Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-10-25

Wittgenstein ag IMRAM: An rud nach dtig le duine labhairt faoi, is mithid dó bheith ina thost faoi

Íomhá le Christaan Tonnis
Wovon man nicht sprechen kann, darüber muss man schweigen.
Ach bhí mé i láthair, mar sin tig liom tuairisciú!

I measc imeachtaí IMRAM i mbliana, bhí ócáid trí-theangach ag Institiúid Goethe i mBaile Átha Cliath, ócáid a bhí tiomnaithe don bhfealsamh Ludwig Wittgenstein. B'iad focail Wittgenstein a thug scafall don tráthnóna, giotaí as an "Tractatus Logico-Philosophicus" agus na hIniúchtaí Fealsúnacha.
Fite fuaite leo sin, bhí giotaí as scéal Alan Titley "Wittgenstein i gConamara" léite ag an údar.  Agus d'aithris Gerry Murphy dánta Béarla filí éagsúla a spreagadh ag Wittgenstein abhus. B'é Heinz Lechleiter (léachtóir, ní aisteoir!) a bhí molta ag Gabriel Rosenstock le guth a thabhairt do bhriathra Wittgenstein ina theanga dhúchais. Is go paiteanta a chuir sé an cúram i gcríoch!
Bhí ceol le Seán Mac Erlaine agus íomhánna fileata Margaret Lonergan ann chun iomlánú a dhéanamh ar ócáid den scoth.
Admhaím gur tearc m'eolas ar Wittgenstein - deis éisteacht le hAlan Titley a mheall mise ann. Níor thuig mé roimhe go raibh dréacht Alan fite fuaite le briathra as saothair Wittgenstein. Bhí na dánta Béarla spéisiúil freisin - is léir go raibh tionchar domhain ag Wittgenstein agus a smaointe maidir le focail ar cheardaithe focail. Táim fiosracht spreagtha ionamsa fé anois- cé nach fealsamh mé.



Tá gearrscéal Alan Titley ar fáil i:
Eiriceachtaí agus scéalta eile  
Alan Titley
An Clóchomhar  1987