal roads to Tara came from Da Dergas Hostel in Glenasmole, and it seems perfectly appropriate that Tara could be seen from the Hostel. Glenasmole has long been thought of as the Valley of the Thrushes, but a friend Thomas Maher, an Irish scholar, has brought us a proper translation as the 'glen of the burnt out ruins'. From this site you can also see the cairns on Tallaght and Saggart hills. We have gone to this site on a divining day and the dowsing effects over this crack are quite powerful.Níl smól luaithe don éan i DIL, smólach amháin atá luaite:
1 smólach
[a,f. and o,m.] m., IGT Decl. § 55 . f., § 56 . smao- lach, Measgra D. 39.29 . thrush: truagh an ?áidh | doní in smolach, Acall. 847 = CF 1008 . stmolach (in `én-ogam'), Auraic. 5695 . dordan smolcha, K. and H. 24 . guth luin na smolche, Ann. Inisfallen 917 . asi in smolach is lia aisdi cheileabhraidh ar bith `blackbird ', Oss. v 50.3 . mian-ghol bhíos i nguth na s.¤, Keat. Poems 167 . Cf. gleann cuachach s.¤ lonach full of thrushes , Measgra D. 43.5 (leg. smólchach?).
Tá smól luaite leis an ciall smál:
smálMar sin atá an chás. Tá ag teip orm an dán a thagraíonn Joyce dó a aimsiú, agus mar sin níl fhios agam an bhfuil bunús lena chreideamh. Ach dá mbeadh, is Gleann na Smól seachas an Smóil a bheadh ann.
smál smól smúal
Keywords: ember; glowing; coal; fire; glow; burnished; weapons; ashes; dross; blemish; taint; blemish; dark; eyebrow
Bheinn buíoch as aon nod bhreise.
Aguisín: Tá tagairtí thall is abhus feicthe agam do "Ghleann na Smól" mar an áit ar bhuail aois Oisín tar éis do filleadh ó Thír na nÓg.
In passing through the Thrushes' Glenmar shampla, anseo:
A crowd of men in straits I see,
Full thrice five score and haply more
All toil full sore awaited me.
Ach Gleann an Smóil atá ag an Cadhlach san leabhar "An Fhiannuidheacht"
Do ghluais Oisín leis gur shrois sé Éire; acht tásc ná tuairisc na Féinne ní raibh le fágháil i n-aon áit. I nAlmhain álainn leathan laighean ní raibh i n-ionad bruidhne Fhinn acht fiadhaile, flíodh agus neantóg. Ón áit sin do thug sé aghaidh ar Bheinn Éadair, agus, ag gabháil trí Ghleann an Smóil dó, do chonnaic sé sluagh mór daoine...
Clibeanna
comhrá,
dinnseanchas,
gaeilge,
logainmneacha
Foilsiú an Tiarna
| Ón gnáth fhoinse |
Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.”Nuair a chuala Héaród rí an méid sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna. Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus d’fhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú. D’inis siad dó: “I mBeithil Iúdáia: óir sin é atá sa scríbhinn ón bhfáidh:
‘Thusa, a Bheithil, i dtalamh Iúdá,
níl tú baol ar an té is lú i measc prionsaí Iúdá,
óir is asat a thiocfaidh ceann urra
a bheidh ina aoire ar mo phobalsa, Iosrael.’”
Ansin chuir Héaród fios ar na saoithe os íseal agus fuair tuairisc uathu ar an am a bhfacthas an réalta. Chuir sé go Beithil iad ansin agus dúirt: “Imígí agus cuirigí fiafraí ghéar ar an leanbh. Nuair a bhíonn sé faighte agaibh, cuirigí scéala chugam chun go rachainn féin ann ag déanamh ómóis dó.”Nuair a chuala siad caint an rí, d’imigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d’umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d’oscail siad a gcistí agus d’ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra.
(Mth 2:1-11)
Tá traidisiúin fad-bhunaithe mar a léiríonn an Íocón thuas gurbh duine as gach cine a bhí i gceist leis na trí Saoithe, - a dtugann na traidisiúin Caspar, Melchior agus Baltasar orthu. Ní dócha go bhfuil bunús dá laghad leis sin; ach léiríonn sé brí an fhéile inniu - foilsiú Dé do na Ciníocha uilig.
2013-01-04
An rud nua an Gearrscéal, dáiríre?
Dúradh ag cúpla ócáid litríochta ar ar fhreastal mé le déanaí gurbh rud nua an Gearrscéal, chun fónadh ar na hirisí a tháinig chun cinn san 19ú agus 20ú Aois. Is dócha gur fíor an méid a dúirt Dostoevsky, gur amach ó faoi bhrat Gogol a tháinig litríocht na Rúise; a raibh ana thionchar aige ar gearrscéalta Iarthar Eorpa san ré seo. (Más buan mo chuimhne, phléigh Ó Cadhain a dtionchar ar féin).
Agus is dócha go bhfuil fírinne san méid gur chruthaigh na hirisí forim nua don scéalaíocht a spreag modh áirithe scéalaíochta.
Ach bhí gearrscéalta ann i gcónaí, ó thosaigh daoine ag aithris scéalta. Nach gearrscéalta iad fabhalscéalta Aesop, mar shampla?
Níl gar séanadh go mbíonn tionchar ag an foirm ar na scéalta; tá fírinne aithrid le mana McLuhan gurbh an meáin an teachtaireacht. Ach ní iomlán na fírinne é; agus cé go gcuireann meáin nua modhanna nua aithrise ar fáil, ní hionann sin agus a rá go mbeidh deireadh leis an sean modhanna. (Tráthúil go leor bhí sin á phlé ag Nick Carr ar a bhlag)
Mar sin, cé go bhfuil ré na n-irisleabhar ag druidim chun deireadh, agus an idirlíon ag spreagadh modhanna nua aithrise; splancfhicsean agus a leithéidí, creidim go leanfaimid, ós Pan Narrans muid, ag aithris scéalta, fada agus gearr dá chéile.
Clibeanna
gaeilge,
gearrscéalta
Abonnieren
Posts (Atom)








