02 December 2010

Ag sceitheadh fírinní

Tá nuachtáin breac le scéalta a fuineadh as na teachtaireachtaí idir taidhleoirí SAM agus a gceanncheathrú atá foilsithe ag WikiLeaks.

Ach an bhfuil aon fíor eolas, aon fíor leas sna scéalta seo? Ar cheart scéal a hinsíodh faoi rún a sceitheadh, díreach cionn is gur faoi rún a insíodh?

Tá amhras orm. Cén mhaith a dhéanfaidh foilsiú na scéalta seo? Nach amhlaidh a chuirfidh siad le hamhras - agus fiú fuath - i measc na náisiúin?

Minic go leor is scéalta dúirt bean liom go ndúirt bean léi atá i gceist: scéalta cinnte ar cheart do thaidhleoirí iad a chnuasach, chun go ndéanfaí scagadh orthu ag daoine a bhfuil scil acu ann, ar mhaithe le leas a náisiún: sin tar éis an tsaoil, dualgas an taidhleora.

Ach iad a fhoilsiú ina smionagar fírinní ós comhair an domhain mór, ar mhaithe le ceannlínte baotha sna nuachtáin? Tá amhras orm!

(Tá amhras orm freisin faoin gcás sa tSualainn in aghaidh bunaitheoir WikiLeaks, ach sin scéal eile)

Tá rúin ann atá dlisteanach.

5 comments:

Dubhaltach said...

B'fhéidir gurb é an chaoi a bhfuil na rúin á gcur os do chomhair go gcreideann tú nach bhfuil aon fhiúntas iontu?

N'fheadar cá bhfaca mé é, ach chonaic mé "Wordle" le déanaí de cheannlínte na nuachtán Éireannacha a bhí ag clúdach na scéalta a bhaineann le Wikileaks; is iad na focail seo a leanas a bhí chun chinn: Attack, Iran, Leaders, founder, release, Arabs!

Is é an rud is spéisiúla, nó scanrúla, faoin sceiteadh rúin is nuaí seo ná an chaoi ar thaispeánann sé dúinn chur chuige na dtaidhleoirí agus rialtas SAM. Mar a deireann Chomzky san agallamh seo le Democracy Now.
"Perhaps the most dramatic revelation, or mention, is the bitter hatred of democracy that is revealed both by the U.S. Government – Hillary Clinton, others – and also by the diplomatic service."

Mholfainn éisteacht lena anailís má tá am le spáráil agat.

Dennis King said...

Is dóigh liomsa go bhfuil na rúin sceite greannmhar, cé go bhfuil an greann sách dubh. Baineann siad gáire dóite asam arís is arís eile, ach ní chuireann siad ionadh orm:

Karzai ina pharanóideach. Check.
Sarkozy íogaireach 7 luaineach. Check.
An Rúis ina mafiastát. Check.
Putin + Medvedev = Batman & Robin. Check.
Berlusconi ina ragarnálaí. Check.

aonghus said...

Sin an rud; níl rúnda faoi na nithe seo ach an té a dúirt iad, agus cé leis. Béadán agus cúlchaint.

Agus ní rud ar bith nua sotal lucht na cumhachta.

Cén rud nua, atá chun leas an chine, a chuala muid as seo ar fad?

An fiú mar sin ceann fé a chuir ar lucht na cumhachta, agus dris chosain roimh an taidhleoireacht (arbh eol don saol go bhfuil an bréagadóireacht agus an cheilt in orlaí tríd). Is fearr go mór, mar a dúirt an té a dúirt (Churchill sílim) go bhfuil "jaw jaw" níos fearr ná "war war" agus cuimsíonn sin méid áirithe uisce faoi thalamh - sin an praghas atá le n-íoc. Is fearr uisce faoi thalamh ámh ná fuil ina slaoda ar talamh.

ormondo said...

Go maire Wilileaks!

Is modh éifeachtach é chun na fimínigh mhóra a nochtadh.

Nach bhfuil sé SCRíOFA áit éigin: "saorfaidh an fhírinne thú!"

Seán said...

Tá Wikileaks ag gníomhú mar gadhar faire. I bhfianaise rún atá roimhe seo (Operation Northwoods, Operation Mockingbird, Operation Ajax, MKULTRA, ETC!), tá rúndacht an stáit ró-uileláithreach. Deir seo liom go bhfuil cuid mhaith ann le folú. Tá rúin ann atá dlisteanach agus atá neamhdhlisteanach.