Tá Gabriel Rosenstock ag saothrú leis le fada chun doirse an saol mhóir a oscailt do Ghaeilgeoirí.
Tá saothair fealsúnachta agus greann araon, ón oirthear agus an Mheánoirthear aistrithe aige, sa bhreis ar saothar ó theanga a athair, an Ghearmáinis.
Cúpla rud leis léite agam ar na mallaibh a spreag an giota seo.
Tá, mar shampla, píosa rialta "Howl agus abhus" aige i gComhar. Anois, drochimeartas focail amach is amach é sin - ach ábhar spéisiúil, scagadh ar nuachtáin agus irisí ó thar lear.
Mí ó shin bhí dornán de scéalta Zen aige. Níor bhain mé mórán adhmaid astu, seachas ceann amháin acu faoi bheirt manach agus spéirbhean. Ceacht mhaith ann!
Bhí glaic sleachta ó fhealsamh Ioslamach aige ar Feasta, agus feicim ó Foinse na seachtaine seo chaite gur bhronn an Phacastáin bonn litríochta air.
Agus ansin na hailt seo san Irish Times:
An ceann seo ag moladh athfhoilsiú ar scoth na haistriúcháin a rinne an Gúm fadó. Agus ceann eile ag moladh file ón nGearmáin a bhfuil tiachóg burdúin leis aistrithe aige.
Tríd is tríd, cé nach mbainim adhmaid as a lán dá scríobhann sé, is duine spéisiúil é. Nach bhfuil sé tráthúil go bhfuil ainm an Ardaingil Gabriel air - an neach a thug teachtaireacht Dé chuig Muire de réir na Críostaithe, agus an Córán do Mhahamad de réir na Moslamaigh.
Agus is seoid atá i Nasrúidín. Tá Greann na nGiúdach ar mo liosta anois freisin.
Sin sa bharr ar an stuif bhreá do leanaí atá dánta aige - leithéidí an Gharbháin nó Scuabtha chun siúl.
Is maith ann filí na Gaeilge, agus is fearr fós iad siúd a fhéachann amach san chruinne mhóir nach bhfuil go hiomlán faoin scáil angla-sacsanach!
Aguisín 2009-04-23
Feicim go bhfuair "Ar son na Cúise" spreagadh freisin ó ildánacht Ghabriel...