- Bhíos ag clamhsán tráth faoi dhrámaí Gaeilge a bheith ar siúl i bprochóga fuara taise mhíchompordacha. N'fheadar an raibh muintir an New Theatre ag éisteacht liom; táim measartha cinnte go bhfuil foireann nua suíocháin aimsithe acu ó bhí mé ann cheana. Pe scéal é, bhí an amharclann teolaí agus na suíocháin compordach. Agus ....
- Bhí an teach lán!
- An dearadh stáitse. Mar a luaigh Néidí, ní raibh i gceist ach dhá bhosca. Agus soilse mar chúlbhrat. Baineadh feidhm thar a bheith éifeachtach astu; bogadh na boscaí thart mar chuid den dráma chun an suíomh a réiteach don gcéad mhír eile, ar dhóigh a bhí go hiomlán nádúrtha. Baineadh feidhm cliste as solas agus scáil chun an cúlra a chuir in iúl. Agus d'oibrigh na haisteoirí leis an spás a chruthaíodh idir agus thart ar na boscaí go héifeachtach.
- An ceol - méarchlár agus fuaimrian. Den scoth. Maestro, lean ort!
Posts mit dem Label geamaireacht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label geamaireacht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
2011-12-13
Gur arís eile, aguisín
D'fhág mé rud nó dhó ar lár sa mhéid a scríobh mé aréir:
Clibeanna
aisteoirí bulfin,
aodh ó domhnaill,
drámaíocht,
gaeilge,
geamaireacht
2011-11-12
Gur Eile
TheNew Theatre, Barra an Teampaill – 8pm, 7 – 10 Nollaig, 2011.
Seo chugaibh geamaireacht nua (18+) ó Aisteoirí Bulfin.
Script le hAodh Ó Domhnaill, arna léiriú ag Barry Barnes.
Tagann beirt ghoraille (Gur & Gur Eile) ó Uganda go hÉirinn ar thóir oibre. Níl rompu ach tír dhearóil faoi ghéar-smacht ag an IMF. Cén toradh a bheidh ar thoghchán don Uachtaránacht, nuair atá Banríon Shasana sa chomórtas?
Cinnte, beidh ceol, greann agus rí-rá craiceáilte!
ÁIRITHINT: Fón: 01-6703361. Ar-líne: www.thenewtheatre.com
Clibeanna
aisteoirí bulfin,
aodh ó domhnaill,
gaeilge,
geamaireacht
Abonnieren
Posts (Atom)
