13 October 2011

Having, Rügen, 1992

Loch sáile. Giolcacha arda. Cé adhmaid. Bád ceangailte leis. Beirt ann. Iad ag luí siar. Buidéal eatarthu. Ealaíontóir & innealtóir. Ainrialaí & Críostaí. Deoch ag tarraingt scéal. An saol á chíoradh. Bráithreachas. Na biotáille, nó níos doimhne? Fós ní fheadaraím. Ach sheas sé liom lá mo phósta!

6 comments:

ormondo said...

Aaah! Gewaaaaagt!

aonghus said...

Céard go díreach a shíleann tú a bheith gewagt?

Ealaíon s'aige? Nó scéal s'agamsa?

ormondo said...

An ealaíon s'aige.

Smaoinigh ar na sagairt pharóiste a bhíodh ann sa tseanaimsir - in der guten alten Zeit, mar a déarfá, nach dtabharfadh a leithéid taom croí dóibh? Nó dá bhean tí!

aonghus said...

"Nichts gewagt, nichts gewonnen."

Is dócha go bhfuil an ceart agat. Ach mar a deir Thomas fhéin is beag rud atá ina phictiúr siúd nach bhfuil ar fáil i bailiúcháin na Vatacáine!

Ní den dúchas Gaelach ná go deimhin Caitliceach an cholainn fhuath a scrios an tír agus Eaglais abhus.

ormondo said...

Cad as a dtáinig sí ansin?

aonghus said...

Fimíneacht ré Victoria agus tionchar an piúratánachas - clúdaíodh no pictiúr san Séipéal Sistíneach mar shampla faoi thionchar an frith Reifirméisean, ag iarraidh an sprioc sin a bhaint de fogha frith Caitliceach Clann Liútar & Calvin! Ansin bhí eiriceacht Jansen i gceist freisin.