05 December 2010

Féitheoga an eolais

Rud eile a léiríonn scéal Wikileaks, mar a rianaíonn Nicholas Carr san alt seo, ná na cumhachtaí atá san idirlíon.

Rinne EveryDNS an t-ainm wikileaks a bhaint as an liosta a bhainistíonn siad: rud a d'fhág an suíomh gan teacht air seachas dóibh siúd a riabh seoladh IP an ríomhaire ar eolas acu. Bhain Amazon de na freastalaithe iad; agus tá PayPal ag diúltú airgead a bhailiú dóibh níos mó.

Ainmhí aisteach is ea an idirlíon; forbartha ar dtúis le hairgead ó Roinn Cosanta SAM, agus in Ollscoileanna mór le rá; ach anois, mar a léiríonn an méid thuas, i seilbh an iliomad comhluchtaí tráchtála - agus mar sin féin le íomhá agus tuiscint geal le bheith ainrialach i measc na n-úsáideoirí, agus ó thaobh na bogearraí saora a chuireann an chuid is mó dá chumas ar fáil.

Mar sin féin, ...

3 comments:

coc said...

Cad is fiú an ainm a bhaint ón gcóras DNS nuair is féidir gúgláil a dhéanamh ar 'wikileaks' agus an seoladh IP a fheiscint gan stró?

Nach feidhmníonn Google féin mar saghas meta-DNS ar aon nós? Ní gá smaoineamh ar URLanna a thuilleadh mar tá Google ann.

An chéad céim eile is dócha ná go gcuirfidh Google féin cosc ar thorthaí don lorg 'wikileaks' féin. Fáilte chuig an tSín.

aonghus said...

Níl mé cinnte, ach sílim gur féidir le DNS an suíomh a scaipeadh thar níos mó ná freastalaí amháin agus an ualach a roinnt dá réir. (Agus ní gach duine a smaoineoidh ar an gcúl doras pé scéal é)

coc said...

Ní dóigh liom go raibh mé riamh ar an suíomh sin go dtí go bhfacthas an post seo, Nach sin mar a bhíonn. Níl aon slí níos fearr chun suim a chothú i rud ná cosc a chur air.