Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-02-09

AthChOMHARú

Mar a thuairiscigh mé anseo cheana, lig mé do mo shíntiúis do Chomhar dul i ndísc. D'fhág an fiasco faoi éirí as Aindrias Ó Cathasaigh drochbhlas, (cur síos cuimsitheach anseo) agus mhothaigh mé go raibh an iris fhéin imithe chun leimhe. Nod uaidh Alex Hijmans go raibh scéal leis le foilsiú ann a mheall mé chun cóip Mí Meán Fhómhair a cheannach san siopa. Thaitin an ábhar eile ann liom; tá foireann nua eagarthóireachta ann. Ó shin i leith bhíos á cheannach. Mar a tharlaíonn sé, eagrán speisialta a bhí ann ó shin; i gcomhar le hImram ag ceiliúradh Brel agus daoine eile i Mí Deireadh Fómhair, Séan Ó Riada in eagrán na Samhna, agus b'éigin dom eagrán na Nollaig faoi Bhrian Ó Nualláin a fháil ón oifig s'acu!
Eagrán ag comóradh seachtó bliain ar an bhfód atá ann faoi láthair, eagrán Eanáir/Feabhra.
Tá téagar agus fiúntas iontu ar fad. Tuairiscítear Aifric Mac Aodha, file, atá anois ina heagarthóir liteartha ar an iris, agus Seán Tadhg Ó Gairbhí a bheith ag teacht i gCOMHARbacht ar Ian Ó Caoimh ó Eagrán Aibreán ar aghaidh.Tá muinín agam astu araon.
Is léir ón eagrán comórtha go raibh níos mó i gceist ag na bunaitheoirí ná iris liteartha. Bhí polaitíocht ag baint le Comhar i gcónaí; ach agus iad ar srathair deontais ag an Foras, bíonn conair cúng cúramach le siúil ag an lucht eagar. Gúim gach rath ar a n-iarrachtaí, agus tá síntiúis  bainte amach agam arís.