Ciarán Ó Nualláin |
Agus mé san Pavilion ag ócáid de chuid IMRAM tháinig mé ar chóip d'Amaidí (1983) ar seilf ina bhfuil daoine ceaptha leabhar a fhágáil in aghaidh an leabhar a tógtar. Beidh orm filleadh uair éigin agus leorghníomh a dhéanamh - ní raibh leabhar liom.
Bhí cóip d'eagrán 1951 agam cheana a phioc mé suas i siopa dara láimh uair éigin, ach sa mhullach ar an gcóip sin a bheith ag titim as a chéile, tá a dhá oiread ábhar sa chóip seo.
Tá sé lán de shamhlaíocht greannmhar searbhasach, aistí a foilsíodh in Inniu tráth den saol.
Is eagal liom a rá gurbh mise an chéad duine a léigh an chóip áirithe seo - bhí cuid den na leathanaigh fós gan gearradh! Neamhaird ar an leabhar, mar a bhí cuid mór ar an údar de bhrí gur chaith sé a chuid dua ar fad leis an nuachtán Inniu.
Is mór an trua sin mar is léir ó na haistí seo an mianach grinn agus samhlaíochta a bhí aige. (Cuireann líníochtaí Karl Uhlemann leis an spraoi)
Tá na smaointe aige faoi gluaisteáin a thiocfadh meisce ar ar chomhchéim lena thiománaí, abair, nó an seirbhís Misneoirí Liteartha le cuidiú le húdair Gaeilge thar cinn ar fad. Agus déanann sé spior spear in altanna eile de bhrilléis agus bréag-ghalántacht sna nuachtáin - píosa mós greannmhar faoi cúir Bhanríon Eilís agus a fear ar an Nigéir ina measc. (N'fheadar cad a bheadh scríofa aige faoin íoladhradh a déanadh agus í abhus)
Más féidir leat do lámh a leagan ar chóip, déan - bainfidh tú sult as!
Is mór an trua nach bhfuil cartlann Inniu ar líne - go deimhin níor éirigh liom teacht ar mórán eolas faoi ar líne. Ní dóigh liom gur léigh mé féin riamh é.