Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label aodh ó domhnaill werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label aodh ó domhnaill werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2018-01-26

Aodh Ó Domhnaill, cloch ar chairn

Ar a bhean Mairéad a chuir mé aithne ar dtús, is í a bhí ina stiúrthóir ar an eagraíocht Comhluadar nuair a rugadh mo mhic, agus ar feadh i bhfad ina dhiaidh. Agus muid fós sa Ghearmáin fuair muid tacaíocht luachmhar uirthi, agus bhí a saothar tábhachtach agus muid fillte.

Ní cuimhin liom go beacht cathain ar chuir mé aithne ar Aodh, ach bhí sé fós ag obair sa Bhanc Ceannais. Bhuailfinn leis scaití ar an DART, agus bhíodh comhrá spéisiúil éirimiúil againn.

Is minic a chonaic mé ar stáitse é, agus níos minice fós chonaic mé saothar dá chuid ar stáitse. Tá tuairiscí ar cuid dá bhfaca mé thall is abhus ar an mblag.

Réimse dochreidte a bhí aige, ó fiodmhagadh sna geamaireachtaí go dáiríreacht. Agus ard ealaín.

Luaigh Micheál Ó Gruagáin Mac a'Stanley, traschruthú Aoidh ar Dreigroschenoper Brecht agus Weill. Bhí mé i láthair aige, saothar ceolmhar láidir athphlandaithe in ithir Gaelach agus faoi bhláth.

1915, claonamharc ar 1916 lán gean agus grinn.

Laredo, Western ar leith.

Biffo Béar,  a chíor cliseadh an Tíogar Cheiltigh.

Agus seoda ceolmhara nach iad a sholáthraigh siamsaíocht agus ábhar machnaimh.

Tá súil agam go mbuanófar iad idir clúdaigh leabhar.

Is tráthúil gur thaifid TG4 agallamh beirte dá chuid ag an Oireachtas anuraidh.

Cuimhneoidh mé i bhfad ar bheocht a aghaidh ar stáitse agus i gcomhrá, ar a ghreann, a ghean, a ghaois.

Déanaim comhbhrón ó chroí lena nuachar Mairéad, a clann agus a chomrádaithe in Aisteoirí Bhulfin.

Chrothnófar é.

Leaba i measc na naoimh aige, agus go bhfaighe Mairéad agus a chlann sólás.

2016-10-05

Lón Leningrad

Mar chuid d'Fhéile IMRAM, beidh gearrdhráma le hAodh Ó Domhnaill, Lón Leningrad, á léiriú ag Aisteoirí Bulfin i Scoil na mBuachaillí, Amharclann Scabhat Smock (Smock Alley) ar an gCéadaoin 12 Deireadh Fómhair ar 8pm.

Ticéid: €10/€8
Is féidir iad a chur in áirithint ar líne nó glaoch ar (01) 6770014

Foireann
Anna Akhmatova: Fidelma Ní Ghallchobhair
Daniil Kharms: Tadhg Ó Bric
Maria Svetlova: Bríd Ní Ghruagáin
An Léiritheoir: Lionel Mac Cárthaigh

Léiritheoir: Lionel Mac Cárthaigh
Bainisteoir Stáitse: Aoileann Ní Chonchubhair
Cultacha: Gráinne Nic Fhirléinn
Soilse agus Fuaim: Mike Donoghue

Sa bhliain 1941, tá Leningrad faoi léigear ag Arm na Gearmáine. Rúisigh na cathrach cráite ag buamáil, ag fuacht agus ag an ocras. Ina hárasán beag lom, tá an file Anna Akhmatova ag plé le cuairteoir, an t-údar éigiallta Daniil Kharms. Cuireann bean a' tí isteach orthu, bean fhiosrach go mb’fhéidir gur spiaire do na póilíní í. Cíorann an dráma seo an dóigh ina spreagtar scríbhneoirí agus iad i ngleic le saol uafásach. Cabhraíonn an tsamhlaíocht chruthaitheach le duine acu plé leis an saol. Ag an duine eile, is uirlis éalaithe í ón saol céanna.

