17 November 2011

Port an stocaire seinnte



Cearnóg cuanna lár Eorpach. Eaglaisí. Halla margadh, áirsí galánta, siopaí ardnósacha in áit na gceannaithe síoda & ola. Fámaire ag fálróid. Gearrann fuaim stoic tríd an fothram. Port mheanmnach. Stop tobann. Tuige? Ar ball, foghlaimíonn sé. Ar an nóta sin a stop saighead namhaid an stocaire, fadó.

8 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

an-deas. Ach cé a scaoil an saighead agus an bhfuil an naimhdeas beo inniu? c'mon, a aonghuis...an scéal!

aonghus said...

Sháródh sin an teorann 300 carachtar. Tá nod san físeáin, agus an freagra ar fail go forleathan ar líne. (& is dócha gur finscéal atá ann, pé scéal é)

Réaltán Ní Leannáin said...

is iad na finscéalta is fearr, ar ndóigh.

Frank said...

Iomai la caite agam i gCearnog an Mhargaidh i Krakow, ag eisteacht leis an ceoltoir ceanna. Ni bhiodh aon siopai galanta ann na laethanta sin. Dearfainn gurbh fhusa an stair a thuiscint gan soilse oll-mhargai ag cur isteach ort.

aonghus said...

Ní na hollmhargaí a bhí i gceist agam más ann anois dóibh,. Sna luath 1990í a bhí mé féin ann. Na gaistí turasóra sna háirsí a bhí i gceist agam.

ormondo said...

Agus cathain a tharla an eachtra siúd leis an saighead?

aonghus said...

Fágtar fuascailt na ceiste san faoin léitheoir fiosrach!

Anonymous said...

Chuaigh mé sa tóir ar an scéal agus seo an scéal a d'aimsigh mé
( Tá do leagan i bhfad níos galánta !!!)

De réir Wikipedia, is eaglais mhór thabhachtach í an Eaglais Naomh Mhuire (Kościół Mariacki sa Pholonias ) atá súite in aice leis an príomh cearnóg siopadóiraeachta i Kraków, sa Pholainn.
Ar bhuille na huaire, seineann stocaire port, darbh ainm an Hejnał mariacki ó bharr an túir is airde de dhá túr atá mar chuid den eaglais. Stopann an stocaire i lár an phoirt, mar chomóradh ar an stocaire cailiúil ón 13ú haois déag, a scaoileadh le saighead sa scornach agus é ag tabhairt rabhadh don chósmhuintir roimh ionsaí na Mongólaigh ar an gcathair.
Gach lá, ar meanlae, craoltar beo an hejnał ar an staisiún raidio naisiúnta 1.