22 January 2012

Is féidir linn! Ach an mian linn?

Chaith mé an lá inné ag an Siompóisiam "Leasú chun feabhais" a reáchtáil Coláiste an Tríonóide agus Craobh na Ceithre Cúirteanna de Choradh na Gaeilge. Bhí oifigeach Ghaeilge an Choláiste, Aonghus Dwane, ana ghníomhach san eagrú agus tá eolas, an clár san áireamh ar a shuíomh siúd.
Aitheasc le Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga a chuir tús le himeachtaí. Bhí Séamus Mac Giolla Chomhaill ann thar cheann na Roinne. Bhí, dar ndóigh, an bheirt sin ag labhairt ina bhfeidhm oifigiúil agus laincisí áirithe orthu dá réir. Tá comhairle dlí faighte ag Seán Ó Cuirreáin gan cheist comhnascadh a oifige a phlé; agus bhí cosc ar Shéamuis Mac Giolla Chomhaill é a phlé toisc gur cinneadh Rialtas atá i gceist agus go gcaithfidh ball sinsearach den Státseirbhíse glacadh lena leithéidí. Luaigh Julian de Spáinn anonn sa lá gur lorg sé féin faisnéis maidir le cé a mhol an chomhnascadh - ach go raibh na cáipéis a fuair sé dubhaithe amach go hiomlán, geall leis. Is beag nua mar sin a bhí ceachtar fear in ann a nochtadh dúinn, agus is súil siar a bhí idir lámha acu pé scéal é. Do luaigh Séamus Mac Giolla Chomhaill gurbh "i ndáil éisteachta seachas i ndáil cainte" a bhí sé inár láthair. Ach ba léir go rabhadar araon den tuairim, agus an seomra ar aon fhocal leo, gurbh feabhas mór atá ann de réir an Achta - luaigh Séamas Ó Tuathail, a bhí mar chathaoirleach ar an gcéad mhír, gurbh éigean do Helen Ó Murchú cás Ardchúirte a ghlacadh - céim costasach agus amhantrach - chun rud chomh simplí le foirm cláraithe cuideachta i nGaeilge a fháil. Tá an cuma air go bhfuil an ré sin, ar a laghad thart.
Labhair Aonghus Dwane ansin, agus a ghairm mar Oifigeach Ghaeilge a fostaíodh chun scéim a ullmhú mar bhunús lena chaint. Rinne sé pointí maithe; ainneoin go na-amharcann pobal na Gaeilge ar Oifigigh Ghaeilge mar cairde sa Chúirt, mar abhcóide, ag deireadh an lae is fostaithe de chuid na gcomhluchtaí iad agus caithfidh siad polasaí na comhluchta a chuir i feidhm.   Agus go mbíonn an deacracht ann go minic go gcreideann an bhainistíocht go bhfuil an jab déanta nuair atá an scéim daingnithe. Ach nach bhfuil ansin ach tús bealaí. Lúb ar lár atá ann, dar leis, nach bhfuil dualgais agus oiliúint maidir le feasacht teanga agus an Ghaeilge mar chuid den córas athbhreithnithe a bhíonn ar gach fostaí Stáit dul tríd uair sa bhliain - agus go mbíonn drogall á réir ar dhaoine dul faoi oiliúint sa Ghaeilge mar nach léir dóibh luach a bheith ag an mbainistíocht air. Tharraing sé achrann ar féin nuair a labhair sé go dhátheangach leis an pointe a dhéanamh gur gá do phobal na Gaeilge pobal an Bhéarla a mhealladh. Dúirt guth ó chúl an seomra leis gurbh mór an náire é! (Bhí ateangaireacht ar fáil, agus dornán beag den méid a bhí i láthair ag baint feidhm as na cluasáin.)
I ndiaidh briseadh caife labhair Dáithí Mac Cárthaigh ar na difríochtaí le Acht Cheanada, ar ar bunaíodh an Acht abhus, ag plé go sonrach leis an tionchar ar na cúirteanna agus an córas dlí. Tá, mar shampla, dualgas reachtúil thall Achtanna a achtú san dá theanga oifigiúil. Abhus, tá an foráil go bhfoilseofaí Achtanna san dá theanga lagaithe fiú de bhrí gur ritheadh leasú a thugann cead Acht a fhoilsiú i dteanga amháin ar líne - agus tá líon na nAchtanna atá aistrithe laghdaithe go mór dá bharr. Chuir Julian de Spáinn an taighde a rinneadh ag Garrett Reil maidir le comharthaí tráchta. agus na buntáistí le idirdhealú le dathanna. Go deimhin, mar sin atá a lán de na comharthaí nua turasóireachta thart ar BÁC, comharthaí a thugann ainmneacha bóithre san áireamh. Ach níl síneacha tráchta clúdaithe faoin Acht agus deacracht dá réir ag baint leo.
Ansin a tugadh an chaint ba shuntasaí, dar liomsa, sé sin an cur síos a rinne Éamonn Mac Niallais ó Ghuth na Gaeltachta ar a thaithí féin ar na deacrachtaí plé leis an Stáit i nGaeilge, sa Ghaeltacht. Scéal suntasach amháin a bhí aige - ní raibh cead aige a leanbh a thabhairt abhaile gan é a chlárú. Ach, ainneoin ceathrar bean ón nGaeltacht le leanaí a bheith sa bharda i Leitir Ceannainn, ní raibh fáil ar foirm as Gaeilge. Dúradh cúpla uair roimhe seo nach raibh Pobal na Gaeilge, pobal na Gaeltacht ach go háirithe, sách glórach ag éileamh a gcearta teanga. Thug Éamonn agus dornán duine ón urlár fianaise a léigh cén fáth -  go deacra go mór ag daoine in áit beag dul i ndeabhaidh lainne le daoine a bhfuil aithne acu orthu, agus gur gá dóibh maireachtáil leo.  Gur deacair a bheith ag tarraingt achrann ort féin dá bharr; agus go bhfuil sé feiceálach go mbíonn muintir na Gaeltachta ag plé as Gaeilge nuair a thuigeann siad go mbeidh toradh fónta air - luadh an Údarás agus Raidió na Gaeltachta, mar shampla. Luaigh sé freisin gurbh mór an faoiseamh dó anois bheith in ann clamhsán dhéanamh le hOifig an Choimisinéara seachas a bheith ag troid gach cath ina aonair.
Tar éis lóin bhí plé oscailte ann, agus smacht iontach ag Eimear Ní Chonaola ar imeachtaí. Ní lig sí do scéalta thairis ná ráitis fadálach dul i bhfad, rud a bhí riachtanach mar a bhíonn i gcruinnithe de leithéid.
Bhí rapporteur ainmnithe ag na heagraithe chun tuairisc a choinneáil ar an lá agus chun páipéir críochnúil a chuir ar fáil don Roinn mar ionchur san athbhreithniú.