Scaipigí an scéal le bhur dtoil. Tá sé i gceist an dráma a léiriú ag an Oireachtas i gCill Airne oíche Shathairn 5 Samhain chomh maith.

2013-12-07

Ní Western go Gaoluinn!

Bhí mé san New Theatre aréir do LaraeDó, an éacht is déanaí ó Aisteoirí Bulfin ó pheann Aoidh Uí Domhnaill. Ceoldráma lán grinn a bhaineann casadh ealaíonta as tróip uilig na Western. Tagann an bhfear saonta ón gcathair Buddy (Aodán Ó Ceallaigh) isteach go mbaile san Iarthair fiáin atá faoi smacht ag rainseoir craosach. San salúin atá aicsean ar fad an dráma suite. 

Amharclann sách beag is ea an New Theatre, agus gan cuirtín ar an stáitse. Bhí an amharclann plódaithe agus muid ag dul isteach, agus bhí cuid den gcliar ar an stáitse cheana féin, ag imirt cártaí mar dhea, agus Ger (Tadhg Ó Conchubhair) ag glanadh fuinneog samhlaithe idir stáitse agus pobal. Bhí na gothaí agus an ngeáitsíocht paiteanta acu ar fad. Bhí ceol sa chulra agus bheadh, sílim, Ennio Morricone in éad le cumas feadaíola Bhríd Ní Ghruagáin!

Tá an dráma ag dul ar aghaidh go dtí an Taibhdhearc, mar sin ní mian liom aon rún a sceitheadh faoi na coranna iomadúla a chuireann an scéal de, seachas a rá go bhfuil úsáid chliste bainte ag Aodh as na tróip -  na bundúcs (bundúchasaigh) in adharca leis an GealGhall, ach an dá phobal - agus na Meicsicigh - fite fuaite ina chéile. An posse, an buíon linseála, an Boss mór craosach agus a chuntóir bómánta, na cailíní salúin,  grá, drúis, éad, cearrbhachas, caimiléireacht, an Praeitseálaí cham, ...

De bhrí gurbh daoine ó ar fud na tíre atá ag plé le hAisteoirí Bulfin, bíonn meascán spéisiúil canúintí i gceist - agus baineadh feidhm as na difríochtaí sin go héifeachtach feictear dom, chun cuir le pearsan na carachtair, chun píosa eile grinn a shú as na codarsnachta - agus bhí greann ann, ambaiste. 

Ba mhinic an slua ag gáire go croíúil nuair a leandáil duine ar an stáitse pointe bhreá eile pé acu le gothaí nó le focail chliste. Bhí na hamhráin fite fuaite isteach san aicsean, á bhogadh ar aghaidh (agus is éacht an féin é drong maith amhránaithe a thabhairt le chéile), focail chliste nua curtha ag Aoidh Ó Domhnaill le foinn atá geal le bheith smolchaite ag ró úsáid sna scannáin - ach  beatha nua acu anseo.

Thug na hAisteoirí léiritheoir proifisiúnta isteach chun breis snasa a chuir ar an dtaibhe seo; agus braithim gur thug sin céim eile chun cinn iad.

Ní aisteoirí proifisúnta iad Aisteoirí Bulfin - ach, dar m'fhocal - tá siad gairmiúil!

Cliar an Dráma
Buddy: Aodán Ó Ceallaigh
Mr. Lucas: Mícheál Ó Gruagáin
Padré: Aodh Ó Domhnaill
Mrs. Fitz Aoife Ní Ghlaicín-Riain
Hunk: Gearóid Ó Mordha
Rita: Caoileann Nic Dhonnchadha
Johnny: Lionel Mac Cárthaigh
Buck: Oisín Ó Cualáin
Ger: Tadhg Ó Conchubhair
Betsy: Sinéad Ní Uallacháin
Molly: Niamh Ní Thuama
Maggie: Aoileann Ní Chonchubhair
Léiritheoir: Barry Barnes
Bainisteoir Léirithe: Lelia Ní Chinnéide
Dearadh soilse agus fuaime: Mike Donoghue
Soilse agus Fuaim: Mike Donoghue, Méabh Ní Loingsigh, Colm
Criú Stáitse: Gráinne Nic Fhirléinn
Stiúrthóir Ceoil:Bríd Ní Ghruagáin
Ceol: Con Ó Tuama agus Conor Ó Dochartaigh

