31 January 2007

Madraí marfacha, gadhair gáifeacha

Tá scéal sna méain faoi tharbh-bhrocaire a d'alp cailín óg le déanaí.

Ní thuigim ó thalamh an domhain tuige nach bhfuil cosc iomlán ar na madraí seo.

Is chun críche troda agus foréigin a déanadh porú ar na cinéalacha seo madraí.

I mBerlin agus mé ann, is le mangairí drugaí agus máistir striapaigh, a bhain feidhm astu mar airm, a bhí siad luaite.

Tuigtear dom gur chun troid faoi choim atá siad ag roinnt daoine abhus.

Céasadh atá sa phorú; tá tréithe mí-nadúrtha in uachtar sa phór, a fhágann faoi mhachaill iad ar bhealaí eile. Agus níl an cathair oirúnach d'ainmhithe pé scéal é.

Cuirtear deireadh leo!

26 January 2007

Cumhacht núicléach?

Feicim go bhfuil an cheist seo ag corraí arís, de bharr ár róspléachas ar ola agus gás ó thar lear.

Tá mórcheist nach bhfuil réitithe fós maidir le cumhacht núicléach - sabháilteacht agus an dramhaíl.

Ach pé scéal é, tá an cheist mí cheart á chuir. Ní haon mhaith dúinn leanacht lenár andúil fuinnimh; níl leigheas le fáil i mbithbreosla a thógann talamh a bheadh ag fás bia, ná i fuinneamh na gaoithe, ná na gréine.

Ní mór dúinn gearradh siar.

An rud is práinní, dar liomsa, ná feabhas radacach ar teasdíonadh ár dtíthe. Agus gearradh siar ar an fhaid a bhíonn orainn taisteal ar obair.

Is cuid den leigheas iad foinsí fuinnimh nua, go hairithe fuinneamh inathnuaite. Is dócha nach mbeidh dul as againn ach méid airithe feidhm a bhaint as cumhacht núicléach. Is dócha go bhfuilimd ag baint feidhm as cheana de bharr go bhfuil nasc againn leis an eangach breataineach. Beidh orainn an eangach eorpach a neartú, chun feidhm níos éifeachtaí a bhaint as gaoth agus grian.



Beidh léacht ag an Roth ar an ábhar seo Déardaoin seo chughainn.

B'fhéidir go mbeidh mé ann.

19 January 2007

An Matrachas abú?

Ceist a rith liom de bharr plé ar Chlár Plé Daltaí.

An amhlaidh go mbeadh an saol níos fearr dá mbeadh níos mó mná i gcumhacht?

Ar an gcéad amharc, déarfá nárbh amhlaidh. Ní raibh na mná a bhí i gcumhacht go dtí seo mórán níos fearr ná na fir lena linn - Eilís I, Máire "Fuilteach" I, Margaret Thatcher, nó Indira Ghandhi.

Ach fainic; bhí na mná seo uilig ag feidhmiú laistigh de chóras na bhfear.
Is eol do chách go mbíonn ar bhean a cumas a chrúthú i saol na bhfear, agus gur minic gur gá dóibh cuma "níos fearúla na na fir" a chuir orthu féin.

Creidim go láidir go bhfuil fir agus mná ar chomhurraim, ach éagsúil. Chuirfeadh sochaí cóir na buanna atá ag gach aoinne faoi seach ag obair don leas coiteann.

Ó gach aon de réir a acmhainn, do gach aon de réir a ghá


Is cuimhin liom alt a léamh faoi Ollamh ós na Críocha Lochlannacha. Chuir sí isteach ar phost; chuir fear isteach ar freisin. Bhí siad ar chomhcháighdéan ó thaobh taithí agus eolas. Bhí an bord agallamh chun an post a bhronnadh ar an bhfear. Cheistigh an bhean an cinneadh. Dúradh lei go raibh sé tar éis an méid a bhain sé amach a bhaint amach i dtréimhse ama níos lú na ise.

Ach ansin chuir sise in iúl go raibh sí tar éis treimhsí a chaiteamh ag iompair clainne, agus ag cothú a leanaí. Ó tharla gurbh sna Críocha Lochlannacha a tharla an eachtra, bhí an bord agallamh sásta na treimhsí sin a chuir san áireamh; shocraigh siad go raibh sise tar éis níos mó a bhaint amach, agus fuair sí an post.

Sin mar is ceart an sochaí a bheith.

Agus faoi na cuinsí sin, bheadh níos mó mná sa riarachán, agus bheadh cursaí níos fearr.

Go dtí sin, ní dóigh liom go mbeadh mórán de dhifear más Condi seachas John, nó Hilary seachas Barak a bheidh sa Teach Geal amach anseo. Ach go m'bfheidir go mbrostóidh bean san teach geal na hathraithe is gá sa sochaí chun cothromaíocht nua a bhaint amach idir ról na fir agus na mná, ag usáid buanna gach aoinne.

Gura amhlaidh a bheidh!

11 January 2007

Scáil Fhada na bPéas Rúnda.

Tá na péas rúnda cumannach sa nuacht arís, de bharr ardeaspaig ainmnithe Vársá a bheith éirithe as.

Ní raibh rogha aige, ó tharla gur shéan sé go raibh baint ar bith aige leo, cé go raibh. Is mór an trua go ndearna sé an botún sin.

Ach caithfear a aithint freisin nach féidir muinín a chuir i gcomhaid na péas rúnda - dream a bhí beo ar bhréaga, agus an brú orthu torthaí a thaispéaint.

oifig speisialta acu sa Ghearmáin chun plé le hiarmhairtí an Stasi. Ach fós, cuireadh rudaí i leith daoine a cruthaíodh ina dhiaidh narbh fíor iad.

Is cuimhin liom comhghleacaí liom arbh as Iarthar Bheirlín é, a raibh gnó airithe aige san Oirthear. Bhí ar na daoine a bhí i dteangmháil leis tuarascáil laethiúl a scríobh. Lá amhain dúirt sé go raibh ar brostú abhaile, toisc gur theastaigh uaidh biotáille áirithe Spáinneach a cheannach.

Séard a scríobh mo dhuine ina thuarascáil ná "Chuir Herr X in iúl go raibh deacreachtaí in Iarthar Bheirlín teacht ar bhiotáille Spáinneach"!


Má ligtear do dhaoine mífheidhm a bhaint as comhaid mar seo, beidh an daonlathas thíos leis.

06 January 2007

Cath na bPunann

Tráthúileacht arís. Tá an nath seo cloiste agam cúpla uair le tamall.

Ar dtús, ar daltaí, bhain Dennis feidhm as chun cuir síos ar rith d'imeartas focail.

Ansin, le deanaí, chuala mé ar RnaG é:-
Bhí sé ina Chath na bPuanann sa chomhairle cathrach aréir

Caismirt a bhí i gceist.


Seo an méid atá i Fiannaíocht le Cormac Ó Cadhlaigh (Áth Cliath, 1938)

Is minic a thagadh an namhaid go hobann gan aon choinne leo ar an bhFéinn acht níor thángadar riamh chómh hobann is do thángadar an lá úd do bhíodar ag fiach in aice na Teamhrach. Do chuaidh an t-oisín beag biorach uatha isteach i ngort cruithneachta le Caoilte Mac Rónáin, agus nuair adhubhairt bean Chaoilte le Fionn go raghadh an fiadh san ó n-a raibh de chonaibh i nÉirinn, níor dhein san acht sainnt na Féinne do mhúscailt. Siúd ag baint na cruithneachta iad, corrán i láimh gach fir díobh agus Fionn féin ag gabhal ceithre mbeann aige ag carnadh na bpunann; agus

"Bean Chaoilte 'na carbad caoin
soir siar go nóin fón meithil,
is Daighre ag cantain chiúil
dhi 'na carbad go taidhiúir"

I lár na bruide go léir do tháinig a namhaid ortha agus gan acht trí claidhimh ar fad 'sa mheithil, claidheamh Oscair agus claidheamh Oisín agus claidheamh Fhinn féin.

Do thánathas chómh hobann san ortha nár bh'fhios d'Fhionn ciaca b'fhearr dhóibh teicheadh nó cath do fhreagairt.

"Is beo neach tar éis a anama,
do ráidh Goll an ríghdhamhna,
"agus ní beo d'éis a oinigh
adeirim go lándeimhin"

Nuair do chonnaic Caoilte an cruadhchás 'na raibh an Fhiann,
do rith sé leis chun na Teamhrach agus thug sé leis thar n-ais a ndóithin claidheamh agus sciath don Fhéinn go léir. Do sheasaimh an Fhiann an fód go calma go dtáinig na hairm chúcha, agus annsan do chuireadar ár a namhad agus an méid nár marbhuigheadh do theicheadar le n-a n-anam chun a luinge agus do ghluaiseadar abhaile leo arís.

05 January 2007

Níl aon Dia agus sé Richard Dawkins a Fháidh.

Is cosúil go bhfuil leabhar nua ag Richard Dawkins - An tSiabhrán Dia.

Tá sé i mbun poiblíochta dá shoiscéal nach ann do Dhia, agus gurbh olc an rud gach creideamh. Bhí sé ag caint ar seo radio Ryan Tubridy le deanaí, agus David Quinn i ngleic leis. Níor chuala mé an clár, ach do luaigh duine liom é, agus chonaic mé athscríbhinn san Irish Catholic. Tá sé ar líne anseo freisin.

Mo ghraidhn é David Quinn. Rinne sé smionagar de. Níl suim ag Dawkins i saor toil, agus maidir leis an Chúis gan cúis, agus conas gur tháinig ann don abhár, ní raibh le rá aige ach go raibh dóchas aige, gur chreid sé go bhfaigheadh an eolaíocht nadúrtha freagra na ceiste.

Tá léirmheas maith eile anseo ar an dearcadh seo.

Cuireann an rud ar fad píosa le Fulton J Sheen a chuala mé, agus é ag plé aindiagach soiscéalach eile den treabh úd - dúirt sé gur chreid an duine úd i nDia, murach sin, nach mbeadh siad chomh corraithe agus bagarthach faoi.

Aguisín : Breis anseo ag fear ó Shaor Eaglais Albain.