Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-12-16

Amas chruinn idir an dá shúil

D'fhreastail mé ar dhráma nua Aoidh Uí Dhomhnaill aréir. Bhí sé thar barr.
 Scéal lánúine spreagtha ag, seachas bunaithe ar, scéal Sharon Collins ("Lying eyes"). Tragóid mar a thuigfeadh na Gréagaigh é - dán cruálach na díse ag eascairt as a bpearsantachtaí féin. Cliar de chúigear a bhí ann, faoi stiúir Lara Ní Chathmhaoil. Thart ar uair go leith ar stáitse le dearadh thar a bheith simplí ach éifeachtach. (Dara McGee) - balla gloine ar baineadh feidhm as chun cuid de ghníomhaíocht a léiriú mar taibhiú scáile. Baineadh úsáid as an chliar chun feisteas an stáitse a athrú - ar bhealach a raibh cóiréagrafaíocht ag baint leis chun gnéithe den dráma a léiriú. Ghluais an dráma siar is aniar san am - ag léiriú diaidh ar ndiaidh an  gad a bhí ag druidim le scornach an banlaoich. (Siobhán O'Kelly). D'fheidhmigh an dara bhean (Maighréad Ní Chonghaile) mar a bheadh cór gréagach  inti - ag léiriú, ag cuir doimhne leis an scéal, ag baint eolas as an mbanlaoch. B'é Séamus Moran a bhí i bpáirt an leannáin; agus thug sé léiriú phaiteanta ar idir geal agus dorcha an phearsa sin. Bhíos thar a bheith tógtha le haisteoireacht Bhrendan Murray - a raibh air dlíodóirí éagsúla agus póilíní a chuir inár láthair agus a rinne é sin ar bhealach chomh héifeachtach - athrú beag ar a ghruaig agus a ghnúis, agus nocht pearsa eile. B'é John Burke a bhí i bpáirt an fheallmharfóra - nó arbh ea? 

Bhí na haisteoirí ag léiriú an scéil le corp agus guth; agus ag baint gach úsáid as an stáitse, an fhuaim agus an solas.


Tá leisce orm mórán den scéal a scaoileadh libh - nod libh go bhfuil deis agaibh an léiriú gairmiúil seo (i ngach chiall) a fheiceáil idir seo agus an Satharn! Tapaígí an deis, má tá sibh abhus in aon chor! Maidir liomsa, beidh súil in airde agam don gcéad gníomh eile ag TíAitreo.