2013-10-24

Aisteoirí Bulfin: LaraeDó

Beidh Aisteoirí Bulfin chugainn arís roimh Nollaig chun splanc a bhaint as ardáin i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh leis an seó is déanaí acu, LaraeDó. Dráma ceolmhar grinn é LaraeDó le hAodh Ó Domhnaill. Is é Barry Barnes an léiritheoir. Díoladh iomlán na dticéad don seó Nollag deireanach a léirigh ag Aisteoirí Bulfin, Gur Eile (2011). Moltar, mar sin, ticéad a chur in áirithe go luath!


Suite san Iarthar Fiáin sna 1880-daí atá LaraeDó. Tagann Buddy, fear óg cathrach ón Oirthear, go baile LaraeDó. Tugann sé cuairt ar Fitzies, an salún, agus buaileann sé le muintir na háite – rainséar mór áitiúil, seanmóirí LaraeDó, bean tí an tsalúin, marcaigh, cailíní salúin agus muintir bundúchasach na háite. Fonn troda ar chuid acu. Fonn rómánsaíochta ar chuid eile. Fonn óil, ceoil agus ragairne ar gach éinne …



Seo iad na sonraí:

Ionad 1: The New Theatre, 43 Sráid Essex Thoir, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2
Dátaí: 3, 4, 5, 6 & 7 Nollaig
Am: 7.30 pm
Áirithintí: (01) 670 3361



Ionad 2: An Taibhdhearc, An tSráid Láir, Gaillimh
Dátaí: 14 Nollaig
Am: 8 pm
Áirithintí: (091) 562024



Ticéid:  €15 (mic léinn agus OAP €12)




2011-12-13

Gur arís eile, aguisín

D'fhág mé rud nó dhó ar lár sa mhéid a scríobh mé aréir:
  1. Bhíos ag clamhsán tráth faoi dhrámaí Gaeilge a bheith ar siúl i bprochóga fuara taise mhíchompordacha. N'fheadar an raibh muintir an New Theatre ag éisteacht liom; táim measartha cinnte go bhfuil foireann nua suíocháin aimsithe acu ó bhí mé ann cheana. Pe scéal é, bhí an amharclann teolaí agus na suíocháin compordach. Agus ....
  2. Bhí an teach lán!
  3. An dearadh stáitse. Mar a luaigh Néidí, ní raibh i gceist ach dhá bhosca. Agus soilse mar chúlbhrat. Baineadh feidhm thar a bheith éifeachtach astu; bogadh na boscaí thart mar chuid den dráma chun an suíomh a réiteach don gcéad mhír eile, ar dhóigh a bhí go hiomlán nádúrtha. Baineadh feidhm cliste as solas agus scáil chun an cúlra a chuir in iúl. Agus d'oibrigh na haisteoirí leis an spás a chruthaíodh idir agus thart ar na boscaí go héifeachtach.
  4. An ceol - méarchlár agus fuaimrian. Den scoth. Maestro, lean ort!

