05 December 2011

Féile San Nioclás atá ann amárach...

San Nioclás ag bronnadh airgead an na cailíní bochta, Ambrogio Lorenzetti
Tá alt spéisiúil scríofa ag Myra Zepf faoi ón dearcadh neamh-chreidmheach. Aontaím le cuid mhór dá bhfuil scríofa aici; tá gné áfach a sílim nár chuir sí san áireamh. Is féidir le scéalta, fiú agus gan iad a bheith iomlán fíor, fírinní agus gaois an nochtadh. Agus nósanna freisin.
Gan amhras, bhí a leithéid de dhuine ann agus Nioclás, Easpag Myra atá anois sa Tuirc. Tá ana amhras orm faoin naomh seanchas uilig a chnuasaigh thart ar sna meánaoiseanna, agus fíor amhrasach faoin cóta siúcra atá bronnta air ag tomhaltas na linne seo.
Mar sin féin, is maith liom na scéalta agus na nósanna; agus thug m'iníon cuaird air agus gan aige ach Béarla seachtain ó shin, agus ar agus é ag labhairt Gaeilge ar an Satharn. Agus, ó tharla féasta san Nioclás ann amárach, aimseoidh sí roinnt milseáin ina bróg. Nós ón nGearmáin atá nasctha leis an scéal a léirítear thuas - gur tharrtháil sé triúr ban óg ón striapachas/sclábhaíocht tríd a dóthain airgead a bhronnadh orthu faoi rúin chun go mbeadh spré cuí acu.
Féile cuí ar an mbealach chuig an príomfhéile - Breith Chríost!

7 comments:

Máire Zepf said...

Dá réir mar a thuigim féin é, tá scéal Dhaidí na Nollag i bhfad go deo níos sine ná scéal Naomh Nioclás. B'fhéidir go mbeadh suim agat san alt seo ag Wikipedia, ag taispeáint an cosúlacht idir é féin agus Odin.
http://en.wikipedia.org/wiki/Santa_Claus
Tá mise go díreach ag líonadh na mbróg anseo fá láthar. Lustig lustig tra-la-la-la-la!!!

aonghus said...

Bheinn beagán amhrasach! Go háirithe leis an nod úd "Foinse de dhíth".

Nílim fiú cinnte go bhfuil scéal Odin sean i gcomparáid le San Nioclás (4ú Aois). Ó na meánaoiseanna luath an chuid is mó den eolas faoi, agus an Edda níos óige fós.

Eoin Ó Riain said...

Sna meán aois ghoid muintir Venizia corp San Níoclás as Myra agus anois tá sé curtha i mBarí i ndeisceart na hIodáile - i sáil na hIodáile - agus uaireanta ghlaotar Nioclás Bharí uarabnta air. Is pátrún na Máirnéaligh é agus tá Eaglas i gcroí lár na Gaillimhe tiomnaithe dó. Tá séipéal Sr Phrionsias in mBaile Átha Cliath tiomnaithe dó leis.

aonghus said...

Is beag cuan san Eoraip nach bhfuil Eaglais San Nioclás ann. Cionn Sáile i mBÁC agus Rinn Ó gCuanach chomh maith.

Séamas Poncán said...

Éireannach ab ea é, mar sin, Nioclás Barry....

Beannachtaí an lae oraibh!
Seo rud eile suimiúil faoí
.

ollamhollscoile said...

Is é lá Fhéile Nioclás tús ceart le réiteacht don Nollaig inár dteach féin. Fuair na gasúir na milseáin agus cnónna sna brógaí ar maidin (d'fhág siad a litreacha do Shantaí sna brógaí céanna an oíche roimhe sin). Anois, cuirfear tús le siopadóireacht na Nollag.

Thug mé suntas dó gur sa Tuirc atá Myra--tá mé th'éis a rá ar mo shuíomh féin go bhfuil sé sa nGréig! Ó bhuel. Ar bhealach, bhí, ach is léir nach bhfuil anois.

ormondo said...

...Myra ag séanadh gur ann don duine ó Myra agus nach dtuirlingíonn sé anuas tríd an simléar chugainn gach Nollaig agus na bronntanais ina bhaclainn aige?

Ní foláir nó go bhfuil doimhneacht na céille caillte orm!

Ar aon nós, níor dhein an tsamhlaíocht shaibhir a ghabhann le séasúr na Nollag dochar d'éinne riamh.

Agus d'ainneoin nach féidir bheith cinnte fiú de luas an tsolais feasta nach fearrde sinn na scéalta deasa dóchasacha a chreidiúint agus iad dár dtionlacan ón gcliabhán go dtí an uaigh?