03 February 2013

Feallscéal Gaelsceál: an bhfuil stráitéis ag an bhForas?

Is cosúil go bhfuil Foras na Gaeilge le deireadh roimh ama a chuir le conradh eile chun nuachtán i nGaeilge a chuir ar fáil. Cuireadh deireadh leis an conradh le Lá Nua toisc gur theastaigh uaithi siúd bheith ar líne amháin; ní raibh siad in ann teacht ar shocrú le Foinse; dream atá tar éis iad féin a athnuachan agus díriú ar mhargadh na foghlaimeoirí Gaeilge mar forlíonadh leis an Independent. 

Anois, is cosúil go bhfuiltear le deireadh a chuir le Gaelscéal.

Tá sé ráite i litir a fuair stiúrthóirí Thorann na dTonn go raibh bord an Fhorais den tuairim “go bhfuil treochtaí phobal léitheoireachta na Gaeilge ag imeacht go suntasach ó fhormaid na meáin clóite agus tá pleananna á gcur le chéile ag Foras na Gaeilge le freastal a dhéanamh ar na riachtanais seo.”
(Mar is iondúil, níl faic ar shuíomh an Forais faoi seo).
Níl mórán ráite le tamall agam faoi Ghaelscéal; is amhlaidh go raibh mé éirithe as é a cheannach le tamaill maith anois. Ní raibh mé den tuairim gurbh fiú an tairbhe an trioblóid a bhain lena aimsiú, agus níor oir an Céadaoin dom pé scéal é.

Thaitin Foinse liom; bhí téagar ag baint leis agus bhí taithí cnuasaithe acu thar na blianta. Bhíodh leithéidí Seosamh Ó Cuaig, Breandán 'ac Gearailt agus Joe Steve Ó Neachtain ag scríobh dóibh, daoine le scoth na Gaeilge agus rud le rá acu freisin.   Bhíodh leithéidí Alex Hijmans ag scríobh dóibh freisin. Bhíodh forlíonadh fiúntach litríochta acu.

Thaitin Lá (Nua) liom freisin, cé gur fhág an gá nuachtán laethúil a chuir amach ar bheagán acmhainní nach raibh an téagar céanna san táirge, agus thuig mé don dream a shíl go raibh an nuachtán ró dhírithe ar an bpobal as ar tháinig sé. Ach bhí forlíonadh fiúntach litríochta ann ar an Céadaoin; thaitin altanna Philip Cummings liom (rinneadh leabhar astu ó shin)

Gairm is ea iriseoireacht; gairm is ea nuachtán a chuir amach. Is gá gairm a chleachtadh, taithí a chnuasach. Ní leor oiliúint ollscoile; is gá foghlaim ó cheardaithe sa ghairm. Is gá teagmháil a nascadh le daoine chun teacht ar scéalta. Is gá pobal léitheoireacht a thógáil agus a chothú; braitheann sin ar muinín.

Pobal scaipthe pobal na Gaeilge; agus pobal ilghnéitheach. Fágann sin dúshláin ar leith le cur ar fáil nuachtán i nGaeilge. Aitheantas nach féidir é dhéanamh ar bhonn tráchtála is ea deontas a bheith ar fáil ón Stáit.

Ach ní léir dom aon straitéis fadtéarmach a bheith ag Foras na Gaeilge chun idir iriseoirí agus pobal léitheoireachta a chothú do nuachtán Gaeilge. Tá rud éigin aisteach faoi dhream a bheith de shíor ag briseadh conarthaí roimh am, agus ag athrú treo go minic.

An bhfuil aon bunús taighde leis na cinntí seo? An bhfuil fhios againn cén sprioc atá ann? An bhfuil muid ag sleamhnú ó racán go racán gan dul chun cinn dá laghad? An bhfuil dream ar bith a bhíonn ag plé leis an Foras sásta go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ina réimse siúd?

Maraon le straitéis 20 Bliain na Gaeilge ní léir dom Straitéis a bheith leis an méid atá ar bun ag an Foras, agus faraor seo sampla eile. Cuirfear deireadh le Gaelscéal, beidh idir ré eile gan nuachtán ann, rachaidh níos mó daoine as cleachtadh nuachtán i nGaeilge a úsáid, agus beidh an pobal léitheoireachta do pé thogra a thagann in áit Gaelscéal níos tanaí fós.

Scaipfear taithí; caillfear comhbhá; ídeofar muinín.
Luach ár airgid? N'fheadar.

5 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

aontaím leat mar gheall ar an Fhoras. Tá rud éigin bunoscionn sa dóigh ina ndearnadh an cinneadh seo. Aontaím leat chomh maith mar gheall ar an nuachtán mar phíosa páipéir a cheannach - ach ar fáth éagsúil, b'fhéidir. Léigh mé an méid de a bhí uaim ar an idirlíon, agus ní fhaca mé fáth leis an nuachtán a chuartú i siopaí - ach is mar sin a léim mo chuid nuachta uilig ar an aimsir seo - ar líne. Creidim gur ansin atá an botún déanta leis an chinneadh seo - bhí guthanna eile curtha ar fáil dúinn, tuairimí eile, scéalta eile, áiseanna eile - agus creidim gurbh fhearr iad a choinneáil ansin ar líne. Chan iad a mhúchadh ar fad.

aonghus said...

Sílim féin go bhfuil gá leis an dá rud - go bhfuil tábhacht fós le earra ar féidir cur sna siopaí (agus sna seomraí feithimh!)

Ní fheiceann aoinne muid ag léamh ar líne, seachas má scaipeann muid na scéalta, rud a bhí doiligh a dhéanamh leis an leagan amach a bhí ann faoi láthair, cé go bhfuil roinnt athraithe tagtha ar sin ó shin feictear dom.

multilingual said...

Sin "Straitéis 20 Nóiméad" agat!

gasuirlegaeilge said...

Deireadh a chur le _Foinse_, ba shin é an droch-chinneadh ceart--bhí lucht léite ag an nuachtán sin agus bhí an nuachtán tar éis cáil áirithe a bhaint amach. Feictear domsa nach dtuigeann an Foras tábhacht na brandála.

Vincent Morley said...

Tá an phraiseach ar fud na mias ag Foras na Gaeilge arís! Deich mbliana ó shin bhí dhá nuachtán mhaithe againn. Má chuir 'Lá' lamh ina bhás féin, ba é an Foras a dhúnmharaigh 'Foinse'. Ní raibh an téagar céanna in 'Gaelscéal' riamh ach caithfear a rá go raibh feabhas le brath air le tamall anuas.

De réir an ráitis a d'eisigh an Foras, teastaíonn uathu go mbeadh 'seirbhís nuachta in-léite' le fáil i nGaeilge. Caithfidh gurb é 'soleite' an focal a bhí ar intinn acu mar ní mhairfeadh seirbhís nuachta rófhada dá mbeadh sé doléite. Ach cuireann an meon sin imní orm: níl míreanna beaga éadroma ag teastáil ó léitheoirí na Gaeilge - ach ábhar tathagach a bhfuil fiúntas ag baint leis. Níl aon duine ann ar na saolta seo atá sásta truflais a léamh ar son na cúise.

Más ag iarraidh airgead a shabháil atáthar, ba mhaith an smaoineamh é deireadh a chur le "Saol" ...