27 May 2015

Saol as Gaeilge amháin?

 In alt leis ar Tuairisc ar na mallaibh bhí an méid seo le rá ag Alex Hijmans
an té a bhfuil níos mó ná teanga amháin ar a thoil aige, ní bheidh sé go brách ina sclábhaí ag teanga ar bith.
An bhfuileann sibh ag éisteacht, sibhse a mhaíonn go dteastaíonn uaibh bhur saol a chaitheamh as Gaeilge amháin?
Fearacht Alex, caithim mé shaol idir cúpla teanga. Gearmáinis agus Gaeilge ag baile,  Béarla go gairmiúil. (Bhí seal ann go raibh mé ag obair trí Ghearmáinis; scaití bíonn sí fós in úsáid agam le cliant). Mar sin féin is dóigh liom gurbh fíor dó Phadraic Ó Conaire nuair a dúirt sé:
'Is é an bás atá i ndán don uile teanga gan dream éigin daoine... nach labhraíonn ach í'
Nó ar a laghad go bhfuil gá le daoine a bheith ag saothrú na teangain i ngach réimse den saol, idir léann agus leann.

Ní mhairfidh teanga nach bhfuil in úsáid ach cois teallaigh nó cois cuntair.

Tharla go raibh mé i mBarcelona an tseachtain seo chaite. Thug mé suntas do bheocht poiblí na Catalóinise. Tá roinnt éigin Castellano agam ach níl mo chluasa géar go leor chun rá an mó Castellano nó català a chuala mé ar an sráid. Is eol dom áfach go raibh Catalóinis á labhairt ag roinnt d'fhoireann an óstáin ina raibh an comhdháil - mar níor thuig mé iad agus cuir mé an cheist! Bhí an raidió ar siúl ag fear an taxi ar an mbealach go dtí an aerfort - ceol raic (cuid de i mBéarla) láithreoireacht as Catalóinis, fógraíocht as Spáinnis!

Ní sin a chuaigh i bhfeidhm orm áfach ach an fhógraíocht.  Sráidainmneacha as Catalóinis amháin. Fógraí oifigiúla as Catalóinis amháin, nó Spáinnis agus Catalóinis (agus scaití Béarla freisin). Sin an Rialtas. Ach bhí tréan fógraí sna siopaí as Catalóinis amháin. Ní fhaca mé mórán graifítí. Chonaic píosa amháin ag tacú le lucht inimirce, as Spáinnis a bhí sin.

Ba mhaith liom go mbeadh áiteanna in Éirinn mar sin. Tá codanna den Ghaeltacht - an Buailtín in Iarthar Dhuibhneach abair, go háirithe nuair nach bhfuil mórán turasóirí thart.

Tá aibhleoga ann go bhfeadfaí tine a fhadú astu.

Bhí mé ag Fóram Díospóireachta Teacht Aniar ag an deireadh seachtaine (An Ghaeilge Idir Réaltacht agus Dóchas). Bhí go leor cainteanna spéisiúla. Ina measc bhí Breandán Ó hEaghra ó Meas Media. Mhol Breandán brandáil agus margaíocht a dhéanamh ar an nGaeltacht agus an Ghaeilge le mórtas a spreagadh. Bhí Alan Titley ag caint ar aineolas a scaipeadh. Bhí Conchur Ó Giollagáin ag léiriú dé an chúis gur gá don pobal a ndán féin a ghlacadh ina seilbh féin. Sorcha Ní Cheilleachair ó Tuismitheoirí Na Gaeltachta ag léiriú go bhfuil an chéad glúin eile i mbun gnímh.

Meascán dóchas is dúshláin.

Tá gá le cainteoirí cumasacha ar gach gné den saoil. Mar sin, is maith ann iadsan atá ag streachailt chun saol iomlán a chaitheamh trí Ghaeilge.

Ní daoirse é an eire a ghlactar d'aon uaim le haidhm a bhaint amach.

Agus sin mo racht go n-uige seo.

No comments: