Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-12-28

Ag útamáil leis - cuimhní cinn Pádraic Breathnach


Taithí measctha atá agam le saothair Phádraic Bhreathnach agus ní fear mór cuimhní cinn mé go hiondúil. Ach sheol Cló Iar-Chonnachta cóip léirmheasa mo threo de na cuimhní cinn seo. A óige ar fheirm bhocht i Maigh Cuilinn. Flosc oibre a mhuintire chun go mbeadh oideachas ar a gclann chun éalú ón anró. Comharsa agus nósanna. Oideachas na linne. Achrann agus comhoibriú. Léargas freisin ar an bhreac Ghaeilge - gur Béarla faoi thionchar láidir Gaeilge a bhí thart air dáiríre. Sa chaoi gur shíl Béarlóirí é bheith ag Gaeilgeoireacht, agus a mhalairt! Ach gur thug sé faoi sealbhú ceart an dá theanga ar an meánscoil agus Ollscoil. 

Meánscolaíocht, ollscolaíocht, tús gairme. Caibidil ionraic faoi bhabtha dúlagar. Taisteal lena chlann. Fiosracht agus dúil sa ndúlra. 

Snas ar gach caibidil a fhágann go bhféadfá iad a léamh astu féin. Go deimhin táim measartha cinnte go bhfuil ceann acu léite agam mar cholún san Irish Times. Agus go bhfuil insint i gceann eile ar eachtra a spreag gearrscéal. 

Stair sóisialta agus stair léann na Gaeilge fite fuaite tríd go héadrom, gan a bheith teagascúil. 

Tuiscint agus meas ann. Ach gan ceilt, feictear dom, ar a chuid lochtanna agus streachailtaí. 

Prós breá soléite. Taithneamh le baint as. Leabhar a d'fhéadfá piocadh suas agus caibidil fánach a léamh anois is arís, agus pléisiúr a bhaint as. 

Pádraic Breathnach
Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781784442057  




2020-12-26

IMRAM 2020


Buaicphointe le linn na bliana dom Féile IMRAM, féile litríochta a bhíonn ar siúl timpeall ar Bhaile Átha Cliath in  ionaid éagsúla. I mbliana bhí ar an féile dul ar líne. Seachas zoom, roghnaigh Liam Carson an taibhe ilmheáin is dual do IMRAM a chuir i láthair le scannáin ar ardchaighdeán - rud a fhágann go mbeidh cartlann fiúntach fágtha.

Bheadh sé indéanta, is dócha, amharc ar gach rud - ach bheadh póit éalaíne orm dá ndéanfainn. D'amharc mé ar trí shraith. 

Dánta Duibhneacha, dhá taispeántas a taifeadadh sa Díseart sa Daingean le filí agus ceoltóirí Duibhneacha. Tá neart filí agus ceoltóirí ann, ar ndóigh, agus éagsúlacht guthanna agus stíle. Ionad deas freisin cé gur bhraith mé gur fhuamnaigh sé folamh - ag cuir leis an uaigneas a bhaineann le léamh don gceamara gan pobal. Ach ba dheas ann é, agus chuala mé guth a bhí nua domsa - Peadar Ó hUallaigh, chomh maith le filí agus ceoltóirí a bhfuil aithne agam orthu. 

Duine acu, Dairena Ní Chinnéide, a léigh leaganacha Mháire Mhic an tSaoi de Marbhnaí Duino Rilke. Ana rogha, mar gur canúint shaibhir Dhuibhneach a chuir Máire Mhac an tSaoi ar Gearmáinis shaibhir Rilke. Mar is iondúil, chuir Margaret Lonergan rogha iontach físeanna leis na focail, agus bhí na focail le léamh freisin ar an scáileán. Is oth liom a rá go raibh sé deacair díriú air suite ar an dtolg sa bhaile seachas dá mbeinn suite i Scoil na mBuachaillí, abair. Ach is féidir liom amharc siar nuair atá m'aigne níos suaimhní! 

Caitríona Ní Cleirchín a chuir Gaeilge air dornán eachtraí ó Leabhar na nAthruithe Oivid. Léigh Cathal Póirtéir go sollúnta beoga na focail - agus thug scáth puipéid Púca Puppets (Niamh Lawlor) beatha ar leith don scéal. Bhí Síle Denvir agus Thomas Johnston ag tionlacan an taibhiú le ceol - agus uaireanta chan Síle amhrán ar an sean nós a d'fheil don scéal - léiriú eile ar uilíochas litríocht na Gaeilge agus a ionad seasmhach sa chultúr Dhomhanda. 

Taithí deas a bhí ann cé gur bhraith mé uaim go mór an chomhluadar agus an atmaisféar ar leith a eascraíonn as pobal a bheith ag éisteacht go  géar le hoirfidigh. Sin ráite is boige i bhfad an tolg sa bhaile ná binsí crua Scoil na mBuachaillí i Scabhat Smock! 

Tá súil agam mar sin féin go mbeidh IMRAM 2021 ar ais sa ghnáth mhodh - cé gur féidir gurb fiú smaoineamh ar roinnt de a thaifid agus an dá thráth a fhreastal. 

Ana obair déanta ag Liam Carson agus meitheal Féile IMRAM. 


2020-12-20

Agatán Sacs

De bharr gur Dalen Éireann atá ag foilsiú an sraith seo faoi Agatán Sacs rinne mé talamh slán de gur úrscéal grafach atá i gceist. (Bhí mé sa tóir ar fhéirín oiriúnach do léitheoir drogallach) Ní hea áfach, cé go bhfuil go leor léaráidí aisteacha le Quentin Blake. 

Is coirscéal áibhéileach atá i gceist, Agatán Sacs ina sár bhleachtaire le cumas diamhair eachtraí a thuar. É i ngleic le beirt sár choirpeach - a bhfuil beirt saonta mar Doppelgänger acu. Gléasra diamhair teicneolaíochta, castaí agus camastaíl, tóraíocht reatha agus bóithre, éalú dána, gabhadh géar, iomrall aithne, péas dúr... 

