24 November 2015

Saor agus Gaelach?


 

Bhí mé i láthair ag seoladh clár 2016 Conradh na Gaeilge san Dánlann Eolaíochta aréir, agus an seimineár Cad is brí le “Saor agus Gaelach” in 2016?
Lena cheart a thabhairt do thug Joe McHugh píosa cainte a léirigh go bhfuil acmhainn grinn aige agus smacht éigin aige ar an nGaeilge thar éis a aistear teanga; ach bhailigh sé leis ar aistear eile abhaile go Dún na nGall ina dhiaidh sin. Labhair Michael McDowell, garmhac Eoin Ó Néill go maith; tá tuairisc ar an méid a bhí le rá aige i Tuairisc.
Ina dhiaidh sin tháinig an mír a d'aithin mé mar mo bhuaicphointe pearsanta - Ciara Ní Ghréacháin, 8 bliana d'aois - ag aithris an amhrán a bhain duais Oireachtais di - Máire Mhór.
Ina dhiaidh sin d'aithris roinnt scoláirí ó Choláiste Cillian roinnt de na dánta a bhí thuas i 1916 chun foghlaim na teanga a ghríosú. Rinne siad a cúram go maith; ach bheadh sé go deas rud éigin níos comhaimseartha a chuir lena hais chun dearcadh na linne seo a léiriú níos iomláine.
Tháinig mé ag an seimineár ag súil le lón machnamh agus spreagadh don todhchaí. Ní bhfuair mé an méid a bhí mé ag tnúth leis. B'é an tEaspag Michael Burrows is fearr a labhair, ag cuir síos ar a chúlra éagsúil mar duine de shliocht fada cléireach Anglacánach - ar tháinig a athair mhór aneas de bharr a thuairimí láidre náisiúnacha. Gné spéisiúil dár stair is ea taithí an dreama a bhí náisiúnach ag gan a bheith san Eaglais CR (tá col ag an dTiarna Easpag leis an bhfocal Protastúnach). Ní cloisimid minic go leor faoi. B'é freisin is mó a rinne iarracht fís don todhchaí a léiriú, fís a chuimsigh gach duine san stáit beag beann ar theanga, cúlra agus maoin - agus fís a chuimsíonn deireadh le "soláthar dhíreach" do theifigh. Creidim gurbh é ba mhó a raibh bá an tslua leis - slua a líon amharclann Paccar san Dánlann Eolaíochta agus a raibh líon maith a bhí níos óige ná mé ina measc. Ardú croí áirithe sin.
Thug an staraí Eunan O'Halpin ó Choláiste na Tríonóide léargas traidisiúnta  an Bhéarlóra Éireannaigh ar an gceist. Go mba thrua é dá n-éagfadh an nGaeilge ach gan aon iallach a bheith ar féin mórán a dhéanamh fé. Dúirt sé nárbh aon bhac ar a ghairm mar staraí a easpa Gaeilge, mar go raibh na taifid ar fad sna réimsí a raibh sé ag plé leo as Béarla pé scéal é. Fuair sé íde béal ó cheisteoir níos faide anonn san oíche faoin maíomh sin; ach creidim go raibh sin éagórach. Ní haon rún é gur babhdán an Bhéarla an státchóras.
Labhair Mary Harris go maith, ach is ag amharc siar mar is dual do staraí a bhí sí. (Labhair sí as Gaeilge líofa, an t-aon duine seachas Íte Ní Chionnaith a rinne amhlaidh).
Thug Íte Ní Chionnaith an léargas traidisiúnta poblachtach sóisialach ar an gceist. Labhair sí go leor faoi saoirse do na sé contae; rud a chealg Chris McGimpsey. Thug seisean, mar a bheifí ag súil leis, léargas traidisiúnta an Aontachtaí atá báúil leis an nGaeilge, gan smacht bainte amach aige uirthi. Dúirt sé go mba thrua gur bhraith Íte go raibh saoirse iomlán di siúd ag braith ar srianta a chuir ar a shaoirse seisean.
B'é an léargas a thug Allan MacInnes léargas an Gaeil Albanach (cur síos ar fhéiniúlacht atá níos nádúrtha in Albain is cosúil). Bhí rudaí spéisiúla le rá aige, go háirithe maidir leis an trí mol atá i nGaeilge na hAlbain; na hOileáin Thiar atá caomhach ar go leor bealaí ach a bhfuil an lámh in uachtar acu ar dioscúrsa na Gaeilge thall, an tuath tionsclaíoch atá in ísle brí agus as ar fáisceadh é féin, agus cathair Glaschú. Bhí rudaí spéisiúla le rá aige faoin baol a bhaineann leis na meán cumarsáide Gaeilge - atá iontach dar leis - a bheith ag sú an tallann ar fad sa dtreo is nach bhfuil aoinne ann chun gort an oideachais a threabhadh le cuir le líon na Gaeilgeoirí thall. Ach ag deireadh an lae in mór fós idir taithí lucht na Gaeilge abhus agus thall.
Rinneadh cúpla ráiteas le linn tráth na gceisteanna, agus is léir nach bhfuil comhthuiscint láidir ann faoi cad is "Saor" ná "Gaelach" ann, agus go deimhin go bhfuil roinnt de lucht na Gaeilge míchompordach le "Gael" mar cur síos ar an ghné sin dá fhéiniúlacht. Luadh gur Caitliceach is brí le Gael i gcanúint Dhún na nGall, agus gur aicme creidimh atá i gceist le hAlbanach ann freisin.
Rinne Conradh na Gaeilge agus Oifigeach Gaeilge sár obair an ócáid a eagrú agus a reáchtáil. Tá físeán thuas; tig libh teacht ar bhur mbreith féin air.
Ach táimse fós gan freagra na ceiste!

No comments: