Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-10-03

Macghníomhartha


Agus mé sa leabharlann le déanaí, tháinig mé ar an leabhar seo, Astronár. Ba chuimhin liom tagairt dó ag Alan Titley ina shaothar ar an úrscéal Gaeilge. Duine spéisiúil  is ea Piaras Béaslaí. Más fíor an méid a scríobh sé ina réamhrá, ní raibh sé ach 16 nuair a bheartaigh sé an leabhair seo a scríobh, faoi réabhlóidí óg. Tír samhalta atá i gceist - Amora - atá faoi dhaorsmacht ag Kratóna. Tá sé le tuiscint go bhfuil an tír seo áit éigin in Oirthear na hEorpa - a bhí ag an tráth sin ina Charcair na Náisiún, faoi smacht na nImpireachtaí.
Foilsíodh don chéad uair é i 1921 san Freeman's Journal. Bhí Béaslaí, a ghlac páirt in Éirí Amach 1916, ar a sheachaint um a dtaca sin. 
Bheadh sé spéisiúil fáil amach an bhfuil ceangail idir forbairt Astronár an úrscéal agus forbairt Béaslaí féin. Is deacair gan na ceangail idir dán Béaslaí agus dán Astronár a fheiceáil ann, cé gur beag m'eolas ar a shaol. Tá grá - do bhean agus do thír, cairdeas, agus ciall ceannaigh sa leabhar.Tá an tsóirt iomaíocht smaointe idir tírghráthóirí den tseandéanaimh, poblachtaigh agus idirnáisiúntaithe le léamh ann a bhí thuas i ngluaiseacht na hÉireann ann freisin. 
Dúirt an t-údar féin go raibh an chaint bladhmannach ann - ach, mar a dúirt sé, feileann an chaint sin do réabhlóidí diongbháilte idéalach.
Thaitin scéal a ghrá do Ríon na Súl nGlas liom; ba bhreá liom, áfach, a taobh sise den scéal a léamh: shileas Astronár a bheith rud beag dall sa ghné seo, mar a bhí i gnéithe eile dá shaol. (Sin anois dúshlán do na húrscéalaithe in bhur measc!).
Léargas bhreá ar dhóchas, baois agus bladhmann na hóige; agus léargas freisin ar chairdeas, ar chiall ceannaithe agus stuaim.

2010-10-02

Blúirín: Míreanna Grinn Glóir Anoir

Chuaigh mé ag éisteacht le píosa cainte Áine ar Ghlór Anoir.

Thug mé faoi ndeara go bhfuil podchraoltaí na míreanna grinn fós ar fáil.

Chuala mé ceann nó dhó beo ar an raidió. Táid ana mhaith! Bainigí súp astú.

Blúirín: Podchraoltaí ar Strae sa tSaotharlann ar fáil anois!

Anseo: nó lean an nasc ón leathanach.

Bíonn alt ag Conn i nGaelscéal ag dul leis an gclár chomh maith.

2010-10-01

Saoirse - an phreasa agus an phearsa

Labhair Charles J Chaput le hiriseoirí reiligiúin ar na mallaibh. Luaigh sé ina chaint an t-aiste seo le George Orwell maidir leis an féin chinsireacht a fhágann nach gcloistear smaointe atá bunoscionn leis an cheartchreideamh reatha.
Tá gné eile ann: roghnaíonn na meáin na scéalta atá tábhachtach - agus tig áibhéil as cuimse a bheith i gceist mar a phléann David Quinn ina alt faoin gclúdach ar an mbaghcat ar an Aifreann.

Is fíor go bhfuil na constaicí roimh foilsiú smaointe laghdaithe go mór ag teacht an idirlíon; fós féin tá tionchar ag na meáin príomhshrutha.

Tá gné eile fós ann: tá an oiread eolais ar fáil anois go srianann daoine na foinsí as a thógann siad eolas. An baol atá leis sin na go gclóitear leis na foinsí a bhraitheann muid ar ár shócúlacht leo - na cinn nach gcuireann as ró mhór dúinn.

Fágann sin, áfach, nach gceistítear ár réamhchlaonta minic go leor. Rud a fhágann, mar shampla líon nach beag a chreideann gur Moslamach é Uachtarán SAM. Nó gur éigneoir beagnach gach sagart, nó [do rogha tuairim mhí chruinn nó bréagach anseo].

Sílim buntáiste a bheith ag baint le blagthacht na Gaeilge san gné seo - tá a laghad againn ann, agus dearcthaí chomh héagsúl ar an saol againn go tagann muid slán go pointe ar an ngaiste seo.

Fós féin, fós féin, ...

2010-09-29

Blúirín: 30 milliúin focal

Sin, más fíor don scéal seo, an difríocht idir an méid a chloiseann páiste meánaicmeach roimh tús a chuir le scolaíocht, agus páiste den aicme oibre.

Léitear ós ard a feadh 25 uair ar an meáin do pháistí den aicme ar ioncam íseal. Sílim go léim an oiread sin do m'iníon laistigh de mhí!

Ní léir an le SAM amháin a bhaineann an taighde seo; ach is dócha nach bhfuil cúrsaí mórán níos fearr abhus. Fáinne fí eile - ní léitear toisc gan leabhair a bheith ar fáil sa teach. Níl leabhair ar fáil sa teach, cionn is nach léitear. Cionn is nach bhfuil scileanna teangain forbartha ag na tuistí. Agus mar sin, ó ghlúin go glún.

N'fheadar an bhfuil bealach ann chun an fáinne fí áirithe seo a réabadh? Scéim éigin cosúil leis na cúntóirí teangain atá anseo is ansiúd sa Ghaeltacht?

2010-09-27

Blúirín; Iriseoirí, Steve Jobs agus Obair Scoile

Bhain an píosa seo le Lucy Kellaway a léigh mé san Times inniu miongháire asam. Creideann lucht an Guardian go bhfuil Jobs (nó duine thar a cheann) tar éis a bheith drochmhúinte.

Sílim áfach go bhfeadfadh ceacht thábhachtach a bheith foghlamtha ag an ábhar iriseora sa chás: déan do chuid taighde féin, ná glac leis go bhfuil tábhacht ag baint leat. Agus ní custaiméir le fadhb thú nuair nach bhfuil tú ach ag lorg eolais - ó ghléas a bhaineann le iomaitheoir!

Ach san aois seo, in aicme agus glúin atá tógtha ar phrionsabail an "mise" agus "anois" sílim nár fhoghlaim sí dada.

2010-09-26

Draighean Mara

Sú agus Subh ón Draighean Mara
Fásann an Draighean Mara go fairsing ar chósta Muir Bhailt sa Ghearmáin; go háirithe ar oileáin Rügen agus Hiddensee. D'fhoghlaim mé ó Flóra Corca Dhuibhne go bhfásann sé ar na Machairí sa Leith Triuch chomh maith. Thug Lord Ventry (cé eile) ann as Sasana é, áit a bhfuil an sceach dúchasach. Daingníonn an sceach dumhcha, agus tugann cosaint dá réir don gcósta. Níor thug mé faoi ndeara ann fós é. Is dócha pé scéal é nach mbíonn a dóthain gréine abhus chun go mbeadh fómhair fiúntach sméara ann. Ach ba foinse tábhachtach vitimín C iad san oir Ghearmáin - i bhfoirm subh nó sú agus uisce tríd. Is breá liom féin an blas úr searbh atá air. Ach níl teacht air abhus - tháinig an dá rud thuas anonn le mo mháthair céile. Bíonn orm ciondáil a dhéanamh air, mar sin...

2010-09-24

Blúirín: Dilseoir agus an Pápa

Thug mé suntas don alt seo leis an (iar?) Dílseoir agus (iar?) Phrotastúnach David Adams san Irish Times inné; é ar aon fhocal leis an bPápa faoi baol an coibhneasachais, ach é ag teacht ón treo eile; maíonn sé dearcadh saolta a bheith aige féin - ach go bhfuil an coibhneasachas baolach má déantar neamhaird ar nithe atá gan cheist barbartha.
Gan amhras ní aontóinn lena dhearcadh go mbíonn an Pápa ar son "creideamh caoch" - níl, mar is léir óna scríbhinní. Tá an réasúnaíocht lárnach dá theagasc.
Aontaím áfach nuair a deir sé go bhfuil deacrachtaí le ceannasaíocht na hEaglaise - feictear dom go n-aontaíonn an Pápa leis sin freisin; ach go dtéann sé níos faide. Ní hiad na struchtúr croí na faidhbe, ach an easpa tuiscint ar, agus dílseacht don teagasc.
Radacach - duine atá meáite ar filleadh ar na fréamhacha - is ea an Pápa. Is dócha go mbeadh caillteanas i dtéarmaí saolta mar thoradh air seo - tréigfidh daoine an Eaglais. Sílim áfach nach drochrud é sin; is fearr soiléireacht ná cuma folláin ar an Eaglais de bharr a lán "Caitliceach cultúrtha" a bheith ann, nach dtuigeann an foirceadal. Is deacair an scéal a scaipeadh nuair a bhréagnaíonn cuid mór daoine an scéal trína slí maireachtála.

Beidh le feiceáil.

2010-09-22

Maois, an muir agus na hEolaithe

Trasnú an Mhuir Rua le Mashtots, 1266. Ón gnáth foinse.
Shín Maois a lámh os cionn na farraige agus thiomáin an Tiarna an fharraige ar ais le gaoth láidir anoir a shéid ar feadh na hoíche, agus rinneadh talamh tirim den fharraige. Dheighil na huiscí óna chéile, agus chuaigh clann Iosrael isteach i lár na farraige ar thalamh tirim agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu. Chuaigh na hÉigiptigh sa tóir orthu agus isteach leo i lár na farraige ina ndiaidh, le capaill agus carbaid agus marcshlua Fhorainn go léir. Le ham faire na maidine, d’fhéach an Tiarna anuas ar shluaite na hÉigipteach ón gcolún tine agus néil agus rinne sé cíor thuathail de shluaite na nÉigipteach. Chuir sé rothaí na gcarbad i ngreim i dtreo gur dheacair dóibh dul chun cinn. Liúigh na hÉigiptigh: “Teithimís ó láthair na nIosraelach mar go bhfuil an Tiarna ag troid ar a son in aghaidh na nÉigipteach.”Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Sín do lámh amach os cionn na farraige i dtreo go bhfillfidh na huiscí ar ais anuas ar na hÉigiptigh ar a gcarbaid agus ar a marcshlua.”Shín Maois a lámh amach os cionn na farraige dá bhrí sin agus le breacadh an lae d’fhill an fharraige ar a cúrsa gnáth. Chuaigh na hÉigiptigh ceann ar aghaidh isteach inti ina raon teite agus chloígh an Tiarna na hÉigiptigh i mbroinn na bóchna. Ag filleadh di threascair an tuile carbaid agus marcshlua agus sluaite uile Fhorainn a lean na hIosraelaigh isteach san fharraige; níor tháinig fear inste scéil slán. Ach shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu.
(Eax 14:21-29)


Tá scéal i go leor de na meáin inniu go bhfuil eolaithe tar éis an eachtra seo a "mhíniú". Scéal measartha rialta atá ann go bhfuil seo nó siúd ón mBíobla "mínithe" - an eachtra seo ach go háirithe, agus níl mé cinnte cén tátal atá á bhaint as. Ná, go deimhin, cén difear a níonn sé, bealach amháin nó bealach eile. Fiú más fórsaí an nádúir a bhí i gceist - nach tráthúil gur in am an ghátar d'Iosrael a shéid an ghaoth?

2010-09-20

Blúirín: Mionlaigh cruthaitheacha: an méid a dúirt an Rabbi leis an bPápa

Táim buíoch d'Fhirn as mo aird a tharraingt ar an bpíosa cainte seo; fáiltiú Ard-Raibí an Chomhlathais, Johnathan Sacks, roimh an bPápa ag tionóil na gceannairí creidimh.

2010-09-17

Blúirín: an méid a dúirt an Pápa le daltaí scoile inniu

Anseo.


Dúirt sé leo go raibh dóchas aige go raibh naoimh de chuid an aonú aois fichead sa chomhluadar; d'iarr orthu smaoineamh ar cé leo ar mian leo bheith cosúil; agus mheabhraigh dóibh gurbh é toil Dé dóibh iad a bheith naofa.

2010-09-16

Blúirín: an méid iomlán a dúirt an Pápa faoi na scannail

Agus é ag freagairt ceisteanna ar an eitilt go hAlbain.

Aistrithe ag NCR ón Iodáilis.

Sìth agus beannachd Dhe dhuibh uile; Dia bhi timcheall oirbh; agus gum beannaicheadh Dia Alba.

Aitheasc an Phápa i nGlas Chú.

De bhrí sin glaoim go háirithe oraibhse, na tuathaigh creidmheacha, i bhfianaise bhur ngairm agus misean mar bhaistígh, ní hamháin sampla poiblí creideamh a thabhairt, ach freisin an chás a dhéanamh ar son cur chun cinn fís agus gaois an chreideamh san bhfóram poiblí.

An Bhanríon, an Pápa agus Pálás na Croise Naofa

Tá sé tráthúil, sílim, gur i bPálás atá ainmnithe as mainistir a bhí tiomnaithe don Crois Naofa atá Eilís II agus Benedict XVI ag casadh ar a chéile ar maidin inniu, mar cheannairí Stáit. Agus, gan amhras, is ceannairí Eaglasta iad beirt freisin.

Tá sé léite agam in áiteanna éagsúla gur beirt iad seo a bhfuil go leor de stair na fichiú aoise blasta ina saol féin acu - an dara cogadh domhanda san áireamh. Beirt a thuigeann dualgas agus prionsabail.

Tá súil agam go gcloisfear a nglórtha ciúin stuama i measc an challán - go leor aige gan chiall ná réasún - atá sna meáin cumarsáide maidir le cuairt an Phápa ar an Ríocht Aontaithe.

Críost céasta teagasc an Phápa, mar a  theagasc Phól. Go gcloisfear sin ó Phálás na Croise Naofa, agus gach áit ina dtugann sé cuaird sna laethanta seo.

Aguisín: an méid a bhí le rá ag an bPápa ann. agus an méid a bhí le rá ag an mBanríon.

2010-09-15

Ar strae sa tSaotharlann: suíomh ann anois

http://www.rte.ie/rnag/arstraesatsaotharlann.html

B'fhearr liom rud éigin níos cuimsithí, ach is dócha go bhfuil Conn agus Risteard go hiomlán gafa leis an gclár.

Tá suíomh RTÉ rud beag procrustach, sílim. Agus ní dócha gurbh iad cláir RnaG an cloch is mó ar phaidrín lucht IT RTÉ.

Agus níl ar fáil ach na diabhail *.smil sin, seachas podchraoladh ceart ar féidir íoslódáil agus cur i do phóca - réimse ina raibh Conn ar na ceannródaithe. Is trua sin.

De bharr athruithe foirne in RTÉ Raidió na Gaeltachta, beidh ciorrú suntasach ar líon na bpodchraoltaí a bheidh ar fáil. Tá súil againn gur athrú sealadach atá anseo, ach go dtí go bhfógrófar a mhalairt, is é Adhmaidin an t-aon chlár a mbeidh podchraoladh ar fáil dhó. Ár leithscéal leis an lucht éisteachta mar gheall air seo.

De réir mar a thuigim, luíonn an tua níos troime ar RnaG ná ar chodanna eile de RTÉ.

2010-09-13

Socair sa tSaotharlann

Chuala mé an chéad clár de "Ar Strae sa tSaotharlann", clár nua eolaíochta Raidió na Gaeltachta, de Satharn.

Conn Ó Muíneacháin atá ina bhun, agus bhí alt ag dul leis ar Gaelscéal na seachtaine seo (ach níl leagan den alt gur féidir liom nasc a chuir leis ann). Níl an suíomh idirlín an chláir réidh fós ach oiread, ar an drochuair.

