27 December 2011

Creach na Nollag

An chuid de atá inléite, pé scéal é.
Ag baint sásamh as, agus beidh go ceann tamaill.

8 comments:

SeanO said...

Mé ag tnúth leis an leabhar nua le Mac Cóil a léamh. Eisean, Mac Síomóin agus Ó Ruairc na húdair is ansa liom.

aonghus said...

Cé acu Ó Ruairc? Moltaí agat maidir le leabhar?

Dennis King said...

Tá ceann acu léite agam. Beidh suim agam sa chéimiúlacht a gheobhaidh siad uait. Do bharúil ionraic atá uainn. Níl sé éasca léirmheas neamhbhalbh a fháil i saoilín na Gaeilge.

aonghus said...

Déanfaidh mé mo dhícheall. Ach tost mo nós anseo nuair nach dtig liom moladh!

ormondo said...

Trí uafás an scríbhneora:

báine leathanaigh,
cáineadh léirmheastóra,
tost Aonghusa.

;-)

Dennis King said...

Mura féidir leat rud deas a rá ... suigh anseo in aice liom!

Proinsias Mac a' Bhaird said...

An Litir le Liam Mac Cóil léite agam ar na mallaibh. Bhain mé sásamh mór as!
An bhfuil 'Beirt bhan mhisniúla' ar do liosta agat? Ceann de na leabhair is fearr atá léite agam le fada an lá!

aonghus said...

An bhfuil 'Beirt bhan mhisniúla' ar do liosta agat?

Tá, ach n'fheadar cathain a thiocfaidh mé a fhad leis!