21 December 2010

Splanc Uaignis

Luath sna 1990í. Lámh le Beirlín. Baile cois locha. Café plódaithe. Mé ag ól caife liom féin. Bean chríonna in aice liom. Monabhar cainte uaithi. "D'fhág m'fhear mé an tráth úd. I ndiaidh na Rúisigh. Ní raibh mé in ann - tá's agat - é sin a dhéanamh..." An liomsa a labhair sí? Fós ní fheadaraím.

10 comments:

SeanO said...

Ar ndóigh, thuig tú cad a bhí i gceist aici, nó ar thuig ag an am?

aonghus said...

Thuig.

aonghus said...

Ag leibhéal éigin, pé scéal é. Is dócha go dtuigim níos fearr anois.

Séamas Poncán said...

Ní thuigeann a lán daoine cé chomh huafásach a d'fhualaing mná na Gearmáine faoi drochíde na Rúiseach. An bhean bhocht.

ormondo said...

Agus bhí orthu bheith ina dtost le fada an lá mar níor oir sé d'éinne go n-inseofaí a scéal.

Ceann de thromluithe móra na staire an díoltas a bhain na Rúisigh amach ar phobal oirthear na Gearmáine an tráth sin.

Mise Áine said...

'An bhfeiceann tú na cogaí ‘s an scrios/Gan cosaint ann do mhná ná páistí ‘nois'

Línte as amhrán a scríobh mé, agus a tháinig chugam arís anocht, nuair a léigh mé do bhlagmhír, a Aonghuis.

Na mná bochta...

aonghus said...

Tá amhras orm go raibh cosaint ann riamh do mhná agus páistí. Feictear dom gur i bhfeabhas atá cúrsaí ag dul do throdaithe, agus in olcas dóibh siúd nach bhfuil lámh díreach acu sa troid.

Ba uirlis cos ar bholg banéigean ó thús an chine, monuar.

Myles an Nissan Micra said...

Caith na Rúisigh bharbartha i bhfad níos fearr le mná Bheirlín ná mar a chaith na Sasanaigh shéimhe le mná Dresden (gan trácht in aon chor ar an mbealach inar chaith na Meiriceánaigh shibhialta le mná Hiroshima is Nagasaki).

aonghus said...

I gcás mná mar aicme, is dócha é.

I gcás an mhnaoi aonair, n'fheadar.

Mar a dúirt Tucholsky: Dunmharfóirí is ea saighdiúirí. Agus éigneoirí ró mhinic freisin.

aonghus said...

Agus, mar a dúirt Fergus, bhí tabú láidir ann san Oir Ghearmáin labhairt faoi ghníomhartha na cairde soibhéideacha. Ag an am a tharla an eachtra seo bhí saighdiúirí Rúiseacha fós thart ina sluaite.