Leathanaigh lán aicsean agus grinn agus imeartas focail (Gabriel Rosenstock a thraschruthaigh.). 

Ar an ndrochuair is dócha go bhfuil sé ró dheacair don té a bhí i gceist agamsa. 

Ach is dóigh liom go mbainfidh déagóirí óga ar léitheoirí réasúnta iad go leor taitneamh as an ngreann áibhéileach seo. 

ISBN: 978-1-913573-15-7
Le Nils-Olof Franzén. 
Léaráidí le Quentin Blake
Leagan Gaeilge le Gabriel Rosenstock
132 leathanach, clúdach bog. 138mm x 216mm

 

2020-12-18

Tom a’ tSeoighe Amhráin


Éistim le Raidió na Gaeltachta go minic - níos mó fós anois agus mé ag obair ón mbaile. Fiú roimhe sin bhí mé ceanúil go leor ar John Beag agus ar an earra a tugtar Gaelcheol Tíre. Admhaím go bhfuil col agam le roinnt amhráin atá cloiste ró mhinic agam, dar liom. Neansaí Bhán abair - ar mo chluasa tá sé maslach agus gránna. Agus táim dúdóite de bheith ag éisteacht le geonaíl faoi Mháirtín, i Wales nó as! 

Ach is breá liom eachtraí An Mhéit agus na hamhráin ag moladh báid agus bádóirí. 

Ach ag deireadh an lae, ní as Conamara dom agus ní hionann mo thaithí ar deoraíocht agus taithí mhuintir Conamara. 

Sheol Cló Iar-Chonnachta cóip léirmheasa chugam den gcnuasach atá déanta ag Síle Denvir agus Ciarán Ó Fátharta de chumadóireacht Tom a'tSeoige. Amhrán atá cloiste go minic agam cé nach dócha go raibh fhios agam cé a chum. 

Tá réamhrá breá fairsing ann ag cuir na hamhráin i gcomhthéacs saol agus dúchas Tom a'tSeoige. A thaithí mar imiriceoir, an dream fileata dar daoibh é, a chaidreamh le na fonnadóirí. 

Tá nótaí le gach ceann den leathchéad amhrán ag léiriú a fhoinse (nó ag dearbhú go bhfuil rún gan fuascailt ann). Tá liosta foinsí ann do na scoláirí. 

Agus tá téacs na nAmhrán féin, agus nótaí do véarsa agus curfá. Ach tá fainic ann go bhfuil na hamhráin beo agus nach bhfuil na nótaí in ann iad a cheapadh go sásúil. Mar sin, tá dhá CD in éineacht leis an leabhar agus rogha taifead an file féin ann - John Beag,  Ciarán Ó Fátharta, Nóra Ghriallais nó fonnadóir eile, tugtha le chéile in aon áit amháin. Níl gach amhrán ar an an dá CD ach tá 34 acu. 

Amhráin ó saol fada agus stair shóisialta Conamara agus a mhuintir. Tá an chomaoin curtha ag na heagarthóirí orainn agus ní ar mhuintir Chonamara amháin as iad a bhailiú agus a tabhairt le chéile in aon chnuasach amháin. Agus iad a chur i gcomhthéacs. 

Go bhfaighe siad uilig aois Choilm agus go leana daoine á gcanadh chun báid, imirce, grá agus buanna an phobail a choinneáil beo beathach - ar an raidió, i gcomhluadar agus cois teallaigh. 


Síle Denvir & Ciarán Ó Fátharta.
Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781784442088  

Leabhar + 2 CD

2020-12-15

As na Ceithre hArdaibh

Bhí an leabhar seo i measc beart leabhar a fuair mé le huacht, mar a déarfá, ó Réaltán. Leabhair cráifeacha ab ea formhór acu (cúis a mbronnta ormsa). Tháinig mé ar an leabhar le déanaí agus roinnt neatú ar bun agam agus chuir mé pictiúir amach ar Twitter mar gur shíl mé go raibh iol-ughdair saoithiúil.

Dúirt Ailbhe Ó Monacháin gur sár leabhar atá ann. Anois agus é léite agam de bharr a spreagadh, aontaím.

Díolaim gearrscéalta atá ann a foilsíodh i 1938. Ní léir dom cén roghnú nó eagarthóireacht a rinne An Roinn Oideachais ar. Tá fiche scéal ann, le údar déag. Tá scéal an duine ag beirt bhan ann. Scilling, le Maighréad Nic Mhaicín, agus An Fhuinneog le Morag Ní Néill.

Tá dornán scéalta ag Colm Ó Gaora agus péire ag Piaras Béaslaí - an t-aon údar a roghnaigh an cló Rómhánach a úsáid. Is cosúil gur fhág na heagarthóirí cló agus litriú faoi na húdair cuid mhór. 

Tá roinnt scéalta ag Gearóid Ó Nualláin - uncail le Brian agus Ciarán Ó Nualláin. 

Mar a bheifeá ag súil leis ón ré agus na húdair, baineann sciar maith de na scéalta le cogadh na saoirse. 

Tá scéal bleachtaireachta lonnaithe i bPáras ag Gearóid Ó Nualláin - agus ainmneacha dílse sa chló rómhánach cé go bhfuil an scéal sa chló Ghaelach. Thaitneodh an scéal níos fearr liom murach go bhfuil smál an frith Ghiúdachas go láidir ann - an ré arís!

Tá Scilling Mhairéad Nic Mhaicín ar an scéal is láidre sa chnuasach dar liom. Níl fhios agam ar scríobh sí mórán eile cruthaitheach - tá cáil uirthi as aistriúcháin ón Rúisis ach go dtí seo níor éirigh liom teacht orthu. Baineann an scéal le oibrí monarcha agus a dínit nuair atá an úinéir ag déanamh uasal le híseal leis an bhfoireann. 

Tá scéalta grinn, scéalta púcaí agus scéalta grá agus gráin sa leabhar. Cnuasach ana bhreá.

2020-12-12

Intleacht shaorga agus cearta

De bharr briseadh taighdeoir ar eitic intleacht shaorga as a post le Google, tá ceist intleacht shaorga agus cearta i lár an aonaigh arís.

Le fada is tróp a úsáidtear san ficsean eolaíochta éirí amach na róbait nó na hintleachtaí shaorga. 

Tá sruth smaointeoireachta ann a chreideann go bhfuil nó go mbeidh comhfhios agus toil ag intleacht shaorga agus dá bharr sin saoirse agus cearta dlite dóibh. 

Ach ceileann an dioscúrsa sin na fíor fadhbanna a bhaineann le cearta agus intleacht shaorga. 

Chonaic mé tagairt le déanaí a chuir ag smaoineamh mé. Bíonn na hIS sna scéalta a bhíonn éirí amach iontu ag fónamh don duine agus faoi chois agus faoi amhras roimh an éirí amach. Ar ndóigh is amhlaidh do sciar mhór den phobal anois - ach go háirithe mná, agus go háirithe arís mná nach bhfuil geal. Mar sin, tharlódh gur imní lucht pribhléide fireann geal atá sna scéalta - imní faoi athrú saoil a mhaolódh a gcuid pribhléidí. 

Ar ndóigh tá na forbairtí faoi láthair san intleacht shaorga ag brath ar dhá rud. Ollchnuasach sonraí, agus ollchumhacht ríomhaireachta. Is ag na mór chomhlachtaí caipitleachas faire atá na hacmhainní seo. 

Bhain briseadh Timnit Gebru le páipéar a scríobh sí i bpáirt le scoláirí eile faoi na ceisteanna eitice a eascraíonn as an gcur chuige seo. An deacracht le truailliú sonraí de bharr na claonta a bhaineann leis an dream a chnuasaíonn iad - claonta comhfhiosach nó neamh-chomhfhiosach. Níl sonraí ámh na íon. Tá cinntí déanta ina cnuasach, agus go háirithe san aicmiú a déantar agus na meitea-sonraí a chuirtear leo. Bíonn tionchar dhíreach aige sin ar na halgartaim a eascraíonn as meaisín fhoghlaim bunaithe orthu. 

Mar sin is baolach caint ar saoirse cainte algartam - is éard atá ar bun dáiríre ná iarracht freagracht as iarmhairtí úsáide. Is cuibhiúla mar meafar dá réir sin scéal Mary Shelley faoi Arracht Frankenstein. Cé go ndearna sé dochar dá chruthaitheoir roimh deireadh, is amhlaidh gur daoine eile a d'fhulaing i dtosach. 

Tá daoine ag fulaingt cheana féin de bharr na claontuairimí sóisialta atá bácáilte isteach sna halgartaim de bharr sonraí atá truaillithe le claontuairimí a bheith úsáidte sa dearadh. Agus de bharr cé acu a bhfuil smacht acu ar na sonraí agus cumas iad a ionramháil. 

Gné eile ná go n-ídíonn oiliúint algartam an t-uafás fuinnimh - agus tá an chostas sin le n-íoc againn uilig de bharr go bhfuil a leithéid ag treisiú athrú aeráide. 

Bímis airdeallach mar sin agus ná bac saoirse na róbait. Tógadh iad. Bíodh freagracht ar an tógálaí. Agus is amhlaidh is mó a fhreagracht mura dtuigeann sé an rud atá tógtha aige. 

2020-12-08

Comhacht Uisce in Éirinn

 
Ní foilsíthear mórán ar ábhar theicniúil as Gaeilge. Ar feadh seal bhí mé af freastal ar fochumann de chuid Cumann na nInnealtóirí - An Roth - a reachtálann léacht míosúil ar ábhar teicneolaíochta. Is minic áfach - agus seans go raibh baint aige leis an mballraíocht - gur ag amharc siar a bhí na léachtaí, sa stair nó i stair na mball cibé. Bíonn comórtas aistí de chuid an Oireachtais urraithe ag an Roth freisin agus chuir mé isteach air uair nó dhó agus bhí mé i mo mholtóir roinnt blianta eile - arís, stair is mó a bhí i gceist leis na haistí. Scríobh Michéal Ó Bréartúin, beannacht Dé ar a anam,  leabhar ar an Aibhléis agus ar an Teilegraif (Sreangscéal) - ach arís is ag amharc siar is mó a bhí sé.

Tháinig mé ar tagairt don paimfléid "Comhacht Uisce in Éirinn" agus mé ag léamh faoin bhfile Nuala Ní Dhomhnaill le déanaí - gaol léi an P. Ó Dónaill atá ar dhuine de na húdáir. Chuaigh mé sa tóir ar ar Chorpas ARÉ agus fuair mé é - agus chuir mé ar mo Khindle é ar mhaith le éascaíocht. Ar ndóigh níl ansin ach an téacs lom - atá iontach spéisúil ach ní saothar innealtóireachta go táblaí agus léaráidí! Fuair mé cóip ar  ball ar archive.org - níl an chaighdéan ró iontach ach tá na léaráidí agus na táblaí so-léite go maith.

Tá an méid seo scríofa ag na húdair san réamhrá:

Má's dóigh le haoine gur lughaide tairbhe an leabhráin seo é do scríobhadh i nGaedhilg, bíodh a fhios aige gur i gcomhair fíor-Ghaedheal amháin a scríobhamar é, mar gurab é ár ndóigh-ne, an té a thuigeann a riachtanaighe atá an Ghaedhilg do mhuintir na hÉireann, dá gcur ar a leas, agus gur leasc leis í fhoghluim 'na dhiaidh san, gur seacht leisce leis cloí le saothrú comhacht a uisce: agus an té ná tuigeann gur chomhairle in aisge ár gcomhairle dho.

Is eárd atá  sa phaimfléid tuairisc ar na féidirtheachtaí a bhaineadh le cumhacht uisce in Éirinn - le hinúchadh ar leith i gCiarraí maidir leis an méid eachchumhacht a bheadh le fáil in áiteanna éagsúla, an buntáiste a bhaineadh leo ó thaobh iompar uisce agus talún; na rudaí a dhéanfadh brabúsach é - go bhféadfaí monarcha a bheith in áit iarghúlta más é an cumhacht an rud is costasaí a bheadh i gceist.

É seo ar fad leagtha amach le samplaí, bunaithe ar sonraí agus meastúcháin, bunús tugtha le gach rud. Ní gineadh aibhléis amháín a bhí i gceist, ach úsáid cumhacht uisce chun cumhacht meicniúil a bhaint amach freisin - le déanaí rinneadh tionscadal ó thart ar am am céanna a athnuachan cois Súláin i gCúil Aodha - uisce ag tiomáint muileann admhadóireachta measaim.

Rith sé liom agus mé ag léamh gur fusa go mór plé leis an gcóras idirnáisúnta atá againn seachas troigheanna, puint agus araile mar atá sa leabhrán seo! Ach bhí an dóchas agus an flosc ann iontach ar fad le léamh. Measaim go bhfuil go leor de na nithe a bhí á thuar acu mar féidirtheachtaí nár baineadh amach riamh - agus seans gur fiú amharc arís orthu agus muid ag iarraidh breis breosla inathnuaite a úsáid. 

Ba chabhair measaim go leor córais beaga neamhspléacha scaipthe timpeall na tíre chun cumhacht glan a ginúint seachas an cúpla mórscéim uisce - Ard na Croise, Poll an Phúca agus araile, a tógadh.

Tá tréan bhíos buan!

2020-12-05

Comhionannas agus torthúlacht

Roinnt blianta ó shin luaigh Réaltán na 5 C atá ina gconstaic do comhionannas na mBan.

Cultúr a fréamh uile. Roimh an phaindéim bhí gach rud faoi réir ag an ngeilleagar - an gineadh brabach agus gach rud eile in áit na leathphingine. Cúrsaí cúraim - ceann eile de C-anna Réaltáin - ach go háirithe.

Shílfeá go bhfuil foghlamtha againn ón paindéim gur obair riachtanach atá i gcúram do gach aois. Ar an ndrochuair, níl an cuma ar an scéal go bhfuiltear ag géilleadh don gceacht. 

B'fhéidir anois agus Helen Mac Entee, an tAire Dlí agus Cirt, ag súil le leanbh go mbeidh guth ag bord an rialtais ag an cheist!

Mar is é bun agus barr an scéil ná go bhfágann an tréimhse srianta ama ar thorthúlacht na mban constaic roimh a gcomhionannas sa chóras reatha. Sna blianta is tairbhí ó thaobh gineadh clainne dóibh bíonn brú dréimire na gairme a dhreapadh go grod. Comhlachtaí móra ag ofráil a gcuid uibheacha a reo dóibh - chun go gcuirfeadh siad mian clainne ar an méar fhada chun "infheistíocht" an chomhlachta iontu a chosaint.

Gan amhras, níl gach bean ag iarraidh clann a bheith uirthi. Faoi láthair áfach tá brú ar mhná ar mian leo comhchéim a bhaint amach bheith níos fireannaí ná na fir - i dtuiscint chúng ar fireannachas a thugann tús áite do fónamh do bhrabach an chuideachta ("an gheilleagar") thar gach rud eile.

Feictear dom, i bhfianaise na héigeandálaí aeráide is eile a bhfuilimid i ngleic leo go bhfuil atheagar ó bhun de dhíth ar an gcultúr. Athrú a aithníonn tábhacht na torthúlachta agus a thugann deis do thuismitheoirí idir máthair agus athair cúram a thabhairt dá gclainne, agus ar ball dá dtuismitheoirí. Nach fágtar áfach faoin duine aonair é ach go n-aithnítear gur cúram an phobail ar fad aire dóibh siúd idir óg agus aosta a bhfuil tacaíocht bhreise de dhíth orthu. Nach giolla éinne dá ghaolta ach go bhfuil comhar clainne agus comharsana níos folláine do chách. Go bhfuil gá cúrsaí oibre a chur in oiriúint do chúrsaí uile an tsaoil - agus go háirithe gearradh siar ar taisteal fhada chun na hoibre. 

Shílfeá go raibh an paindéim tar éis deis a thabhairt machnamh a dhéanamh ar cheisteanna mar seo - deis meabhrú ar bun ioncaim do chách seachas brabach don mbeagán. A léiriú gur cúram don lag cnámh droma sochaí sibhialta. 

Ar an ndrochuair, is eagal liom go mbeidh an ceacht dearmadta a luaithe is a bhíonn an ráig seo curtha dínn le cabhair vacsaín, agus go fhillfidh an chultúr ar an gclais atá gearrtha amach ag an nua liobrálachas - brabach don mbeagán, ualach don mórán. 

2020-12-04

An Féileacán agus an Rí


Tá flosc iontach oibre ag Myra Zepf agus ní haon ionadh mar sin go bhfuil an dara leabhar léi san áireamh sa bheart a cheannaigh mé don Nollaig. 

Tráthúil go leor bhí leagan Diarmuid Johnson de scéal Midir agus Éadaoin léite agam níos luaithe i mbliana. Thaithin sé go mór liom ach bhraith mé nach raibh ról mar is ceart ag Éadaoin féin - go dtarlaíonn an scéal di seachas i bheith ina carachtar. Í séidte ag gaoithe éad agus searc daoine eile mar a bhí sí séidte ag gaoithe sí Fuamnaigh agus í ina féileacán. 

Is aoibhinn liom mar sin an casadh atá bainte ag Myra as an scéal. Is í Éadaoin féin a ghlacann a cinnúint ina lámha agus a imríonn na cluichí fichille leis an Ard-Rí ar mhaithe leis an saoirse a bheith aici a rogha pósadh a dhéanamh seachas an cleamhnas a rinneadh di. Ag sárú na geasa agus formad agus saint daoine eile chun saol sona a aimsiú di féin. Teachtaireacht tráthúil do dhaoine óga, measaim. 

Tá an insint spreagúil beoga - agus tá léaráidí Shirley Shona Macdonald iontach saibhir. Dathanna draíochtúla agus mionsonraí áille a chuireann go mór le fuinneamh na hinsinte. Ní haon ionadh gur duaisleabhar atá anseo! 

Máire Zepf
léaráidí Shona Shirley Macdonald
Futa Fata
ISBN: 9781910945483

2020-12-03

An Mac Tíre a Thaistil an Domhan

 

Is ar léitheoirí níos óige - idir a 4 agus 7 - atá an leabhar taitneamhach seo dírithe. Mar chuid den fheachtas atá ag Laureate na nÓg daoine a spreagadh leabhair i nGaeilge a cheannach mar bronntanas a cheannaigh mé é. 

An tíreolaíocht a spreag mé é a cheannach. 

Agus ní raibh díomá orm. Turas na cruinne le pictiúirí deasa ar gach leathanach, iontaisí na tíre á bhlaiseadh ag an Mac Tíre. Tá greann deas séimh ann freisin. Filleann an Mac Tíre abhaile sona sásta ar deireadh. Agus bhí mise sona sásta mé féin. 



Orianne Lallemand
32 lch; clúdach cartchláir; 
Leabhar Breac
ISBN: 978-1-911363-25-5

2020-12-02

Boscadán


I measc na leabhair a spreag feachtas Laureate na nÓg mé le ceannach tá ceann léi féin. Is dóigh liom go raibh mé i láthair nuair a seoladh Boscadán in éineacht le leabhar eile de chuid Áine, Fadó riamh... Ag an tús 

Scéal faoi samhlaíocht agus cruthaitheacht atá ann, Aoife ag tógáil róbó as bosca cairtchláir inár tháinig vardrús - agus a tuismitheoirí ag streachailt leis an vardrús agus ag déanamh neamhaird uirthi, tógann sí féin róbó as bosca de réir treoracha as leabhair. Agus is ansin a thosaíonn na heachtraí... 

Scéal a fhaigheann greim ort atá anseo agus ana thuiscint ann dar liom ar shamhlaíocht daoine óga agus a saol - sa bhaile agus ar scoil. 

Scéal taitneamhach a mbeidh léitheoirí óga ag baint taitneamh as na corra is castaí sa scéal. Aois 8 go 11 atá luaite leis, agus measaim go bhfeileann sé sin. Ach d'fhéadfaí é léamh do/le gasúir faoi sin. 


Boscadán
Áine Ní Ghlinn
Cois Life
ISBN: 978-1-912133-71-0 

2020-12-01

MÍP

Táim ag obair in earnáil an spáis. De bharr spéis gairmiúil (i bhfabhtanna, ní mór dom a admháil) coinním leathshúil ar mhisin gníomhaireachtaí seachas ESA. Ina measc Opportunity de chuid NASA. Gné de go leor de na misean seo anois ná go mbaineann siad feidhm éifeachtach as na meáin sóisialta - Twitter ina measc.

Briseadh an nasc le Opportunity de dheasca stoirm deannaigh ar Mharsa, agus glactar leis anois go bhfuil an robát as feidhm de dheasca easpa cumhachta - má tá an painéil gréine clúdaithe, ní bheadh an oiread sin ama oibre sul a mbeadh na cadhnraí díluchtaithe.

Bhí Myra Zepf í fein ag coinneáil súil ar eachtra Opportunity, agus spreag sé scéal aisti. Scéal ar leith. Ach tá mo chlann féin tógtha agus in ndáiríre níl gá le breis leabhar san tigh seo. Mar sin, ainneoin m'fhiosracht níor chuaigh mé sa tóir ar chóip de MhÍP.

Ach ansin spreag feachtas Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn mé chun beart leabhar a ordú chun bronnadh ar mo nianna agus neachtanna (nach léann an bhlag seo, tá súil le Dia agam) agus bhí MÍP ar bharr an liosta. Chomhlíon an Siopa Leabhar m'ordú le flosc agus anois tá deis agam na leabhair a léamh roimh iad a bhronnadh. Agus iad a mholadh anseo!

Tá an leabhar seo iontach go deo cliste. Insíonn na focail scéal Opportunity - nó MÍP - go díreach, na heolaithe á dhéaradh, a thógáil, á sheoladh, ag fáil eolas ar ais - agus sceitimíní orthu faoin eolas céanna. (Ach is innealtóirí roinnt acu, rud nach luaitear san leabhar!) An stoirm gainimhe, an nasc caillte - ach sa scéal seo faightear nasc arís.

Ach insíonn na pictúirí scéal eile, scéal atá folaithe ar MhÍP agus dá bhrí sinn ar na heolaithe ar an Domhan. Scéal faoi eachtráin... Tá na pictúir le Paddy Donnelly lán le sonraí, féasta don tsúil.

Spreagfaidh an leabhar seo fiosracht - agus tá fiosracht de dhíth!

Myra Zepf agus Paddy Donnelly
Futa Fata
ISBN: 9781910945582

2020-11-30

Fiannaíocht Dharach

 

Is seoda iad leabhra Leabhar Breac. Bhí mé thar sáile nuair a foilsíodh an leabhar seo i dtosach, agus ag deireadh na nochaidí ní raibh cur amach agam ar Dharach agus a chuid oibre ar aon nós. Bhí an leabhar feicthe agam uair nó dhó, ceart go leor. Ach nuair a d'fhógair sé eagrán nua ar Twitter le déanaí, agus ós rud é go raibh mé meáite ar Tinte na Farraige Duibhe a cheannach uaidh ar aon nós, shantaigh mé é.

