Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-12-07

Ní Western go Gaoluinn!

Bhí mé san New Theatre aréir do LaraeDó, an éacht is déanaí ó Aisteoirí Bulfin ó pheann Aoidh Uí Domhnaill. Ceoldráma lán grinn a bhaineann casadh ealaíonta as tróip uilig na Western. Tagann an bhfear saonta ón gcathair Buddy (Aodán Ó Ceallaigh) isteach go mbaile san Iarthair fiáin atá faoi smacht ag rainseoir craosach. San salúin atá aicsean ar fad an dráma suite. 

Amharclann sách beag is ea an New Theatre, agus gan cuirtín ar an stáitse. Bhí an amharclann plódaithe agus muid ag dul isteach, agus bhí cuid den gcliar ar an stáitse cheana féin, ag imirt cártaí mar dhea, agus Ger (Tadhg Ó Conchubhair) ag glanadh fuinneog samhlaithe idir stáitse agus pobal. Bhí na gothaí agus an ngeáitsíocht paiteanta acu ar fad. Bhí ceol sa chulra agus bheadh, sílim, Ennio Morricone in éad le cumas feadaíola Bhríd Ní Ghruagáin!

Tá an dráma ag dul ar aghaidh go dtí an Taibhdhearc, mar sin ní mian liom aon rún a sceitheadh faoi na coranna iomadúla a chuireann an scéal de, seachas a rá go bhfuil úsáid chliste bainte ag Aodh as na tróip -  na bundúcs (bundúchasaigh) in adharca leis an GealGhall, ach an dá phobal - agus na Meicsicigh - fite fuaite ina chéile. An posse, an buíon linseála, an Boss mór craosach agus a chuntóir bómánta, na cailíní salúin,  grá, drúis, éad, cearrbhachas, caimiléireacht, an Praeitseálaí cham, ...

De bhrí gurbh daoine ó ar fud na tíre atá ag plé le hAisteoirí Bulfin, bíonn meascán spéisiúil canúintí i gceist - agus baineadh feidhm as na difríochtaí sin go héifeachtach feictear dom, chun cuir le pearsan na carachtair, chun píosa eile grinn a shú as na codarsnachta - agus bhí greann ann, ambaiste. 

Ba mhinic an slua ag gáire go croíúil nuair a leandáil duine ar an stáitse pointe bhreá eile pé acu le gothaí nó le focail chliste. Bhí na hamhráin fite fuaite isteach san aicsean, á bhogadh ar aghaidh (agus is éacht an féin é drong maith amhránaithe a thabhairt le chéile), focail chliste nua curtha ag Aoidh Ó Domhnaill le foinn atá geal le bheith smolchaite ag ró úsáid sna scannáin - ach  beatha nua acu anseo.

Thug na hAisteoirí léiritheoir proifisiúnta isteach chun breis snasa a chuir ar an dtaibhe seo; agus braithim gur thug sin céim eile chun cinn iad.

Ní aisteoirí proifisúnta iad Aisteoirí Bulfin - ach, dar m'fhocal - tá siad gairmiúil!

Cliar an Dráma
Buddy: Aodán Ó Ceallaigh
Mr. Lucas: Mícheál Ó Gruagáin
Padré: Aodh Ó Domhnaill
Mrs. Fitz Aoife Ní Ghlaicín-Riain
Hunk: Gearóid Ó Mordha
Rita: Caoileann Nic Dhonnchadha
Johnny: Lionel Mac Cárthaigh
Buck: Oisín Ó Cualáin
Ger: Tadhg Ó Conchubhair
Betsy: Sinéad Ní Uallacháin
Molly: Niamh Ní Thuama
Maggie: Aoileann Ní Chonchubhair
Léiritheoir: Barry Barnes
Bainisteoir Léirithe: Lelia Ní Chinnéide
Dearadh soilse agus fuaime: Mike Donoghue
Soilse agus Fuaim: Mike Donoghue, Méabh Ní Loingsigh, Colm
Criú Stáitse: Gráinne Nic Fhirléinn
Stiúrthóir Ceoil:Bríd Ní Ghruagáin
Ceol: Con Ó Tuama agus Conor Ó Dochartaigh