Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-02-05

Cé leis Raidió na Gaeltachta?

Bhí plé ghairid agam ag tús na seachtaine le Tiarnán de Hál ar twitter maidir le RnaG, an clár Glór Anoir ach go háirithe. Tá Tiarnán den tuairim nach bhfuil Raidió na Gaeltachta ag freastal mar ba cheart ar Ghaeilgeoirí Oirthear na hÉireann. Bhain cuid dá argóint le cúrsaí spóirt; dá laghad mo spéis iontu is lú fós mo scil, mar sin níl faic le rá agam faoin réimse sin. Is le Lyric a éistimse ag an deireadh seachtaine ar mhaithe le cúrsaí spóirt a sheachaint! Ach seachas sin is le RnaG  a éistim, go háirithe agus mé ag taisteal ar an DART idir Cluain Tairbh agus an baile. Ní fear Gaeltachta mise, gan amhras, agus ní dóigh liom gur chaith mé níos mó ná coicís nó b'fhéidir trí seachtain i gceantar ar bith sa Ghaetacht Oifigiúil. Ach de bharr mo shuim sa Ghaeilge tá suim agam sa Ghaeltacht. Táim go láidir den tuairim go mbeidh seala an bháis go críochnúil ar an nGaeilge má theipeann uirthi mar theanga pobail. Dá thábhachtaí pobail na Gaeilge san Iar Ghaeltacht i ndán na teanga,  ní pobal dlúth muid agus beidh bearnaí suntasacha sna réimsí teanga a chlúdaíonn muid. Caithfidh aon straitéis don nGaeilge na difríochtaí seo a chuir san áireamh agus thar rud ar bith eile seachadadh an teanga ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht a neartú.
Sin is dócha, an chomhthéacs do mo chuid tuairimí maidir le RnaG. Ar an gcéad dul síos, cé go bhfuil fáil ar Raidió na Gaeltachta go náisiúnta, ní craoltóir náisiúnta atá ann. Is ar Údarás Craolacháin na hÉireann (Alt 25/2/h) agus RTÉ (Alt 114) a leagann AN tACHT CRAOLACHÁIN 2009 na dualgais a bhaineann leis an nGaeilge a chuir chun cinn mar teanga labhartha. Níl ról RnaG amháin atá ann. Raidió Pobail is ea RnaG, raidió a d'eascair as gluaiseacht Ceárta Sibhialta na Gaeltachta agus Saor Raidió Chonamara. Bhíodh rannóg bisiúil ar RTÉ1 ag plé leis an nGaeilge, ach tá sin á siar imeallú, agus pé imir den nGaeilge atá fágtha a bhrú faoi fhreagracht RnaG, ag am go bhfuiltear ag ciorrú acmhainní orthu sin. Sin rud nach mian liomsa tacú leis a bheag ná a mhór. Ní maith an rud, fágaim, nach bhfuil clár dá gcuid féin le bheith ag Maigh Eo níos mó de bhrí go bhfuil Máirtín Mac Donnchadha ag dul amach ar pinsean. Agus n'fheadar a bhfuair na Déise, Músgraí, Teileann, Uíbh Ráthach agus a leithéidí a gceart riamh.

Maidir leis an Údaras, agus an foras a bhí ann roimhe, bíonn méid áirithe ar bun acu. Maoinítear cláir tríd an scéim Fuaim agus Fís - mar shampla, an dráma iontach úd An Cuimhin leat? Bíonn clár i nGaeilge ar Newstalk - Splanc. Tá clár freisin ar an stáisiúin pobail Near FM - Muin na Muice. Agus, gan amhras, tá stáisiún pobail ag Gaeilgeoirí Átha Cliath - Raidió na Life. Tá comhoibriú idir an Údarás Craolacháin agus an Comhdháil - Cogar.
Tá gníomhaíochtaí eile ann, mar shampla Raidió RíRá.
Is mó i bhfad na deiseanna ag Gaeilgeoirí seilbh a ghlacadh ar na meáin ná mar a bhí sna 1970í a bhuí leis an idirlíon. Rudaí gur féidir a dhéanamh ar bheagán costas, agus neamhspleách, i ngan fhios, agus gan buíochas don bpárlathas! Seachas baint ó luach Raidió na Gaeltachta do phobail na Gaeltachta, is ceart dúinne san Iar Ghaeltacht a bheith ag tacú leo, agus san am céanna ag briseadh fearainn nua don teanga.
Tá lúb ar lár suntasach i gcuir chuige RTÉ mar chraoltóir seirbhís poiblí go ginearálta.  Níl siad iomlán Stát maoinithe. Tá fógraíocht i gceist. Gnó. Agus téann sin chun dochar don ról seirbhís poiblí. Fágann sé freisin gur beag suim atá san ardbhainistíocht i conas atá RnaG ag cruthú, toisc nach gcraoltar fógraí ar an stáisiún. Níl iontu, mar sin, ach costas dar leo. Ní fiú iad a chuir san áireamh in san JNLR, mar nach mbeidh brabach le gnóthú as. Mar sin, níl eolas cruinn ar fáil maidir le héisteoirí RnaG. Níl againn ach suirbhé fánach thall is abhus fearacht an chinn seo. Mar sin, tá sonraí in easnamh chun plé ceart a dhéanamh ar an gceist.
Maidir leis an ceist sonrach, an féidir le  Cormac Ó hEadhra, fear Gaeltachta, a bheith ionadaíoch ar Ghaeil Bhaile Átha Cliath, sílim gur féidir. Ar an gcéad dul síos, ní hé féin amháin a chuireann an clár le chéile ná i láthair, agus is Bleá Cliathaigh ó dhúchas cuid mhaith den foireann.  Ar an dara dul síos, más féidir le - abair - Donncha Ó hÉallaithe nó Pádraig Ó hAoláin labhairt ar cheisteanna mar ionadaí Gaeltachta, tuige nach féidir le fear atá a chaitheann a shaol gairmiúil abhus labhairt ar son Gaeilgeoirí Oirthear na hÉireann? Tar éis an tsaoil, cuid suntasach de phobal na Gaeilge abhus muintir na Gaeltachta ar deoraíocht!

Mar sin: Treise le RnaG ag freastal ar Muintir na Gaeltachta, agus ar aghaidh leis an Ríomhlóid abhus!