11 January 2011

Caint Ghontach ós na Crannóga

Tá díospóireacht theasaí ann maidir le héifeacht chaint pholaitiúil de bharr an t-ainghníomh thall i SAM. Tonnta ag scuabadh isteach inár mblagthacht féin, agus malairt tuairim ag Dennis agus Séamas.

Táimse mórán ar aon tuairim leis an alt seo  i First Thoughts:

Cuireann fíoch fola na cogaí cultúir i SAM idir imní agus alltacht orm. E pluribus unum mana na Stáit ó thús,ach feictear dom nach bhfuil an crobhaing chomh haontaithe agus a bhí; gach lus agus meas fiaile aige ar a chomharsan.  Galar nach bhfuil teoranta do na Stáit, gan amhras. Mar sin féin, crann taca an Iarthair agus an Daonlathas na Stáit, ainneoin a gcuid lochtanna.

Tá súil agam go dtiocfaidh aos polaitíochta chun cinn ar féidir leo na sean suáilcí daonlathacha agus an fíor chaoinfhulaingt a spreagadh arís sna Stáit.

7 comments:

ormondo said...

Is suimiúil an t-alt é. San abairt ina luann sé "réabhlóidithe", tá suil agam nach bhfuil sé ag tagairt do George Washington agus na Minutemen!

Ach i ndáiríre, bíonn níos mó ná cúis amháin i gceist de ghnáth. (Ní gan fáth a bhain na Seanghaeil úsáid as na tréanna!)

1. Leabaithe i gcultúr foiréigneach na méan.
2. Soláithrithe ag an gcultúr scaoilte gunna. (Débhríoch!)
3. Gríosaithe i leith íospartach áirithe ag an gcaint fhoiréigneach.

aonghus said...

. San abairt ina luann sé "réabhlóidithe", tá suil agam nach bhfuil sé ag tagairt do George Washington agus na Minutemen!

Ní dóigh liom go gcuirfeadh sé camóga thart ar fíor muirthéachtaithe fearacht iadsan.

Seán said...

Is maith liom é seo:

When was it less heated? Back in those “calm days” when political figures literally settled their differences with dueling pistols?

aonghus said...

Ní slán an samhail.

B'é sin iompar cuí an ré sin!

Seachas i measc drongadóirí, níl a leithéid inmholta anois.

Seán said...

iompar cuí?

... there can be no doubt that duelling is contrary to the ordinances of the Catholic Church and of most civilized countries. By the wording of its ordinance against duelling, the Council of Trent plainly indicated that duelling was essentially wrong and since then theologians have almost universally characterized it as a sinful and reprehensible course of action.

Anseo

aonghus said...

Ní ionann cuí agus ceart ná cóir!

aonghus said...

Go raibh maith agat as an alt sin a chuir ar mo shúile.

Ach sílim go léiríonn an bladar sna tráchtanna air an rud a bhí i gceist agam: ad hominem i ndiaidh ad hominem, seachas dul i ngleic le hargóintí.

Smaointeoireacht a là four legs good, two legs bad: