16 October 2010

Caint ghontach

Léigh mé alt nó dhó spéisiúil ar na mallaibh maidir le saoirse cainte: An ceann seo ag meabhrú dúinn go bhfuil nathanna ann a ghoineann ach iad a rá: agus alt eile maidir le fíor-chaoinfhulaingt.

Níl a leithéid ann agus saoirse gan choinníoll, gan teorainn.  Níl aon cheart ann, gan a leathbhreac de dhualgas a bheith ag dul leis. Caithfear prionsabail a chuir chun cinn: ach ar bhealach a thugann urraim do dhaonnacht dhaoine eile, a sheachnaíonn ciorrú a chuireann daoine agus smaointe as a riocht.

Is iomaí cúis achrainn agus imní atá ann sa saol faoi láthair, agus gan - feictear dom - aon chomhthuiscint ná fís coiteann againn níos mó ar cad é an leas choiteann; cad é ról an stáit agus ról an saoránaigh, cad é áit cheart an chreideamh, cad é dínit an duine.

Ní fíor go dtugann an coibhneasachas a cheart do gach duine - tá smaointe ann nach ngéillfear cead cainte dóibh ar chor ar bith.

Caithfear caint, mar sin: ach is mithid caint ghontach a sheachaint: idirdhealú go cúramach idir an duine agus a ghníomhartha agus a chuid tuairimí.

Agus tá ról ag an ndlí in san idirdhealú seo: Tá an chaint ghontach ann, agus is ceart caitheamh leis mar a chaitear le haon gníomh a ghoineann duine d'aon ghnó. Ach de réir dlí, go géarchúiseach, agus ní sna meáin, go gáifeach.

6 comments:

Seán said...

Rómhinic tá muid droch-chroí againn don chomharsa, ach is mór an truaighe é, go deimhin. Ach caithfidh mé a rá nach mbaineann caoinfhulaingt leis an olc ariamh. Rómhinic cuireann daoiní an bheirt fríd chéile sa lá atá inniu ann, lenár n-aimhleas. Aontaím le Fulton Sheen (thíos) go bhfuil barraíocht caoinfhulaingthe agus níl go leor smaoitimh shoiléir.


A Plea for Intolerance

America, it is said, is suffering from intolerance—it is not. It is suffering from tolerance. Tolerance of right and wrong, truth and error, virtue and evil, Christ and chaos. Our country is not nearly so overrun with the bigoted as it is overrun with the broadminded. Tolerance is an attitude of reasoned patience toward evil … a forbearance that restrains us from showing anger or inflicting punishment. Tolerance applies only to persons … never to truth. Tolerance applies to the erring, intolerance to the error … Architects are as intolerant about sand as foundations for skyscrapers as doctors are intolerant about germs in the laboratory. Tolerance does not apply to truth or principles. About these things we must be intolerant, and for this kind of intolerance, so much needed to rouse us from sentimental gush, I make a plea. Intolerance of this kind is the foundation of all stability.

Mise Áine said...

@ 'is ceart caitheamh leis mar a chaitear le haon gníomh a ghoineann duine d'aon ghnó'

Céard é an 'dlí' maidir leis sa tír seo, a Aonghuis?

aonghus said...

Sin rud nach eol dom, a Áine.

Seán said...

A Aonghuis,
B'fhéidir go bhfuil an freagra eile anseo.

aonghus said...

Sílim go bhfuil tú ag baint brí as an méid a dúirt mé nach raibh i gceist agam.

Beidh, cinnte, daoine ann a ghlacann col le tuairimí áirithe - teagasc na hEaglaise maidir le gníomhartha collaíochta lasmuigh den phósadh, mar shampla. Beidh duine ann a chreideann gur masla atá ann na tuairimí seo a lua ós ard.

Ní chuige sin atáim: ach is mór idir "Tá táth mícheart agus míshláintiúil, toisc xxx" agus "is striapach mínáireach tusa"

Seán said...

Cinnte. Sílim gur cheart dúinn caint ghontach a dhiúltú as carthanacht don chomharsa s'againne. Ach corruair bíonn caint cruaidh nó fríd an chroí, go háirithe don duine le croí cruaidhte. Caithfidh muid carthanacht a bheith againn i gcónaí. Níl áit do chaint cosúil le Tá gráin ag Dia ar phiteogaí is a leithéidí eile. Ach cuireann barraíocht daoiní carthanacht agus caoinfhulaingt fríd chéile.