Is é an rud a thug mé uaim ón lá go raibh tacaíocht sách láidir ann don gCoimisnéir Teanga; go gcreidtear go forleathan go bhfuil teipthe ar na scéimeanna mar atá, de bharr an maorlathas bhaineann len iad a dhréachtadh agus a dhaingniú (ach shoiléirigh fear na Roinne nach dtéann scéim "in éag" go bhfuil an scéim le comhlíonadh go dtí go mbíonn ceann nua daingnithe. Sheachain sé ceist maidir le scéim atá dréachtaithe ach gan a bheith daingnithe). Smaoineamh fónta is ea an moladh a rinne an Coimisinéir maidir le rangú comhluchtaí Stáit, agus dualgas a leagadh orthu de réir a bhfreastal ar an bpobal Gaeltachta agus Gaeilge.

Ach is léir freisin gur ga do phobal na Gaeilge bheith gníomhach agus an rud atá uainn a bhaint amach seachas brath ar an Stáit.  Ba thoradh ar theip na n-institiúid Béarla iad bunú RnaG, TnaG, COGG, Gaelscoileanna - agus is ó gníomhaíocht pobail a tháinig na nithe seo go léir. Tá ciorruithe ann faoi láthair nach léir a dtairbhe ó thaobh airgead a shábháil don Státchiste ach arbh léir a ndochar don Ghaeilge - go háirithe an baol do na scoileanna beaga. Dhá rud suntasacha a luadh faoin cheist sin; gurbh fogha ar dhá mhionlach a bhí i gceist i nDún na nGall, pobal na Gaeltachta agus an pobal Protastúnach buailte ag ceist na scoileanna beaga, agus go raibh deis ansin teacht le chéile leo chun cuir ina choinne. Ach go raibh baol an freisin go scoiltfí pobail Gaeltachta dá bharr, toisc go mbeadh scoileanna níos mó ag iarraidh na daltaí a tharraingt chucu féin ar mhaithe le oidí a choinneáil iad féin.

Tá sé i gceist go mbeidh ábhar níos iomláine curtha ar líne ag an lucht eagar amach anseo. Ach molaim d'aoinne nach bhfuil sé déanta fós acu Aighneacht a chuir faoi bhráid an Rialtas anseo. Agus bheith réidh don gcéad chéim eile san Ríomhlóid!

Nó, mar a dúirt Seán Ó Cuirreáin le linn a chuid cainte "Is féidir linn! Ach an mian linn?" Fúinne atá sé.

No comments: