06 January 2007

Cath na bPunann

Tráthúileacht arís. Tá an nath seo cloiste agam cúpla uair le tamall.

Ar dtús, ar daltaí, bhain Dennis feidhm as chun cuir síos ar rith d'imeartas focail.

Ansin, le deanaí, chuala mé ar RnaG é:-
Bhí sé ina Chath na bPuanann sa chomhairle cathrach aréir

Caismirt a bhí i gceist.


Seo an méid atá i Fiannaíocht le Cormac Ó Cadhlaigh (Áth Cliath, 1938)

Is minic a thagadh an namhaid go hobann gan aon choinne leo ar an bhFéinn acht níor thángadar riamh chómh hobann is do thángadar an lá úd do bhíodar ag fiach in aice na Teamhrach. Do chuaidh an t-oisín beag biorach uatha isteach i ngort cruithneachta le Caoilte Mac Rónáin, agus nuair adhubhairt bean Chaoilte le Fionn go raghadh an fiadh san ó n-a raibh de chonaibh i nÉirinn, níor dhein san acht sainnt na Féinne do mhúscailt. Siúd ag baint na cruithneachta iad, corrán i láimh gach fir díobh agus Fionn féin ag gabhal ceithre mbeann aige ag carnadh na bpunann; agus

"Bean Chaoilte 'na carbad caoin
soir siar go nóin fón meithil,
is Daighre ag cantain chiúil
dhi 'na carbad go taidhiúir"

I lár na bruide go léir do tháinig a namhaid ortha agus gan acht trí claidhimh ar fad 'sa mheithil, claidheamh Oscair agus claidheamh Oisín agus claidheamh Fhinn féin.

Do thánathas chómh hobann san ortha nár bh'fhios d'Fhionn ciaca b'fhearr dhóibh teicheadh nó cath do fhreagairt.

"Is beo neach tar éis a anama,
do ráidh Goll an ríghdhamhna,
"agus ní beo d'éis a oinigh
adeirim go lándeimhin"

Nuair do chonnaic Caoilte an cruadhchás 'na raibh an Fhiann,
do rith sé leis chun na Teamhrach agus thug sé leis thar n-ais a ndóithin claidheamh agus sciath don Fhéinn go léir. Do sheasaimh an Fhiann an fód go calma go dtáinig na hairm chúcha, agus annsan do chuireadar ár a namhad agus an méid nár marbhuigheadh do theicheadar le n-a n-anam chun a luinge agus do ghluaiseadar abhaile leo arís.

No comments: