Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-10-12

G-l-o-r-i-a

Anuraidh le Túr na nAmhrán a cuireadh tús le comhoibriú torthúil idir IMRAM, Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow agus an Brad Pitt Light Orchestra. 
Bhí amharclann an Pavilion i nDún Laoghaire plódaithe arís aréir agus an meitheal a dul i ngleic an babhta seo le amhráin Van Morrison (Feirsteach fearacht Liam Carson!). Is iad Gabriel Rosenstock agus Cathal Póirtéir a rinne - ní aistriú - ach traschruthú ar na liricí.
Mar is iondúil anois le himeachtaí dá leithéid de chuid IMRAM bhí íomhánna teilgthe an fhile físe Margaret Lonergan mar chúlra agus léiriú ar an gceoil.
Ach is an ceol a bhí in uachtar - fuinneamh dochreidte ón stáitse ag cuir an lucht féachana ag coipeadh agus na liricí áille á chaitheamh le mothúcháin inár dtreo - ceol agus focail ag treisiú a chéile, agus guthanna sainiúla na n-amhránaithe ag mealladh breis brí as an bhfriotail. Bheadh Liam Ó Maonlaí molta agus mise i'm thost, agus tá aitheantas bainte amach freisin ag Hilary Bow. Ach tá amhránaithe bhreátha ag an Brad Pitt Light Orchestra freisin - thug mé suntas ach go háirithe do (sílim!) David Blake a bhfuil rud éigin - ní garbh an focal ceart, ná ámh, ach cumas éigin díobh - ag baint lena ghlór a chuireann na mothúcháin phléascacha ina luí ar na héisteoirí.
Ba léir go raibh na hoirfidigh uilig tar éis an chuid oibre a chuir isteach san taibhiú, saothar Margaret Lonergan ag roghnú na híomhánna cuí san áireamh. 
Chuaigh Tionscadal Cohen ar chamchuairt - bheadh sé dlite don taispeántas seo dul ar chamchuairt freisin.
Tá sé suntasach nuair a líonann imeacht - ar imeacht Gaeilge ó cheart é - amharclann, agus scata mór daoine ann nach bhfeictear ag imeachtaí Gaeilge go hiondúil. Gné eile d'oideas rathúil IMRAM sin - ag léiriú saibhreas aos liteartha na Gaeilge don saol mór, agus oscailteacht an aois chéanna don idirphlé le foinsí eile.
Seoladh abhaile muid aréir le léiriú den amhrán Gloria a chuir an lucht éisteacha ar fad ar a gcosa agus a bhí ina bhaol, sílim, do fraitheacha an tí!

Nára fada uainn an CD!