24 April 2014

Ar thréig mo leithéidí muintir na sé contae?

Bhí mé i mBéal Feirste ar an Lá Dearg. B'shin, seachas turas gairid ar IKEA, an dara uair ann dom.
Agus ní raibh mé sna sé contae ach cúpla uair thairis sin, deireadh seachtaine amháin i bhfochair mo mhnaoi, agus cúpla geábh le Gaelphobal i nGoirtín.
An tseachtain roimh na hagóide bhí muid á phlé ó dheas agus duine as Béal Feirste inár gcomhluadar. Duine a thuig go maith, ainneoin na sluaite a tháinig aduaidh go Baile Átha Cliath, nach mbeadh an oiread ag teacht aneas chuig agóid s'acu. (Níor tháinig an tuar faoin tairngire sin go hiomlán, bhí slua bhreá ann agus Duibhlinnigh agus fiú toscaireacht ó Chroca Dhuibhne ina measc)
Mar sin féin, is deacair a shéanadh gur tír aineoil - coimhthíoch fiú - na sé contae domsa; agus nár bhraith mé go hiomlán ar mo chompord ann riamh.
Baineann cuid mhaith de sin leis na híomhánna a chonaic mé ag fás aníos agus a mhúnlaigh mo dhearcadh. Thrasnaigh muid na sé contae uair nó dhó ar ár slí mar theaghlach go Dhún na nGall; ní cuimhin liom aon taithí teorainn mar é ach nuair a bhí an Cuirtín Iarainn á thrasnú againn roimh 1989. Daingin cruach, saighdiúirí armtha go trom agus amhras ina súile.
Cuid eile den doicheall - i mBéal Feirste ach go háirithe - baineann sé leis an mbuailim sciath féiniúlachta ann, bratacha, múr-phictiúir, manaí.  Tá, ní mór dom a admháil, gné aicmeach ag baint leis sin. Bíonn doicheall sna putóga ag mo leithéidí ón íseal meán aicme roimh ceantair lucht oibre, bíodh is nach bhfuil, i bhfocail George Orwell, le cailleadh agam ach mo "h"-anna.
Is deacair na mothúcháin neamh-chomhfhiosacha sin a dhíbirt. Agus formhór an ama, sna meáin ó dheas, is mar fhadhb ar gá í a leigheas a fhéachtar ar phobail na sé contae, seachas mar cuid dínn fhéin.
Go dtí le fíor ghairid freisin bhí détente sách compordach - ró chompordach is dócha - idir Ghaeilgeoirí ó dheas agus an Stáit. Rud nach raibh riamh ó thuaidh, rud a d'fhág pobal na Gaeilge ó thuaidh crua, misniúil, mórtasach, glórach fiú. Tréithe a chuireann amhras, scaoill scaití, ar mo leithéide de phetit bourgeouis.

Is dócha, mar sin, gur fíor go pointe an maíomh nach bhfuil mo leithéide ag léiriú an dlúthpháirtíocht is gá le pobal na Gaeilge sna sé contae. Rud is mithid dom a athrú. San sáinn ina bhfuil muid anois is mithid pobal na Gaeltachta, pobal Gaeilge na Sé Contae agus nua chainteoirí sna fiche sé contae a thabhairt le céile. Ní ag déanamh neamhaird ar na difríochtaí, ach ag cur na buanna agus tréithe atá againn ar fad le chéile d'fhonn an teanga a bhfuil muid ar fad doirte di a chur chun cinn.

Agus sin mo racht go n-uige seo.

6 comments:

Vincent Morley said...

B'éigean dom an leathanach ar George Orwell a léamh sular thuigeas ciall an fhocail "hanna". B'fhiú fleiscín a chur ann. Thairis sin, sílim go bhfuil a gcuid H-anna slán ag gach aicme den phobal in Éirinn.

Ós ag trácht ar Orwell atáimid, seo sliocht eile leis:
"It needs some very great disaster, such as prolonged subjugation by a foreign enemy, to destroy a national culture."
Orwell, "The Lion and the Unicorn" (1941).

aonghus said...

Is fíor nach ionann Siobaileat aicmeacha na hÉireann, ach tá an bunsmaoineamh fíor.

Vincent Morley said...

Bíonn logánú riachtanach i gcás mar seo. Cad adéarfá le "bíodh is nach bhfuil le cailleadh agam ach mo chárta VHI"?

aonghus said...

Ceist airgid atá ansin. An tátal a bhainim as nath Orwell gur difríocht cultúrtha gan tábhacht atá i gceist.

Vincent Morley said...

"Bíodh nach bhfuil le cailleadh agam ach mo chuid TH-anna"?

SeanO said...

Agus mé im iarchéimí le Ceimic, thart ar an mbliain 1963, iarraidh orm cúpla cuairt a thabhairt ar Thuaisceart Éireann, ar Bhéal Feirste agus ar Dhoire ach go háirithe. Ce gur cuireadh fáilte romham agus gur caitheadh go béasach liom agus mé i mbun mo dhualgais, ba léir gur mheas na daoine a raibh mé i dteagmháil leo gur ‘tréigeadh’ iad ag an muintir ó dheas. Go deimhin, dúradh go neamhbhalbh liom gur cuma le lucht na ‘twenty six counties’ (nó ‘An Free State’ ar uaire) faoi na Caitlicigh/Náisiúnaithe ó thuaidh. Agus bhfuil a fhios agaibh, ní raibh freagra agam dóibh!! Mar bhí an ceart acu. Mé ag ceapadh anois, gur ghné an ‘cuma liom’ sin den daille phobail a chleachtaimis ag an am. An daille chéanna a cheil orainn The Magdalen Laundries, The Artane Boys’ School, The Glencree Reformatory, etc. etc. Cé nach raibh eolas iomlán agam faoi na nithe sin ag an am, bhí a fhios agam gurbh ann dóibh agus go raibh mí-iompar cruálach i gceist, agus ar an ábhar sin, táim ciontach agus beidh an smál sin orm go deireadh mo shaoil.