02 November 2007

Firinne gharbh na Ríthe

Chonaic mé an scannán Kings anocht.

Thar a bheith cumhachtach, ach thar a bheith duairc. Bhí blas gharbh, searbh na firinne ar an uile nóiméad de. Shil mé deora.

Mar dhuine a chaith seal ar imirce mé fhéin, agus a bhuail le roinnt de leaids na buildeáileacha thar lear, bhraith mé go raibh ionracas agus soiléire i léiriú na gcinniúintí éagsúla a bhain don seisear.

Ach ar son Dé, nach ndéanfaidh duine éigin rom-com nó scéal gealgháireach áthasach as Gaeilge a scannánú dúinn?

1 comment:

Anonymous said...

Ní foláir dom an scannán seo a fháil. Tá dream mór de mo chlann mar deoraí i dtíortha eile, agus i mo thuairimse, is aistheoirí den scoth atá i bpáirt don scannán seo.

- Séamas (Ardrí ar daltaí)