21 October 2016

Dia linn um fáir

Tá an sagart i'm séipéal áitiúil cnagaosta, oilte sa ré ina raibh Laidin in uachtar. Deireann sé aifreann de réir an ord urghnách mórán gach Satharn, aifreann Laidine móide léachtaí as Béarla. Aifreann 'íseal' beagnach i gcónaí, i. gan cantaireacht.

Éistim féin an t-aifreann seo go measartha rialta.

Cuirtear síos ar go minic mar an sagart ag rá aifreann 'lena chúl leis na daoine' de bhrí go mbíonn a aghaidh leis an altóir ar feadh mórchuid den deasghnáth. Deirtear go leor de na paidreacha i nglór íseal freisin. (Chuala uair éigin gur micreafóin a thug an chaidhp báis don nós san, go raibh sé dofhulaingthe ag an pobal gan gach rud a chlos).

Mar a tharlaíonn, thiar seachas thoir atá an altóir san séipéal, mar sin cailltear cuid den siombalachas den Ad Orientem - ag féachaint i dtreo na fáire agus Críost ag aiséirí. Mo thuairim anois bunaithe ar mo thaithí ná go bhfuil sé níos soiléire san deasghnáth urghnách go bhfuil an sagart ag fónamh dá phobal agus do Dhia, go bhfuil an sagart agus an pobal ag guí le chéile.

Tá gnéithe eile a threisíonn an tuairim sin, paidreacha a leagann béim ar umhlaíocht agus fónamh an sagart.

Mar shampla, ag tús an Aifrinn deir an ceiliúraí an faoistin choiteann - an confiteor - é féin, agus is an freastalaí agus an pobal a iarrann maithiúnas ó Dhia dó; ansin deir an pobal an paidir céanna.

Tá sé suntasach go mbaineann go leor de na paidreacha a deirtear ós ard, le poncúlacht a chuir leis an deasghnáth, le umhlaíocht agus fónamh an sagairt.

Feictear dom go bhfuil ról an sagairt níos ceannasaí san ord ghnách Aifreann, ag braith ar ndóigh ar an sagart.

Tá gnéithe eile ar maith liom, sollúntacht na Laidine; an athrá i gcodanna áirithe; tús soiscéal Eoin mar dara soiscéal.

Is maith liom freisin na paidreacha achainí agus buíochas a deirtear mar phobal le chéile ag deireadh an Aifrinn.

Bíonn éide Aifreann dubh á chaitheamh ag an sagart in aifreann cuimhneachán na mairbh- nós atá ceadaithe ach imithe i léig thairis sin.

Deasghnáth is ea an aifreann, agus is maith roinnt mistéir agus sollúntacht a bheith bainteach leis.

2 comments:

Fr Seán Coyle said...

Beannachtaí ó Na Filipíní! Oirníodh mé roimh Nollaig 1967, dhá bhiain tar éis don Aifreann i ngná theangacha na ndaoine a theacht isteach agus beagnach dhá bhliain roimh an Aifreann ‘Nua’. Ach bhí a lán Laidine san Aifreann go fóill roimh 1969, go háirithe an Chanóin Rómhánach. Cé go raibh cead ginearálta ag an sagart an Paidir sin a léamh ós árd, i Laidin, d’órdaigh an tArdeaspag Seán Séarlas Mac Uaid go léifí ós íseal í in Arddheoise Bhaile Átha Cliath ionas nach mbéadh mearbhall ar Phobal Dé.

Ach d’órdaigh sé chomh maith go mbeadh Aifreann as Gaeilge i ngach paróiste gach Domhnach. Nuair a dúradh leis go raibh sé tar éis réabhlóid a thosnú d’fhreagair sé go raibh sé tar éis bac a chur ar éirí amach!

Níor fhreastal mé arís ar Aifreann sa Foirm Urghnách, mar a thugtar air anois, go dtí 1990 nuair a bhí mé sa bhaile i mBÁC. Bhí Aifrean sa foirm sin gach mí in Eaglais Naoimh Phóil, Cé Arainn, le cead an Ardeasbaig. Bhí a lán daoine ann, go háirithe daoine óga. Ba léir dom go raibh creideamh láidir sna daoine sin agus go raibh siad lán-pháirteach sa cheiliúradh ach maidir liom féin mhothaigh mé go raibh mé i ‘músaem’.