2011-12-12

Gur arís eile

Bhí buaic eile i mo sheachtain drámaíochta oíche Satharn nuair a d'fhreastail mé ar an oíche deiridh de Gur Eile, an gheamaireacht a scríobh Aodh Ó Domhnaill do Aisteoirí Bulfin.
Baineann coinbhinsiúin drámaíochta le geamaireacht, agus tá siad go léir anseo - an deamhain, an buime sí, ceol, an laoch soineanta, an lucht féachana ag tacú le pearsa ar stáitse - ach baintear casadh as gach ceann acu chun súil grinn lán aoir a chaitheamh ar shaol na hÉireann san ré dhearóil iar-tíograch seo, agus muid bronnta ar maorlathaigh ón gcoigríoch ag mí-éifeacht ár rialtais fhéin agus buile na bainc.
Is amaitéaraigh sa chiall is dearfaí iad Aisteoirí Bulfin; ainneoin gur go páirtaimseartha agus gan íocaíocht a  shaothraínn siad an drámaíocht, léiríonn siad a ngrá dó san dóigh gairmiúil a chuireann siad chuige.
Chuaigh siad i gcomhair leis an léiritheoir Barry Barnes an babhta seo chun cabhrú leo beatha dhraíochtúil a thabhairt do fhocail Aoidh, focail atá bunaithe ar shúil ghrinn ar chúrsaí reatha agus cluas ghéar don fhocail cuí agus don imeartas focail.
Cnámha an scéil; cloistear do phéirí Goraille i sléibhte Uganda, atá bailithe de bheith ag déanamh feic saolta díbh fhéin do fhámairí Gearmánacha agus Seapánacha, go bhfuil obair le fáil in Éireann, agus fáilte roimh chách cuma dubh ban nó riabhach. Bhí an t-eolas rud beag as dáta, áfach, agus nuair a thagann siad anseo súitear isteach iad in imeachtaí an IMF agus na Roinne Airgeadais, agus an cos ar bholg atá á imirt acu ar an gcosmhuintir. Cuirtear corr eile sa scéal nuair a thagann Eilís de Bhindsor abhus at chuairt incognito; agus bíonn sí san iomaíocht le Mamaí na Málaí, iar shaighdiúir na cinniúna atá  cliseadh néaróige tar éis tarlú di, d'uachtaránacht na tíre. Puipéid - mar a léirítear dúinn atá sa Dáil - atá dhíth ó na maorlathaigh, ach ní sin go baileach a fhaigheann siad. Is deacair a cheart i mblagmhír a thabhairt do chorr in aghaidh an caim na scéalta ar fad a reictear sa dráma, iad treisithe ag ceol na Milseáin - focail glice nua curtha le sean fhoinn.
Is fearr mar sin blaiseadh a thabhairt daoibh den amhrán a chuir siad an slua ag canadh (le Fonn 'We're on the one road')
Éinne le vóta, bailigh do rópa
Ardaigh tóirse romhat sa tslí,
Táimid ar buile! Cuirimís tine
Le hAngla-Éireann is A-I-B!
Caimiléaraigh is lucht baincéir'
Iad crochta ós na lampaí, 'luascadh
thuas san aer
Turam mo rópa! Turam mo ghad!
Crochaim an Geaing ar fad!!
Bhí sé rud beag aisteach teacht as dráma spleodrach lán aoir go dtí an fíor saol dearóil - dream Occupy Dame Street thart ar bhun an Banc Ceannais - áit a raibh Aodh fostaithe tráth - lucht iarrtha deirce fairsing, ag sá a cupáin folmha páipéir i'd aghaidh; lucht gan dídean ga socrú síos don oíche....

Idéalaí maslaithe is ea an aorthóir. Is mian leis an Saol a bheith Maith; tá sé Olc, agus anois tugann sé fogha faoin Olc. Tucholsky

Aor spleodrach lán greann dóite curtha inár láthair arís ag Aisteoirí Bulfin. Treise leo! 

2011-11-12

Gur Eile


TheNew Theatre, Barra an Teampaill – 8pm, 7 – 10 Nollaig, 2011.
Seo chugaibh geamaireacht nua (18+) ó Aisteoirí Bulfin.
Script le hAodh Ó Domhnaill, arna léiriú ag Barry Barnes.
Tagann beirt ghoraille (Gur & Gur Eile) ó Uganda go hÉirinn ar thóir oibre. Níl rompu ach tír dhearóil faoi ghéar-smacht ag an IMF. Cén toradh a bheidh ar thoghchán don Uachtaránacht, nuair atá Banríon Shasana sa chomórtas?
Cinnte, beidh ceol, greann agus rí-rá craiceáilte!

ÁIRITHINT:      Fón: 01-6703361.   Ar-líne:  www.thenewtheatre.com

2010-12-16

Amas chruinn idir an dá shúil

D'fhreastail mé ar dhráma nua Aoidh Uí Dhomhnaill aréir. Bhí sé thar barr.
 Scéal lánúine spreagtha ag, seachas bunaithe ar, scéal Sharon Collins ("Lying eyes"). Tragóid mar a thuigfeadh na Gréagaigh é - dán cruálach na díse ag eascairt as a bpearsantachtaí féin. Cliar de chúigear a bhí ann, faoi stiúir Lara Ní Chathmhaoil. Thart ar uair go leith ar stáitse le dearadh thar a bheith simplí ach éifeachtach. (Dara McGee) - balla gloine ar baineadh feidhm as chun cuid de ghníomhaíocht a léiriú mar taibhiú scáile. Baineadh úsáid as an chliar chun feisteas an stáitse a athrú - ar bhealach a raibh cóiréagrafaíocht ag baint leis chun gnéithe den dráma a léiriú. Ghluais an dráma siar is aniar san am - ag léiriú diaidh ar ndiaidh an  gad a bhí ag druidim le scornach an banlaoich. (Siobhán O'Kelly). D'fheidhmigh an dara bhean (Maighréad Ní Chonghaile) mar a bheadh cór gréagach  inti - ag léiriú, ag cuir doimhne leis an scéal, ag baint eolas as an mbanlaoch. B'é Séamus Moran a bhí i bpáirt an leannáin; agus thug sé léiriú phaiteanta ar idir geal agus dorcha an phearsa sin. Bhíos thar a bheith tógtha le haisteoireacht Bhrendan Murray - a raibh air dlíodóirí éagsúla agus póilíní a chuir inár láthair agus a rinne é sin ar bhealach chomh héifeachtach - athrú beag ar a ghruaig agus a ghnúis, agus nocht pearsa eile. B'é John Burke a bhí i bpáirt an fheallmharfóra - nó arbh ea? 

Bhí na haisteoirí ag léiriú an scéil le corp agus guth; agus ag baint gach úsáid as an stáitse, an fhuaim agus an solas.


Tá leisce orm mórán den scéal a scaoileadh libh - nod libh go bhfuil deis agaibh an léiriú gairmiúil seo (i ngach chiall) a fheiceáil idir seo agus an Satharn! Tapaígí an deis, má tá sibh abhus in aon chor! Maidir liomsa, beidh súil in airde agam don gcéad gníomh eile ag TíAitreo.

2010-12-02

Dráma eile le Aodh Ó Dómhnaill

Seo an cur síos atá ag an Amharclann air:
Dhéanfadh Nuala Barrett rud ar bith dá fear. ‘Sé Donie bun agus barr a saol, agus cheap Nuala nach mbeadh teora leis an méid go ndéanfadh sí is go dtabharfadh sí dó. Ach tá a dteora féin ag cách, mar a thuigfidh Nuala go luath. Instear scéal a ngrá is a tharla dó tré spléachtaí siar is ar aghaidh, agus tríd na hargóintí a bhíonn ag Nuala le Fionnuala, agus an bheirt bhan ag iarraidh teacht ar an fhírinne. Scéal sleamhan, slíoctha is ea Idir an Dá Shúil a leanann rian an fhíor-shaoil agus nithe a tharla in Éirinn ní ró-fhada ó shin agus an Tíogar Ceilteach fós beo, ach é ag lagú.

Breis eolais ó Amharclann na Mainistreach.

