21 August 2012

Turscair sna staitisticí ar Blogger

Tamaill ó shin chuir Blogger "Staitisticí" leis an roghchlár d'údair blaganna. Bhí (agus tá) statcounter in úsáid agam:
Chonaic mé difríochtaí idir an dá cheann nár thuig mé i gceart. Ach go háirithe bhí na foinsí tráchta difriúil. Monuar, rinne mé botúin uair nó dhó nuair a phrioc fiosracht mé chun an nasc sin a leanacht. Suímh pornagrafaíochta a bhí i gceist. Bhí imní orm go raibh mé ar bhealach éigin nasctha leo mar sin chuaigh mé ag lorg freagraí. Tá cur síos sách cuimsitheach anseo ar an "Turscar tagróra" atá i gceist:

Níl baol ann - ach ná lean an nasc! Neamhaird an leigheas.

2 comments:

Mise Áine said...

@ ach ná lean an nasc!

Ní leanfaidh!

Go raibh maith agat as rabhadh, a chara - is fearr réchonn ná iarchonn..;-)

ormondo said...

GRMA as an bhfaisnéis. Ní fhéachaim ar na staitisticí ach go rí-annamh.

Ach feicim anois go bhfuil suíomh darb ainm www.meendo.com ar an liosta.

Hmmm... is fearr gan cliceáil ar an nasc sin...

Is amhlaidh go bhfuil an t-idirlíon truaillithe leis an stuif sin.