Bhí sé d'ádh orm freastal ar dhá ócáid le Alan Titley ar na mallaibh. Mar chuid d'fhéile IMRAM, chuir Michael Cronin faoi agallamh phoiblí é. Agus ar an 26ú DF thug sé leacht mar chuid de chomóradh céid an Timire ar ról na nÍosánach - cuid acu pé scéal é - i léann agus go háirithe foclóireacht na Gaeilge. Dhá ócáid spleodrach. Agus Éamonn Ó hÓgáin á chuir i láthair dé Céadaoin seo chaite luaigh sé 'binb bhlasta' leis; earra atá aige cinnte, maraon le faobhar intinne, flosc focail agus féith fíochmhar grinn.
Ba dhá ócáid spleodrach iad dá réir, é ag líonadh an seomra lena chuid fuinneamh. B'é an rud is mó a d'fhán i m'aigne ón agallamh ná a chol le teoiricí - é den tuairim go bhfuil áit ann dóibh ach gur minic gur tríd priosma na teoirice a fheiceann lucht teoirice an uile ní, agus go mbíonn siad dall ar aon rud lasmuigh den réimse cúng sin. Leag sé béim ar thábhacht na daonnachtaí agus chaoin an neamhaird a feictear dó a dhéanann na damh teicniúla iontu. Is féidir go bhfuil an ceart aige maidir le lucht ollscoile; ach sílim meas a bheith ar na daonnachtaí ag lucht teicniúil san fíor saol. Is le lucht áireamh pónairí, a thuigeann costas ach ní luach, atá an fíor fhadhb, dar liomsa.
Is deacair a cheart a thabhairt don agallamh i mblagmhír, go háirithe geal le coicís ó tugadh é ach bhís cruógach go dtí seo! Sa mhullach ar sin, beidh an agallamh le clos (& á phodchraoladh tá súil agam) ar RnaG amach anseo - bhí Cathal Póirtéir ann á thaifead.
Níl fhios agam an mbeidh teacht i bhfoinsí eile ar an léacht a thug sé. Is iad na hÍosánaigh gan amhras a fhoilsíonn an Timire agus bhí sé ag trácht ar triúir den gcomplacht sin a shaothraigh gort an Ghaeilge agus na foclóireachta ach go háirithe. Pádraig Ó Duinnín, gan amhras - ach beirt eile nach gcloistear ar oiread sin fúthu: Eoin Mac Fhir Léinn agus Láimhbheartach Mac Cionnaith.
Arís, is deacair an chaint a cheapadh i bhfocail anseo, go háirithe ó theip orm é dhéanamh agus é úr te bruite i'm aigne. Ach má leanann sibh na naisc úd, gheobhaidh sibh na sonraí a chnuasaigh Máire Ní Murchú agus Diarmuid Breathnach agus atá anois ar fáil ar ainm.ie