Fionn ag Fiannaíocht atá againn san leabhar seo. Tá Rahmenhandlung ann ceart go leor, a mhíníonn cén fáth go bhfuil sé Tigh Chonáin, agus cath fuilteach ag an deireadh. Ach mheabhraigh sé Scheherazade  agus 1001 Oíche na hAraibe dom - cuireann Conán ceist faoi ghné de scéal Fhinn agus insíonn Fionn an eachtra. Leathanach nó dhó i ngach eachtra acu - macghníomhartha, mar a fuair sé Bran agsu Sceolaing, mealladh mná agus comhraic le fir.

Teanga cuanna atá in úsáid ag Darach, agus na ruthaig agus coruithe catha a bheadh ag seanchaí maith aige. Dramaíocht. Bhain mé taithneamh as an léamh, agus de bhrí gur díolaim atá ann, d'fhéadfá filleadh air arís is arís, ag léamh scéilín ar leith agus á leagan uait seal eile.

Mar is iondúil is earra iontach an leabhar féin; cló glé, páipéar uasal, léaráidí de chuid Darach tríd - clúdach cuanna le híomhá Bruegel. 

Níl staidéar déanta agam ar aicmiú na scéalta, ach tá lear mór fabhalscéalta léite agam nó feicthe agam ar teilefís na Gearmáine - agus thug mé suntas do chuid na moitífeanna idirnáisúnta - an dream a chuidíonn le Fionn tarrtháil a dhéanamh ar mac rí Laighean, abair. 

Ach tá aduantas ar leith sna scéalta freisin, gné Gaelach, gné barbartha, fiáin. Is maith an cumasc iad na scéalta seo. Is cleasaí é Fionn seachas laoch - agus ní hé an carachtar is deise liom é. (Fadó bhí beartaithe agam scéalta faoi Gholl Mac Morna, ar uaisle de laoch é, a chuir ar leathanach idirlín - ach chuir mé ar an méar fhada chomh fada sin iad gur thit siad de).

Tá leabhra eile Fiannaíochta agam, teaglaim Uí Chadhlaigh ina measc, agus cinn do dhaoine óga, ach níl sárú an leabhar seo mar scíthleitheoireacht dúshlánach (más rud é sin) feicthe agam. Molaim é!

Darach Ó Scolaí
€16.00
96 lch; clúdach crua; 
ISBN 978-1-909907-67-6


2020-11-28

Diabhal ar an gCros

Is amhlaidh, nuair a tháinig an athdhianghlasáil agus dúnadh na leabharlainne gur cheannaigh mé leagan Kindle Devil on the Cross le Ngũgĩ wa Thiong'o. Seo an chéad úrscéal a scríobh sé ina theanga dhúchais. Scríobhadh an t-úrscéal ar pháipéar leithris sa ghéibheann, áit a raibh sé curtha gan triail i ndiaidh dó bheith gníomhach le meitheal pobail ag scríobh agus ag léiriú dráma.

Scéal - idir réalaíoch agus osréalach - Warĩĩnga atá ann, bean óg a bhfuil corr curtha ina chinniúint toisc gur bhréag seanfhear saibhir í ach dhíbir uaithi é nuair a d'éirigh sí torrach. Ag tús an úrscéil tá an cuma air go bhfuil sí tar éis a saol a chuir le chéile arís, ach ansin cailleann sí a post mar rúnaí cionn is nach bhfuil sí toilteanach luí leis an bas. Tréigean a leannán í mar go gcreideann sé gur ghéill sí. Díbríonn an tiarna talún as a hárasán í.

Cosctar í as lámh a chur ina bás féin, agus taistealaíonn sí abhaile go dtí a ceantar dúchais Ilmorog. Ar tacsaí roinnte, áit a mbíonn allagar faoi cás Chéinia idir na paisinéirí. Faigheann siad uilig cuireadh ag cóisir lucht gadaíochta. 

Cóisir is comórtas sách osréalach atá ann, agus tagann deireadh leis nuair a thugann slua den gcosmhuintir faoi ach go gcoscann an phéas go foréigeanach iad.

Tugann na heachtraí misneach do Warĩĩnga a haisling bheith ina hinnealtóir a chuir i gcrích. Filleann sí ar an oideachas, faigheann sí obair mar mheicneoir chun íoc as, fásann caidreamh idir í agus duine eile de na paisinéirí ar cumadóir ceoil é.

Bíonn an dara turas go hIlmorog i gceist chun a gealltanas a fhógairt dá teaghlach féin agus dá theaghlach saibhir siúd - ach cuirtear corr eile san scéal ansin. 

Úrscéal cumhachtach polaitíochta atá ann, agus an réalachas ina orlaí tríd an osréalachas agus taibhrimh Warĩĩnga. 

Níl aon réiteach néata i gceist ach agraíonn an údar a chás (Marxach) go láidir agus go sciliúil, agus de réir mar a thugann Warĩĩnga droim láimhe do sodar i ndiaidh na huaisle eachtrannacha is ea téann sí i gcumas agus in áilleacht. 

Lón machnaimh agus léamh taitneamhach araon. 

2020-11-27

Bíodh do chuid fógraí earráide soiléir!

Tá uirlis seachtrach (bogearra)  de dhíth ar an samhail den spásártach a bhfuilim ag obair leis. Fuair mé inniu é, lean mé na treoracha chun é chuir leis an ríomhaire. Chuir mé leis an "cosán" é, i. an liosta fillteáin ina lorgaíonn an corás oibriúcháin feidhmchláracha. 

Ach bhí an córás fós ag rá liom nach bhfuil a leithéid de chomhad nó fillteáin ann.

Tá clár "which" ann a thugann eolas faoi cláracha atá in úsáid. Bhí sé ann, agus san áit cheart.

Rinne mé iarracht an cosán iomlán a lua leis - fadhb céanna.

Tá clár eile ann "file" - a dhéanann iarracht a rá cen cinéal comhaid atá ann. Thug sin nod áirithe dom - ba leagan 32 giotán a bhí sa chlár, agus ríomhaire agus córas oibriúcháin 64 giotán atá in úsáid agam.

