04 March 2011

Dealbh Cadhnach

Agus Gaeilgeoir ó thar lear abhus roinnt blianta ó shin, bhíomar ag ceapadh nach raibh aon áit go bhfeadfadh turasóir le Gaeilge grianghraif cuimhneacháin a ghlacadh in aice le dealbh de scríbhneoir mór le rá Gaeilge. Tá Pádraig Ó Conaire ar an bhFaiche Mhór i nGaillimh, gan amhras.  Ach níl faic san ardchathair - go bhfios dom. Táim buíoch d'Aonghus a scaoil an rún seo liom - tá an dealbh seo den Cadhnach i bhfolach i bputóga Áras na nEalaíona i gColáiste na Tríonóide. Ar an gceathrú urlár, i Roinn na Gaeilge.

5 comments:

Mise Áine said...

An é nach bhfuil an dealbh luaite in aon leabhrán eolais turasóireachta, a Aonghuis?

aonghus said...

Níl tuairim agam! Ach sé an chaoi go bhfuil na deilbh eile i lár na sráide. Séimí Seoighe ar Sráid na Mainistreach, abair.

Ach tá an Cadhnach ceilte i bpluais ó na 1970í! Ar an gceathrú urlár i gcathair gríobháin.

An Cainteoir Dóchais said...

Go bhfuil dom, *níl* Pádraig Ó Conaire ar an Fhaiche Mhór i nGaillimh. Nár tógadh amach é tamall de bhlianta ó shin de bharr gur thit an cloigeann de nó rud éigin, agus nach bhfuil sé ina shuí i stóras éigin ó shin? Nó an bhfuil dul amú orm?

aonghus said...

Bhog siad an bundealbh go músaem, ach táim beagnach cinnte go bhfuil cóip ar an bhFaiche Mhór.

aonghus said...

Hmm. Deir Google liom nár éirigh leo an cóip a chuir in áit fós.