14 April 2009

Blag-oireachtas

Feicim go bhfuil an comórtas blagáil ag an tOireachtas ann arís i mbliana.

Cé go bhfuilim fillte ar an mblagadóireacht anois agus an Carghas thart, níl bheidh mé ag cuir isteach ar an gcomórtas i mbliana. Is fearr liom cuir isteach ar an Speallaire - fear/bean an phinn grinn i bhFoinse. Bhí an duine bocht ag clamhsán faoin dualgas trom atá air blaganna mar seo a scagadh.

N'fheadar an smaoineamh eile é seo nach fiú foilsiú? Pé scéal é, ó tharla nach bhfuil sé ar intinn agam cloí le moladh na moltóirí ó anuraidh, eadhon, cloí le hábhar theicniúla anseo, ní chuirfidh mé acmhainní amú!

Ní mian liom srian a chuir ar fhoinse an tinfeadh a spreagann na smaointe fánacha seo, ainneoin speallairí ó Foinse ná moltóirí oireachtaigh. (Deir statcounter liom go dtagann neach ó Foinse an treo ó am go chéile).

Táim ar aon fhocal leis an Speallaire faoi rud amháin áfach - go gcuireann an Réalt nua san blagchruinne Gaelach go mór leis. Tá, gan amhras, Tadhg Mac Dhonnagáin ag saothrú iothlainn na Gaeilge le fada. Ach cuireann a chuid garraíodóireachta. go mór leis an nGaeltacht ar líne!

Fáilte romhat, a Thadhg!

8 comments:

An Cainteoir Dóchais said...

"Cloí le hábhair theicniúla"? Seafóid. Níl fios a ngnó féin acu. Céard a thug ar na seandaoine liatha sin thall in Oireachtas na Gaeilge gur cóir dóibh comhairle a thabhairt ar éinne? Ní aithníonn siadsan an tIdirlíon ón teletext fiú.

Concubhar said...

Is minic go mbionn an Speallaire úd ó Foinse ag tabhairt cuairt ar iGaeilge le h-abhar a ghoid agus é a chur ina ghort féin. Thugas tagairt eile faoi ndeara ag an deireadh seachtaine gan iGaeilge bheith luaite leis cé gur in iGaeilge a fuair sé an tagairt.

Is minic go mbionn lucht na meáin chlóíte ag caitheamh anuas ar bhlagadóirí ach gan sinn bheidís gann ar abhar chun a gcuid leathnaigh a líonadh....

Coinnigh ort.

Is cinnte go bhfuil Tadhg Mac Dhonnagáin ag cur go mór leis an Ghaeltacht arlíne lena bhlag nua. Is mór an trua go gcreideann sé go gcaithfidh sé caitheamh anuas orm féin chun a chlú a bhaint amach sa bhlagáil.

aonghus said...

Bhál, gael óg(TM) a bhí sa Mholtóir.

Níl baol ar bith go bhfuilim chun éirí as an mbalgadóireacht, níl ann ach nach bhfuil fonn orm cuir isteach ar an oireachtas i mBliana.

Maidir le spiteanna feamainne saol na Gaeilge, agus Lá (agus a cuid) vs Foinse agus a cuid, nílim chun dada a rá. Ní maith liom drúis! ;-)

Séamas Poncán said...

Má chuireann Tadhg iontráil san Oireachtas, ní bheidh seans ag aon duine eile, déarfainn, tá sé chomh maith is chomh rialta mar atá. Ní chuirim iontráil isteach mé féin mar ní dóigh liom go gcaithfeadh éinne vóta ar mo shon, agus airgead caite amú a bheadh ann.

(Cad é Alzheimers Éireannach? Ní cuimhin le duine aon rud ach an faltanas...)

aonghus said...

Ní bhíonn votáil i gceist san Oireachtas. Moltóireacht (ag duine aonair) atá i gceist.

Ach níl na critéir sách soileir, dar liom.

An Cainteoir Dóchais said...

Tóg go bog é a Choncubhair. Ní ag caitheamh anuas ort a bhí Tadhg. Bhí a chuid critice meáite agus sibhialta.

Tadhg Mac Dhonnagáin said...

Go raibh maith agat faoin moladh a Aonghuis. Arís, ba mhaith liom a rá go bhfuil aiféal orm go gceapann Concubhar gur ag caitheamh anuas orm a bhí mé. Dá dtuigfinn gur mar sin a ghlacfadh sé leis an méid a scríobh mé, ní chuimhneoinn go deo ar thada a rá. Triailim a bheith dearfach i mo shaol agus i mo shaothar agus má airíonn sé go raibh mé diúltach, ní shin a bhí i gceist.
Tá ról an-tabhachtach le iGaeilge maidir le ceisteanna achrannacha a tharraingt anuas, ceisteanna, mar atá ráite thuas, atá á bpiocadh suas ag na meáin eile - tá sé sin ag cur go mór leis an dioschúrsa poiblí.

Tadhg Mac Dhonnagáin said...

Mo leithscéal - "ba mhaith liom a rá go bhfuil aiféal orm go gceapann Concubhar gur ag caitheamh anuas AIR a bhí mé."