Is éard a bhí i gceist sa chás seo ná "ní féidir an clár seo a rith" - dhearbhaigh Google dom go raibh gá agam tacaíocht 32 giotán a chuir leis an gcóras oibriúcháin, agus ansin bhí gach rud ina cheart.

Ach chuir an fógra earráide ar míthreo mé agus chuir am amú orm. Ba cheart do fógra earráide a bhieth cruinn, soiléir, beacht - agus an réiteach soiléir más féidir!

Agus sin mo racht go n-uige seo....


2020-11-22

Siamsa an Gheimhridh


Sheol Cló Iar-Chonnachta cóip léirmheasa den díolaim seo chugam. Athchóiriú le Peadar Ó Ceannabháin ar leabhar a chnuasaigh Domhnall Ó Fotharta, oide scoile, agus a foilsíodh i dtosach in 1892.

Is geal le bheith i láthair ag sraith oíche airneáin a bheith ag léamh an leabhair. Scéalta, amhráin, tomhaiseanna, nathanna agus rannta ag leanacht a chéile - nasc eatarthu uaireanta, uaireanta níl. 

Níl aon snas curtha ar na leaganacha cnuasaithe agus dá réir bíonn píosaí as alt i gcuid de míreanna - iad fágtha mar a breacadh síos iad gan eagarthóireacht liteartha. Ach is samplaí iontacha iad de na healaíona béil beo. Tá cultacha catha breátha sna scéalta. 

Tá foclóirín ag dul leis an leabhar ach ní raibh sé de dhíth orm. Feictear dom gur thug Peadar Ó Ceannabháin suas chun dáta go séimh an chaint sa leabhar, agus go snasta. 

Tá foinsí agus fonótaí curtha leis. Leabhar a bheidh fóinteach do scoláirí béaloidis chomh maith le scíth léitheoirí ar maith leo sean scéalta - agus i bhfianaise an spéis chuirtear i mbailiúchán na scoil, ní tearc a líon siúd! 

Tá obair mhaith ar bun ag Cló Iar-Chonnachta ag déanamh cúram d'oidhreacht an phobail ina bhfuil siad lonnaithe chomh maith le bheith ag forbairt scríbhneoirí, ceoltóirí agus fonnadóirí na linne seo. Gura fada buan iad. 

Peadar Ó Ceannabháin 
Tagairt: 9781784441975  


2020-11-20

Tinte na Farraige Duibhe

Tuigeann leitheoirí an bhlag seo gur aoibhinn liom ficsean samhlaíochta agus eolaíochta. Lasmuigh de roinnt ábhar ó seacsaidí an chéid seo chaite, agus dornán leabhar dírithe ar dhéagóirí ag léithéidí Iarla Mac Aodha Bhuí agus Anna Heussaff, ní heol dom puinn a bheith ar fáil sa Ghaeilge. 

Chuir Panu Hoglund Gaeilge ar imleabhar amháin den Fhondúireacht le Asimov, agus bhain mé taithneamh as sin. Tá roinnt gearrscéalta scríofa agus foilsithe thar na blianta freisin. Agus tá Rún na nGallán ag Seán Ó Connor.

Ceann den scríbhneoirí gearrscéalta atá ag teacht chun cinn ná Eoin P Ó Murchú, agus píosa spéisúla scríofa aige agus foilsithe i Comhar agus san leabhar Meascra ón Aer.

Bhí cloiste agam go raibh sé ag obair ar úrscéal ficsean eolaíochta a aistriú ó Ghaeilge na hAlban - agus go raibh lámh ag teicneolaíocht Kevin Scannell agus Michal Měchura - intergaelic.com san obair.

Bhí mé fiosrach dá réir, agus faoi dheireadh thiar thall bhí deis agam an toradh a cheannach ó Leabhar Breac.

Fear de bhunadh Seattle an údar, Tim Armstrong, a d'fhoghlaim Gaeilge na hAlban de bharr an spéis a bhí aige i gceol punc agus a theaghmháil le buíonta ceoil a chan as Gaeilge. Tá sé anois ag leachtóireacht i SMO.

Tá cruinne inchreidte Gaeilge san úrscéal seo - úrscéal "ficsean eolaíochta crua", i. tá an teicneolaícht lárnach seachas draíocht nó eile. Intleachtaí shaorga, ríomhairí, innealtóireacht géiniteach, cibearg. Ceoltóir ar gealach dearóil mianaigh é Sál, an duine a leanamid an scéal trína dhearcadh. Tá gnéithe de scéal grá, scéinséir tóraíochta, turas ceoil trasna na réaltbhuíonta, distóip chaipitleach agus éirí amach na róbait ann. 

Tá úsáid cliste bainte as canúintí - agus Béarla trascríofa i nGaeilge, agus fiú Gaeilge na hAlban ag Eoin P. ina aistriúchán. An t-aon dris cosain a bhí ann dom ná na hainmneacha - níl fhios agam an é gur fhág sé iad sa bhunleagan, ach níl mé cinnte an mbeadh ar mo chumas iad a fhoghrú. 

Tá gnéithe den cruinne a mheabhraíonn scéalta Iain M. Banks faoin "Culture" dom - ach gan an rud a thug mé col do ina scríobh seisean. Tá foréigean i gceist, agus tá pearsa amháin ana ghránna, ach san áit a mbíonn Banks ag únfairt, dar liom, sa foréigean sádach, níl a leithéid i gceist anseo - fónann an foréigean don scéal, agus níl taitneamh a bhaint as. Tá formhór na pearsana daonna - ach tá ról suntasach ag intleach shaorga atá inchorpartha ach ar a chumas é féin a sheoladh isteach i gcórais eile.

Scéal deas teann atá ann - ach tá dóthain snáithe ar foluain gur féidir a bheith ag súil leis breis scéalta as eascairt as. (Agus tá dóchas agam go mbeidh!)

Is cloch fiúntach ar charn léitheoireachta na Gaeil seo, agus buíochas ag dul do Tim Armstrong agus Eoin P. Ó Murchú araon.

Mar is iondúil le Leabhar Breac, tá an dearadh snast, cló ar leith do na Teideal Caibidil, cló deas soiléir tríd síos. Tá fairisingiú foclóra ann, gan amhras, ach tá an foclóir sin i gcomhthéacs agus ní dóigh liom go mbeadh léitheoir cleachtaithe ag dul i dtreo an fhoclóra ró mhinic.


Tim Armstrong
Aistrithe ag Eoin P. Ó Murchú

208 lch; clúdach bog; 978-1-913814-03-8


2020-11-15

Piarmheastóireacht

Is léitheoir maith í m'iníon mar a bhí ina deartháireacha roimpi. Mar a shílfeá, bím ag cuir leabhair as Gaeilge faoina bráid nuair is féidir (agus nuair a chuimhním nach cailín beag níos mó í).

Tá an ghnáth fáinne fí ann, go mbraitheann sí Gaeilge a bheith deacair - ceal taithí. Ní haon nath di treabhadh tríd bloc mór míle leathanach as Gearmáinis nó Béarla, ach streachailt leabhar Gaeilge. 

Ach bhí comhrá spéisiúil againn inné. Is amhlaidh gur fearr léi a bheith ag léamh leabhair ar féidir iad a phlé lena cairde ar agus as líne. Agus sa phobal sin ní mórán leabhar Gaeilge atá á léamh. 

Feictear dom gur féidir go bhfuil áit ann do chlub leabhar na n-óg arís. Gnó cigilteach áfach mar má bhíonn boladh scoile agus oideachais air ní éireoidh leis. 

Níl ach síol smaoineamh agam, agus déanta na fírinne níl mé cinnte go bhfuil bunús leis. Ní mar sin a roghnaím féin leabhar, cé go bhfuil leabhar léite agam ar mholadh uair nó dhó. Scaití thaithin liom, uaireanta eile níor dhein. 

2020-11-14

Físdánta

Reáchtáil Reic comórtas filíochta ar líne aréir agus bhí mé ag faire ar le fonn. Tá Reic, a bhunaigh Ciara Ní É cúig bliana ó shin, ag dul ó neart go neart. Braithim uaim na hócáidí taibhfhilíochta fuinniúla i leithéid an Generator nó Club an Chonartha. Tá súil agam go bhfillfidh a leithéid.

Ach tá rudaí spéisiúla ag tarlú le tamall de bharr trealamh taifeadta agus uirlisí eagarthóireachta a bheith ag éirí níos uile láthraí. 

Bhí comórtas Slam Fhilíochta Liú Lúnasa agus an Cúirt Filíochta san Oireachtas ag brath ar míreanna taifeadta i mbliana freisin. 

Rinne roinnt daoine léamh sách traidisiúnta i gcomhar ceamara. 

Ach tá go leor eile atá ag baint feidhm éifeachtach as na féidearthachtaí nua, ag reic a gcuid filíochta go hilmheánach, ag cruthú scannáin áille.

Ceann ar leith le Eoin McEvoy a bhí i measc na dánta a bhain duais aréir. 

Bhí ceann iontach ag Jill McMahon do Féile Liú Lúnasa agus é ar fáil ar Facebook - Riarachán. 

Roimhe sin fuair Ciara Ní É Coimisiún ó Ionad na Scríbhneoirí agus rinne sraith snasta dánta a thaifid le réimse daoine, sa mhullach ar an corpas atá taifeadta aici féin agus atá ag fás. 

Tá roinnt taifead taibhsiúla déanta ag Nós freisin. 

Tá líon na ndaoine ag dul don obair spreagúil seo ag dul i méid agus i gcumas - agus cé gur áil atá á dhéanamh den éigean faoi láthair táim ag ceapadh go mbeadh an earnáil nua seo linn ar feadh i bhfad. 

Tá súil agam go bhfuil dream éigin ag smaoineamh ar cartlannú a dhéanamh - níl comhad dhigiteacha buan ná fadmharanthach. Beidh gá le hataifead agus caomhnú. 

2020-11-08

Gaillimh - Díolaim Cathrach


Sheol Cló Iar-Chonnachta cóip léirmheasa den díolaim seo chugam, agus táim buíoch. Togra a bhaineann le gradam Cathair na Gaillimhe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa i mbliana, comóradh a cuireadh as a riocht de bharr na paindéime.

Sleachta ficsean próis - as gearrscéalta nó úrscéalta, chomh maith le réimse filíochta. Iad ar fad bainteach le cathair na Gaillimhe. Díol suntais - bhraith an fear eagair easpa mná i measc na scríbhneoirí próis agus choimisiúnaigh dánta ó mhná mar chúiteamh. 

Mar a luaigh Máire Ní Finneadha, bhraith mé go raibh sé ait nach raibh na sleachta de réir údair - píosaí leis na húdair céanna scaipthe tríd an gcnuasach, agus an cur i láthair beagán éagsúil de réir an tsleachta. Is féidir go bhfuil eochair don leagan amach ar na sleachta ag an eagarthóir, ach theip orm féin pátrúin a aithint - is trua sin, mar measaim go mbeadh an díolaim níos láidre ach scafall dá leithéid a bheith ann. 

Cuid mhaith den bprós agus roinnt de na dánta bhí siad léite cheana agam. Ach is cinnte go raibh sleachta áirithe a spreagadh fiosracht léitheora maidir le húdar agus saothair agus is maith sin. Díolaim measartha leathan atá ann, agus clúdach maith déanta ar scríbhneoirí na fichiú haoise agus tús na haoise seo. 

Leabhar maith leabhragáin, le tarraingt air anois is arís d'fhonn na saothair a bhlaiseadh. Tá dearadh an leabhair oiriúnach chuige sin, clúdach crua agus clúdach deannaigh cuanna. Cló soiléir, innéacs agus tagairtí do na foinsí. 

Brian Ó Conchubhair