01 September 2011

Parabal an toirisc

Fear ag gearradh lomáin. Toireasc maol. Obair mhall. Allas, strus, brú. Cuirtear air an cheist: tuige nach gcuireann tú faobhar an an toireasc? Freagraíonn sé: Níl an t-am agam. Caithfidh mé na lomáin a ghearradh go pras! An té a bhfuil cluasa air, ...

5 comments:

Dennis King said...

Is focail ársa iad “lomán” agus “toireasc” ar chuir Cormac suim iontu thiar sa naoú haois. Caithfidh mé na hiontrálacha sin a thabhairt duit.

aonghus said...

Mar "treasc" a deirimse é, ach níl sin san foclóir beag.

Dennis King said...

Blas na Mumhan? An deir tú “boladh” mar “bla” agus “salach” mar “slach”?

aonghus said...

Uaireanta! Ó tharla na focail eile sin a bheith coitianta, tá mo bhlas tagtha faoi anáil blais eile.

Fearn said...

Is gaoismhar an scéal agatsa, a Aonghus. Mar a dúirt an té a dúirt "Coinnigh do bhéal ghearrtha glan!"