20 October 2013

Éigse Loch Lao

Mheall cuireadh chun cainte ó lucht eagair Éigse Loch Lao go Béal Feirste mé le déanaí, áit nach raibh mé riamh dáiríre, cé gur cheannaigh muid cúpla ball troscáin san IKEA ann sular bunaíodh an siopa abhus.
Shocraigh mé freastal ar an ócáid ina iomláine, ag taisteal ó thuaidh ar an Enterprise le bheith ann am lóin de hAoine.  Na Físmheáin Ghaeilge ab ea ábhar na Comhdhála. Cúrsaí teilifíse is mó a bhí á phlé, iarraidh ormsa agamsa Tomaí Ó Conghaile labhairt faoi na meáin sóisialta.
Ní duine mé a bhíonn ag faire mórán ar theilifís, ach aithním tábhacht na teilifíse do mhionteanga. Múnlaíonn an teilifís an chultúir fós, go háirithe i measc daoine an-óga. Bíonn m'iníon féin ag faire ar (barraíocht, i mo thuairim) teilifíse. Ní mór dom a rá gur KiKa na Gearmáine is mó a bhíonn sí ag faire air anois. Ní bhíonn cláir ag Cúla4 ag na hamanna a mbíonn sí ag faire, sách minic. Ach tá taitneamh ⁊ tairbh bainte againn as na cláir ⁊ freisin as an cluichí ⁊ araile ar an idirlíon atá bunaithe orthu. (Deacracht amháin ná go n-athraíonn spéis leanaí sách gasta, ⁊ go mbíonn an clár a bhí iontach tamall bhig ó shin páistiúil ⁊ leadránach anois!)
Chuir Karen Kirby (Ceannasaí Aonad na Gaeilge i mBBC TÉ) ⁊ Róise Ní Bhaoill ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge tús le himeachtaí. Is cuid suntasach den earnáil teilifíse Gaeilge an dá eagraíocht, iad go minic ag obair i éineacht le TG4 agus iad ar fad ag cothú na mion-chomhlachtaí beaga atá ag saothrú sa ghort - ainneoin an éiginnteacht ⁊ an easpa airgid a bhaineann leo araon mar nach bhfuil ionad buan bainte amach ag ceachtar acu in mbuiséid an Rialtais ná an BBC, agus bíonn siad spléach ar dhea thoil ó bhliain go bliain. Tá sé suntasach áfach go bhfuil an taighde ann le léiriú gur infheistíocht seachas costas atá i gceist leis an gcaiteachas ar chláir Gaeilge, mar go spreagann siad an earnáil i gcoitinne ⁊ go bhfuil comhluchtaí a fheidhmíonn trí Bhéarla don gcuid is mó ag fás le tacaíocht an Chiste Craoltóireachta. Bheadh dhá léamh ar sin, dar ndóigh, ach sílim féin gur fearr don earnáil Ghaeilge bheith fite fuaite leis an earnáil i gcoitinne - chomh fada agus nach báitear iad ar fad. Ach níl sé folláin beith an ar imeall i ngeiteo.
Labhair Ruth Lysaght faoi thaithí pobal teanga mionlaithe (i. rud gníomhach is ea mionlú teanga). Bhí a cuid cainte bunaithe ar chomparáid idir thaithí an phobal Maori agus pobal na Gaeilge, iad araon ag iarraidh a léargas féin seachas léargas coimhthíoch orthu féin a nochtach ar scáileáin. Labhair sí an choincheap an Cheathrú Cineama a cheap Barry Barclay - daoine bundúchasacha á gcuir féin in iúl, le meas ar a gcultúir féin seachas Na hAntraipeologicals ag faire ó lasmuigh!
Tar éis dinnéir thug Pádhraic Ó Ciardha sár léacht - sílim go bhfuil blagmhír dá chuid féin dlite dá chaint ar scéalaíocht mar a bhí, mar atá, ⁊ mar a bheidh.
Bhí gradam le bronnadh ar Bhob Quinn ach bhí ócáid eile in onóir eagraithe i gCathair na Mart ar feadh na deireadh seachtaine agus fiú Bob féin ní thig leis bheith in dhá áit chomh fada óna chéile! Bhí píosa cainte curtha ar scannán aige agus fuair muid blaiseadh mar sin dá ghaois ⁊ greann.
Bhí oíche go maidin ansin i gCumann Chluain Ard le scoth na gceoltóirí ó Chonamara - Pól Ó Ceannabháin a bhain Corn Uí Riada anuraidh, agus a dheirfiúr Tríona, agus cairde leo nár thug mé a n-ainmneacha liom ach a bhain splancanna as an urlár lena steipeanna cumasacha damhsa. Cheol duine nó beirt eile, ina measc Doimnic Mac Giolla Bhríde.
Ós rud é go raibh mé fhéin i mo chuí go moch ⁊ le caint an lá dar gcionn, bhí mé ciallmhar agus chuaigh a choladh thart ar mheán oíche! Chuala agus chonaic fianaise áfach gur lean an chriac ar aghaidh ar feadh na hoíche!
Rinne Tomaí píosa cainte ar maidin faoi úsáid na meáin sóisialta chun pobal a nascadh agus a chruthú, agus rinne mise mo chuid cainte ansin - cuid mhaith de na smaointe nochta anseo agam cheana. Tar éis lóin labhair Mary Margaret Murray ó BBC Alba. Bhí a cuid cainte spéisiúil - go háirithe gur cuireadh an dá chineál sprioc rompu -  méid áirithe lucht féachana - 500,000 agus freisin céatadán áirithe de lucht féachana le Gaeilge na hAlbain. Tá an BBC saor ar dhaoirse na fógraíochta, dar ndóigh. Gné amháin a bhain gáire as an gcomhluadar ná an féidir a bronnadh ar BhBC Alba nuair a chlis ar Rangers agus go raibh orthu imirt san tríú rannóg den léig - ag a bhfuil na cearta craolta ag BBC Alba a chonaic léim mór san lucht féachana dá réir. Choinnigh siad seilbh orthu, áfach.
Labhair Seán Tadhg Ó Gairbhí faoi lucht féachana TG4 agus a thuairim féin go mba cheart do TG4 éirí as iarraidh a bheith ag mealladh an 50% den pobal féachana nár amharc riamh orthu agus in áit díriú ar líon agus caighdeán na cláir Gaeilge a fheabhsú.
Rinne Breandán Delap ana phíosa cainte ansin - go sonrach faoi na dúshláin a bhaineann le nuacht a chuir ar fáil as Gaeilge de bhrí go mbíonn ar an iriseoir cainteoir le Gaeilge a aimsiú - agus drogall orthu ceisteanna crua a chuir ar an nduine a d'aimsigh siad le dua. Bhí sé freisin tar éis giota Gaeilge a aimsiú i scannáin Tarzan ó na 1970í!
Faraor, theith mé roimh an chaint deiridh mar nach raibh fonn orm an traein ó dheas a chailleadh.
Tríd is tríd, ana dheireadh seachtaine a bhí ann, agus bheadh fonn orm filleadh.

No comments: