11 October 2014

Nuachtseirbhís mar a tuairisc?

Faoi dheireadh thiar thall seoladh Tuairisc.ie an tseachtain seo. Bhí go leor cainte roimh ré faoi "dhá seirbhís ar aon uair" mar go bhfuil seirbhís ag RTÉ. Bhíothas ag maíomh go mbeadh dúbláil i gceist. Ní fheicim gurbh amhlaidh sin; ar an gcéad dul síos is scéalta beaga nuachta amháin a bhíonn ag RTÉ. Ní mór dom a rá go bhfuil an díomá orm féin leis an seirbhís sin, agus is beag feidhm a bhainim as. Ar maidin ar na slí chun na hoibre a bheadh fonn orm nuacht a léamh, ach ní bhíonn aon scéal nua as Gaeilge acu. Seirbhís 12/5 seachas 24/7 atá ann. Ní thuigim sin mar go mbíonn feasacháin nuachta ag RTÉ RnaG um a 7 ar maidin, agus Nuacht as Gaeilge ar RTÉ Raidió 1 um a deich istoíche; réimse i bhfad níos leithne ama ná mar atá ar an suíomh. Ní fiú dom  bheith ag léamh rudaí ar an suíomh atá cloiste agam ar an raidió. (Meas sibh an bhfuil réiteach mo cheiste, nó nod faoi san alt seo ar Tuairisc.ie?)
Maidir le Tuairisc.ie, léigh mé sciar mhaith de ar mo fón póca Déardaoin díreach i ndiaidh a sheolta.
Bhí mé ar an mbus abhaile, agus fíor sásta go raibh sé soléite go maith ar mo scáileáin bheag agus go raibh cnaipe ann le scéalta a scaipeadh le Twitter! 
Is deacair breith meáite a thabhairt an fiúntas an togra bunaithe ar an gcéad eagrán amháin. Bhí faill ag foireann Tuairisc snas a chuir ar sa chúlra agus iad ag ullmhú don seoladh. Bheinn ag súil le sár céad eagrán mar sin, agus ar an mórgóir táim sásta gurbh sin a fuair mé. Tá cuid de na scéalta nuachta pas beag gearr, sílim. Níl aon lucht ar na haltanna anailíse áfach agus ardaíonn sé mo chroí leithéidí Alex Hijmans a bheith ag tuairisciú arís do foilseachán nuachta Gaeilge. Tá daoine fónta ó laethanta Foinse ag  colúnaíocht ann freisin.
Tá mós sásta freisin go bhfuil spás á chuir ar fáil do scríbhneoirí Gaeltachta fearacht Joe Steve Ó Neachtain.
Ana smaoineamh is ea úrscéal a fhoilsiú ina ghiotaí, agus léite, i Rannóg na bhFoghlaimeoirí.
Agus tá físeáin Ar Son na Cúise iontach ar fad.
Conchubhar sách géar ina léirmheas féin orthu ach tá bunús lena ghearáin maidir leis na sé contae. Maith go leor, tá saineolas ar leith ag Póilin Ní Chiaráin ar chúrsaí ó thuaidh - ach sílim gur amharc aneas atá i gceist, ag míniú "iad siúd" dúinne ó dheas. Tá gá leis sin cinnte. Ach tá cainteoirí laethúla i mBéal Feirste, Doire agus an Srath Bán, agus go deimhin fud fad na sé contae. Is fíor go bhfuil cúpla scéal "Gaeilge" ag Robert McMillen ann freisin. Ba mhaith liomsa áfach léargas ó leithéidí Ian Malcolm agus Eoin Ó Néill a fheiceáil freisin - daoine atá fáiscthe as an saol ó thuaidh.
Tá bunús freisin le pointe Conchubhar faoin easpa nascanna  - peaca marfach sin ar suíomh ar líne! Tá beagán imní orm go bhfuil deighilt idir an fhoireann theicniúil agus na hiriseoirí. Ba cheart go mbeadh iriseoirí ar suíomh ar líne in ann nascanna agus araile a chuir lena n-ailt féin gan stró.
Tá cúpla mion ghearáin theicniúil agam féin - Is cosúil go bhfuil fotha RSS nasctha leis an suíomh Tuairisc.ie ach theip orm é a chuir le mo léitheoir netvibes - níl an fotha ag freagairt. Níl logánú iomlán ceart déanta ar an suíomh ach oiread - cur nath fágtha i mBéarla. (Sheachnóinn an focal "úrnua" freisin nuair is "is déanaí" atá i gceist. I saol an idirlín, níl scéal ó inné - ná ó dhá uair a chloig ó shin - "úrnua"). Bhí moladh fiúntach ag Caoimhe Ní Laighin ar Cormac ag a 5: go mbeadh foghlaimeoir in ann feidhm a bhaint as a luch chun ciall focail a aimsiú; le Foclóir Uí Dhomhnaill & De Bhaldraithe  ar líne, ba cheart go mbeadh sin sodhéanta le roinnt Javascript.

Tríd is tríd, feictear dom go bhfuil tús maith curtha leis an dtogra atá muid uilig ag feitheamh go mífhoighneach air. An cheist anois ná an mbeidh siad in ann, mar a dúirt Cathal Goan le Adhmhaidin, an craos deamhan a choinneáil sásta.

Guím gach rath orthu san iarracht, agus beidh mé ag tacú leo sa mhéid is gur féidir liom!

No comments: