Ernst Barlach, An tAmhrasán. Cóipcheart Deutsche Fotothek |
Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.”Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:
(Mth 1:18-22)
Mar seo a shamhlaigh Rainer Maria Rilke é: (As Argwohn Josephs/Droch amhras Seosaimh)
Er begriff. Und wie er jetzt die Blicke,Agus is mar seo a chuir Valentin Iremonger Gaeilge ar an sliocht thuas.
recht erschrocken, zu dem Engel hob,
war der fort. Da schob er langsam seine dicke
Mütze langsam ab. Und sang Lob.
Do thuig. Agus anois ar ardú dhó
a dhearcain fíor-imeaglaitheach don aingeal
d'imigh siúd. Do bhain sé de a chábóg
go righin mall. Ansan do chan, do mhol.
(Canadh Orféis: Tionscadal Rilke a spreag mé le Beatha Mhuire/Das Marienleben a cheannach. Is fiú é).