 Ag tógáil ar an méid a rinne sé i Eureka atá sé lena leathbhádóir nua Risteárd Ó Choisdealbha. De réir alt eile i nGaelscéal (agus pictiúr den dís gona gcótaí bána saotharlainne á mhaisiú)  beidh Risteárd ag feidhmiú mar an duine gan taithí agus lán d'iontas - sórt Watson le hais gíc Holmseach Chonn. Bhí cuid de sin le clos agus iad ag dul don turgnamh maidir le teannas dromchla uisce. (Sin ceann a dhéanadh píosa deas físe do youtube - súil agam go mbeidh a leithéid i gceist nuair a bhíonn an suíomh beo).

Bhí míreanna spéisiúil eile acu: faoin nasc hidrigine, atá riachtanach dúinn - murach iad is gal a bheadh san uisce ag 150 céim faoin reophointe! (Rud a d'fhoghlaimíos ón gclár!); faoi fíoruisce atá á chuir i mbuidéil in-bhithmhillte, agus scéalta uisciúla nach iad.

Clár spéisiúil, agus súil agam go mbeidh podchraoladh ar fáil, agus suíomh chuimsitheach mar a bhí ag an Fiontar eile sin de chuid Conn - An Líonra Sóisialta.  

Ana smaoineamh is ea na cláir tras-ardáin seo.

2010-09-11

Rúndiamhair idirlín

Chaitheas sracfhéachaint ar na sonraí i statcounter, agus chonaic mé go raibh duine ag teacht anseo ó focloirfein.com. N'fheadar cé atá ina bhun. Níl nod dá laghad ann, agus theip orm aon bhreis eolais a fháil ó whois.

Tá cuma spéisiúil ar an dtogra, mar sin féin.

Blúirín: Gaois in aghaidh Foréigean

Alt leis an Elijah Interfaith Institute, anseo

  1. Stop agus smaoinigh.  Stopann agus smaoiníonn na saoithe roimh labhairt nó gníomhú.
  2. Bí aireach. Bíonn na saoithe ar an airdeall, agus súil i gcónaí acu ar a meoin féin.
  3. Aithin eagla. Aithníonn saoithe an eagla, agus cuireann siad ina aghaidh le fios.
  4. Aimsigh an maith san duine eile. Aimsíonn na saoithe an maith san duine eile. Is í seo a bhfírinne.
  5. Cuir aithne ar an duine eile. Cuireann na saoithe aithne phearsanta ar an duine eile.
  6. Tuig dearcadh an duine eile. Cuireann na saoithe dearcadh an duine eile san áireamh.
  7. Ná déan ginearálú ná steiréitíopa. Ní dhéanann na saoithe ginearál.
  8. Labhair amach ina aghaidh an Fhuatha.  Cuireann na saoithe i gcoinne drochghníomhartha.
  9. Aimsigh fíor eolas. Lorgaíonn na saoithe eolais iontaofa maidir le creidimh eile.
  10. Foghlaim ceachtanna na staire. Foghlaimíonn na saoithe ceachtanna na staire. Leanann aiféala foréigean agus scrios i gcónaí.
  11. Bí umhal. Bíonn na saoithe umhal.
  12. Roinn gaois. Aithníonn na saoithe gaois pé áit a thagann siad air, agus roinneann siad í.

Rap an phápa: iomann óige a chuairt ar an Ríocht Aontaithe



Leis an ngrúpa Ooberfüse. Liricí anseo:

2010-09-09

Rosh Hashanah, 5771

Schofar ( Grianghraif le hOlve Utne)
Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: “Labhair le clann Iosrael agus abair: An chéad lá den seachtú mí, bíodh sé ina shaoire shollúnta agaibh, cuimhneachán fógartha ag séideadh an trumpa, comhthionól naofa. Ná déanaigí obair throm, ach ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna.”
(Léi 23:23-25)

Go raibh féile sona, síochánta ag Giúdaigh chuile áit. Agus, ó tharla deireadh a bheith tagtha le Ramadan ar na mallaibh, ag Moslamaigh freisin.