2010-10-25

Na Leabhra

Aodh Ó Domhnaill, údar. Le caoinchead Phóló
D'fhreastail mé ar dhráma iontach (eile) de chuid Aisteoirí Bulfin de Satharn - Na Leabhra, le Aodh Ó Domhnaill. Dráma aon ghníomh atá ann: beirt sean scoláire agus bean - feidhmeannach - ar an stáitse le linn an ama. Tá na fir in ainm is a bheith ag cur leabhair de ghlan mheabhair, agus an bean ag cruinniú na leabhar le tabhairt chun siúl. Micheál Ó Grugáin agus Tadhg Ó Conchubhair a bhí i bpáirteanna na sean scoláirí Máirtín agus Séamus - agus an ról a bhfuil cleachtadh acu air sílim, á imirt acu - Máirtín beagán níos dáiríre, agus Séamas rud beag saonta - simplí fiú. Ní raibh sé - b'fhéidir d'aon ghnó - soiléir cé mhéad eolas ar cad a bhí ag dul ar aghaidh dáiríre a bhí ag an tríú pearsa Nóirín (Sinéad Ní Uallacháin), ná go deimhin an raibh fíor iarracht ar bun an léann a tharrtháil lena cabhair. Léirítear dúinn i diaidh ar ndiaidh tríd an chaint go bhfuil Rialtas tíoránta ag bogadh daoine soir de shíor, ag cruinniú gach leabhar, agus cosc curtha ar an idirlíon, ar na fóin, ar...
Dearadh stáitse simplí, ach éifeachtach a bhí ann. Leabhragán (beagnach folamh), bord, dhá chathaoir. Barra agus boscaí, a líon Nóirín le leabhair fad is a bhí an beirt eile ag sáraíocht - agus  lena linn dár  tabhairt ar sciuird trí litríocht na Gaeilge.
Tá macallaí láidir de Fahrenheit 451 agus den Uileloscadh ann.
Bhí mé an tógtha le haisteoireacht Shinéad - ní  raibh an oiread sin le rá aici - bhí mór chuid de chaint an dráma tógtha suas le sleachta as na "dea-leabhair" a bhí dá gcuir de ghlanmheabhair ag an dís, agus le sáraíocht eatarthu. Ach ba uirthi go príomha a bhráth an mothúcháin a spreagadh sa lucht féachana go raibh rud éigin dáiríre as alt; go raibh uafás á léiriú dúinn. Rud a rinne sí le geáitsíocht chuí agus aghaidh a labhair gan focail. Aici a fágtar an stáitse nuair atá an tubaiste deiridh tarlaithe.

Mar a deirim, dráma aon ghníomh a bhí ann: rinneadh oíche iomlán as tríd "Siamsa na leabhair" a chuir leis. Cheol Aoileann Ní Chonchubhair go binn mairgne Thomáis Rua Uí Shuilleabháin dá leabharlann a chuaigh go grinneall na mara: Amhrán na Leabhar. Bhí reacaireacht againn ansin,leaganacha Nua-Ghaeilge de Éigse na nGael, ó Rosc Aimheirgin go amhráin Colm de Bhailís, agus anuas go dtí an lae inniu. Reacaireacht atá dlite d'fhilíocht, agus rinne Fidelma Ní Ghallchobhair, Aoife Ní Ghlaicín-Riain agus Oisín Ó Cualáin an dliteanas sin a chomhlíonadh go paiteanta. Thaitin an leagan a rinne siad triúir den Seanduine Cam go mór liom (cé go raibh samhlaíocht de dhíth chun seanduine cam a fheiceáil in Oisín, bhí cuma an mnaoi óg míshásta go cruinn ag Aoife!). Sa bhreis ar sin fuair muid sleachta fada fileata den chaint a chan fear déirce agus é ag iarraidh grá dé a mhealladh ó bhean feirme ó Tadhg Ó Bric - agus ansan a racht nuair a ceileadh an duais air! Chan Aodh aor dá dhéantús féin ar Enda Kenny dúinn, le tacaíocht fonnmhar an lucht féachana, Chuir an píobaire James Mahon clabhsúr ar an oíche le cóiriú ar roinnt foinn mhall agus máirseáil.

Oíche thaitneamhach don trí glúin againn a bhí ann - bhíos i bhfochair mo mhuintir agus mo mhac is sine. Is gnách mé ag clamhsán go mbíonn drámaíocht na Gaeilge á chuir ar fáil i bprochóga fuara taise: ach tá feabhas tagtha, feictear dom , ar an New Theatre: Bhíos ar mo chompord ann.