Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-10-17

Fathach, file, foinse, fealsamh, fáidh

Bhrostaigh mé ón Siompóisiam Blagadóireachta de hAoine le go mbeinn in ann freastal ar an ócáid cheiliúrtha don Athair Pádraig Ó Fiannachta. Fear atá, ní amháin ina fhile é fhéin, ach ina ollamh sa chiall is fearr, ag spreagadh filí eile chun pinn,go háirithe ina cheantar dúchais ar ar fhill sé i ndiaidh dó tréimhse fada a chaitheamh i Má Nuad, ag cuir na Gaeilge agus an Dúchas chun cinn ann. Fear Eagar an an aistriúchán den mBíobla a luaitear leis; éacht teangain ann fhéin. Fear a spreag Cumann na Sagart, as ar d'eascair Glór na nGael.Gan ach sciar dá shaothar a lua. An Díseart, abair.

Ní haon ionadh mar sin go raibh an Eaglais Úinitéireach i bhFaiche Stiabhna lán go maith; filí a chuaigh faoina lámha go flúirseach ina measc. Tadhg Ó Dúshláine a thug an aitheasc molta, i bhfriotal fileata fuinniúil. Bhí Côr Meibion Cymry Dulyn ann chun é a cheiliúradh le laoithe Breatnacha, agus ceoltóirí Duibhneacha le ceol na hÉireann; cuid de a raibh lámh aige fhéin ina tharrtháil ón díchuimhne. Bhí filí ina slaoda ann; a neacht Nuala Ní Dhomhnaill ina measc.

B'é fhéin ina chúpla focal a mhúnlaigh an meafar cuí don comhluadar seo atá tionscnaithe thart ar: foinse ag réabadh bruacha agus ag seoladh amach Bá an Daingin, féile filíochta.

Bronnadh Féilscríbhinn de dhánta air, agus prionta de chuid Bob Ó Cathail (leagan de Bhord an Fhile). Thug sin deis dó scéal an muirphictiúir ar rinne Bob i Sáipéail Caitlína in Ard a Bhóthair a reic: bhí lámh aige ansin chomh maith - Calvaire fáiscthe as an mbéaloideas, an coileach ag scairteadh Mac na hÓighe slán san áireamh. 

Níl ceist ach go raibh an oíche dlite dó, agus is mór an onóir agus pléisiúr a thug sé dom bheith ann.