Deich mbliana ina dhiaidh sin chaith mé cuid mhaith den samhradh mar shagart in Oileáin Fharó, áit nach bhfuil aon sagart ina chónaí go leanúnach. Tharla go raibh sagart ó na Stáit Aontaithe ar chuairt ar feadh deireadh seachtaine agus d’iarr sé cead orm Aifreann sa Foirm Urghnách a cheiliúradh. Ba léir dom an gliondar ina chroí nuair a thug mé cead dó agus dúirt sé liom gur minic nár tugadh an cead sin. Bhí mise mar fhreastalaí ar an Aifreann sin.
Ach ní raibh mé i ‘músaem’ an uair seo. Bhí áthas orm go raibh seans agam arís a bheith páirteach san Aifreann mar a bhí sé im’ óige.

Tar éis leabhar leis an gCairdinéal Ratzinger, mar a bhí sé, a léamh, thuig mé go soiléir nach raibh sé ceart a rá go léitheach an sagart an tAifreann ‘agus a chúl leis na daoine’. Timpeall ceithre bliana ó shin agus mé ag tabhairt cúrsa spioradálta do shiúracha de chuid Misinéirí na Carthanachta anseo ins Na Filipíní d’iarr mé cead uatha an tAifreann a cheiliúradh ‘ad orientem’ lá amháin ‘mar thrial’. Dúradh liom go raibh sé mar nós ag sagairt eile é sin a dhéanamh sa séipéal acu. Lean an ‘trial’ go deireadh an chúrsa spioradálta.
Ó shin i leith déanaim an tAifreann a cheiliúradh minic go leor ‘ad orientem’. Brathann sé go minic ar an altóir. Ní féidir é a dhéanamh ina lán áiteanna.

Aontaím ar fad leat nuair a deireann tú, ‘Feictear dom go bhfuil ról an tsagairt níos ceannasaí san ord ghnách Aifreann, ag braith ar ndóigh ar an sagart.’ Ach is féidir an tAifreann a cheiliúradh go sollúnta san ord ghnách.

Ach anois, mothaím uaim an tAifreann ‘íseal’ san úrghnách agus ba mhaith liom é a fhoghlaim nuair a théim abhaile go hÉirinn an bhliain seo chugaim, le cúnamh Dé.
Tá tuairim agam go bhfuil baint ag an t-athrú san Aifreann a tharla i 1969 le cailliúint an Chreidimh in Éirinn agus sa Domhan Thiar. Ar ndóigh tá cúiseanna eile chomh maith. Rinneadh an tAifreann a athrú ionas go mbéadh ‘rannpháirtíocht iomlán’ ag Pobal Dé. Nuair a bhí mé óg roghnaigh a lán daoine, óg agus sean, dul ar Aifreann gach lá le linn an Charghais i mBaile Átha Cliath. Anois, agus níos lú Aifrinn ann ar an Domhnach féin, bíonn na heaglaisí leath-fholamh, gan daoine óga i láthair. Is é sin le rá go bhfuil i bhfad níos lú rannphairtíochta san Aifreann anois ná mar a bhíodh roimh 1969, sa Domhan Thiar ar aon nós.

Anseo ins Na Filipíní bíonn na heaglaisí lán ag gach Aifreann ar an Domhnach. Cúis amháin is ea an méid daoine atá sa tír. De réir suirbhé sa bhlian 2013 meastar go dtéann 37 den daonra Caitliceach ar Aifreann gach Domhnach. Níl fhios agam an bhfuil sé chomh hard sin ach ní bhíonn an eaglais leath-fholamh mar a bhíonn in Éirinn agus bíonn a lán páistí agus daoine óga i láthair.

Tá mana ann anois ag sagairt áirithe a ghlacaim leis, ‘Déan an dearg, léigh an dubh’, i. déan de réir na rúibricí.

aonghus said...

Buíochas as do thaithí a roinnt linn!